skip to main content

Gáidhlic á cheiliúradh ag Féile na Gealaí #9 i Ráth Chairn i mbliana

Grooveline ag Féile na Gealaí anuraidh. [Pic: Claire Loughran]
Grooveline ag Féile na Gealaí anuraidh. [Pic: Claire Loughran]

Ag súil le cuairteoirí as Alba ach go háirithe i mbliana atá Caoimhe Ní Chathail, ball den ghrúpa eagraithe deonach a chuireann Féile na Gealaí ar fáil don phobal le beagnach 10 mbliana anois.

É sin ráite tá dúshláin mhóra maoinithe ortha i mbliana mar atá ar go leor eagrais Gaeilge.

Agus agóid ar siúl fén ngéirchéim mhaoinithe d'eagraisí Gaeilge agus Gaeltachta inniu lasmuigh den Dáil, tá an Fhéile mar an gcéanna go mór thíos leis an easpa maoinithe.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Caoimhe fé cad lenar féidir súil idir ceoil agus féiríní eile.

Huartan ar stáitse. [Pic: Claire Loughran]

Cé bheidh agaibh ar stáitse i Mí Meitheamh?

"Beidh meascán anseo againn mar is gnáth ar an stáitse i mbliana. Is dócha go bhfuil muid ag dréim arís ann le fáilte a chur roimh bannaí ceoil Albanacha, tá sé iontach tábhachtach dúinn go bhfuil nasc againn leis an nGáidhlic agus muid iontach buíoch as tacaíocht Cholmcille leis sin a dhéanamh."

"Tá lúcháir orainn go bhfuil Dlú ag teacht as Albain i mbliana."

"Ansin i measc na gcoletóirí Éireannacha beidh leithéidí Súil Amháin, Piaras Ó Lorcáin, Na Friels, Neil Ní Chróinín, Sexy Tadhg, Burnchurch agus eile. Siadsan atá fógartha againn go dtí seo."

"Beidh iontas nó dhó a dhul a bheith ann thar an deireadh seachtaine, ach fosta beimid ag fógairt tuilleadh ceoltóirí agus imeachtaí tá súil agam níos cóngaraí don am."

Deabhail báistí ag Féile na Gealaí. [Pic: Claire Loughran]

Tá líon ana-mhór urraitheoirí agaibh, rud maith í sin?

"Táimid buartha i ndáiríre faoi chúrsaí airgead agus urraíochta i mbliana, cion is go bhfuil go leor d'eagraíochtaí na Gaeilge thíos leis mar gheall ar chiorraithe an Fhorais."

"Mar sin táimidinne iontach spleách ar airgead an Fhorais féin agus scéimeanna an Fhorais chomh maith le urraíocht ó eagraíochta Gaeilge a fhaigheanns maoiniú s’acusan ón Fhorais."

"Mar sin táimidinne ag braith go mór ar, mar a bhíonn achain bhuíonn ar an maoiniú sin ach fosta bímid ag braith go mór ar thacaíocht an phobail ticéidí a cheannacht."

[Pic: Claire Loughran]

"Bhí céad sraith ticéidí ar díol againn roimh an 17ú Márta agus tá an tárna sraith ar díol anois. Agus mar choiste deonach táimidinne i mbun eagrúcháin i rith na bliana agus ag eagrú na Féile agus téann cuid mhór oibre leis sin."

"Táimid buartha i ndáiríre faoi chúrsaí airgead agus urraíochta i mbliana, cion is go bhfuil go leor d'eagraíochtaí na Gaeilge thíos leis mar gheall ar chiorraithe an Fhorais."

"Tá cuid mhór le socrú agus is dócha gurbh fhearr i bhfad dúinne fios a bheith againn caidé an líon airgead atá le plé againn leis, cé méid ticéidí atá díolta againn. Bíonn cuid mhór le déanamh againn agus táimid, mar sin iontach spleách ar thacaíocht an phobail agus ár n-urraitheoirí agus muid iontach buíoch as sin."

"Déarfainn go bhfuil buaramh fud fad na hearnála Gaeilge san am i láthair agus nílimidne amach as an áireamh ansin."

Seachas sin tá sé ana-thábhachtach gur i Ráth Chairn atá sé ar siúl?

"Sé, táimid iontach buíoch do phobal Ráth Chairn agus iontach bródúil as an nasc sin atá againn. An rud iontach faoi Ráth Chairn ná go bhfuil sé i lár na tíre agus bíonn daoine sásta taisteal ann."

"Agus tá Ráth Chairn ag céiliúradh 90 bliain i mbliana mar sin beidh an Chomóradh sin den nGaeltacht i Ráth Chairn mar chuid den Fhéile s’againne le linn an deireadh seachtaine."

"Beidh imeachtaí agus ceoltóirí Ráth Chairn againn mar a bhíonns is dóiche achain bhliain."

[Pic: Claire Loughran]

"Seo an naoú bliain den Fhéile agus 90 bliain de Ráth Chairn, mar sin is deas gur mar sin atá sé ag tarlú."

Cuirtear busanna ar fáil ag eagraíochta neamhspleácha i mBéal Feirst agus i mBleá Cliath (Conradh na Gaeilge mar shampla) de ghnáth agus déanann daoine pleannanna éagsúla carrana a roinnt le ceann scríbe a bhaint amach.

Girseachaí na Gealaí. [Pic: Claire Loughran]

Cosnaíonn na ticéidí €120 euro a chlúdaíonn campáil chomh maith.

Gurra fada buan an Fhéile agus Ráth Chairn, leis.

Is féidir gach eolas a fháil ag @feilenagealaí ar Instagram agus ag www.feilenagealai.com