skip to main content

Ar aghaidh linn go líne na síoraíochta?

Ag scaipeadh seanghrianghraif dom ar Instagram le déanaí, le deich mbliana den oíche filíochta REIC a cheiliúradh, chuir sé ag machnamh mé faoi na hathruithe atá tarlaithe inár nósanna grianghrafadóireachta agus mar atá ár saol is sochaí ag athrú dá mbarr.

Nuair a bhí an tIdirlíon óg, ba gheall le cóisir mhór an gréasán. Rachadh pictiúr nó físeán viral ar uairibh toisc é a bheith greannmhar, gleoite, graosta; suntasach ar shlí éigin. Agus bhí go leor rudaí suntasach dúinn an t-am sin! Bhímis sna trithí ag faire ar phictiúir fhánacha de chait nó físeáin amhail 'Grape Lady Falls!'

Thit an fear bocht seo sa bhliain 2010.

Am níos simplí a bhí ann. Ní bhímis ag súil le faic ón Idirlíon ach féiríní beaga aisteacha agus níor chaith daoine ach cuid bheag den lá ar líne.

In 2013 roghnaigh Oxford Dictionaries an focal ‘selfie’ mar fhocal na bliana agus d’fhoilsigh Foclóir.ie ‘féinín’ i ndiaidh sin. Is deacair a shamhlú anois, ach go gairid roimhe sin b’ait an gníomh é grianghraf a thógáil díot féin, go háirithe go poiblí, gan trácht air é a chrochadh go toilteanach ar líne os comhair an tsaoil!

2018.

An tráth sin dhéantaí magadh faoi thurasóirí Áiseacha lena gcuid maidí féinín - ach ní rabhamar i bhfad dá leanúint. Tharla an rud céanna le TikTok. Ceapadh go forleathan go mbeadh sé aisteach, náireach fiú, físeán a chur amach díot féin ag caint - nó níos measa fós, ag damhsa! - ach ní fada go rabhamar uilig á dhéanamh.

Anois ó oscailt na súl ar maidin go dtí go ndúntar istoíche iad, bíonn scáileán éigin os ár gcomhair. Is deacair d’aon fheic a bheith suntasach dúinn mar go bhfuil gach leagan de gach saghas rud feicthe agus athfheicthe againn.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

An tuairisc nuachta seo ag Sharon Gaffney ón mbliain 2020.

Na físeáin a théann viral anois, tromlach an ama bíonn siad deartha lena aghaidh, ag úsáid gach seift - a bheith ar ardchaighdeán, difriúil nó conspóideach, leagtha amach le hooks a bhrúnn cnaipí na hinchinne is a choinníonn ag faire sinn.

Is mór idir sin agus ‘Charlie Bit My Finger’ - físeán de leaid óg agus a dheartháir a bhain plaic as. Má thosaigh físeáin viral le fíormhóimintí ar tharla go raibh taifeadadh ann dóibh, anois is mó seans gur socraíodh script, suíomh, ceamara, soilse, agus gach uile rud fúthu go cúramach.

Tá na hathruithe le feiceáil i ngach cuid den saol. Bhí tráth ann gur gníomh idir beirt a bhí sa cheiliúr pósta, ach anois is geall le taibhiú é. Chonaic mé físeán amháin inar bhain an bhean a mála óna corp, chaith uaithi é, agus dúirt "that’d look ugly in the video", sular fhreagair sí an fear a bhí ar a ghlúin os a comhair.

Is ait liom nuair a chuirtear an teicneolaíocht chun tosaigh ar an saol féin. Tá sé feicthe againn ar fad - duine suite chun boird i mbialann nó i gclub oíche agus iad ag déanamh neamhaird ar an gcomhluadar d’fhonn féachaint ar an nguthán.

Nílim ag trácht ar cúpla pic a thógáil ná ar théacs a sheoladh, ach an guthán a bheith greamaithe dá lámh gan stad gan staonadh. Bíonn trua agam dóibh ar shlí, iad ar nós páiste nach féidir leis dul amach gan blaincéad speisialta a bheith ina ghlac aige.

Tuar dóchais dom tráchtanna a fheiceáil a cheistíonn bréige na nósanna seo. Ar fhíseán amháin, montáis de bhean ag dúiseacht agus ag oscailt bronntanas breithlae sa leaba, bhí an trácht, "The way she got out of bed, set up the tripod, put on makeup, did her hair, got back into bed and pretended to wake up 💀."

Ar fhíseán eile d’fhear ag olagón, le téacs thairis ag míniú go bhfuair a bhean chéile bás go tragóideach bhí an trácht, "So your wife died and your first thought was ‘I better set up the camera to catch these tears’?"

Déanadh nórmálú ar roinnt iompar le linn an víris chorónaigh. Go tobann bhí an saol sóisialta ar líne agus bhí tríchosach agus solas fáinne i ngach tigh. Ó shin is stiúrthóirí sinn uilig, ach seachas scannáin, is é ár saol a stiúraimid, go mbeidh cuma dheas aeistéitiúil agus neamhdhaonna air.

Deirim neamhdhaonna mar go gcuireann gníomh an taifeadta isteach ar an saol daonna sa chaoi go n-athraíonn sé ár ngníomhartha. Rialaíonn na gutháin cuid mhór den spás sóisialta anois; leis na ceamaraí iomadúla agus gléasanna taifeadta i lámha daoine an t-am uilig.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Má bhímid (sea, ná ceap nach bhfuilim do mo chur féin san áireamh anseo) ag baint taitnimh as cóisir, nach fíor go mbíonn cuid dínn ag smaoineamh ar dheiseanna maithe ghrianghrafadóireachta a léireoidh an méid taitnimh a bhaineamar as an gcóisir chéanna? Má bhímid ag déanamh rud éigin cool nach fíor go mbíonn cuid dínn ag súil go mb’fhéidir go bhfuil cara linn ag tógaint físeán deas candid dínn?

San fhisic labhraítear faoin ‘observer effect’ - go bhfeictear go forleathan san eolaíocht go n-imríonn breathnóireacht tionchar ar shuíomhanna, ar cad a tharlaíonn. Céard a bheadh á smaoineamh againn sna móimintí sin - ag an gcóisir, agus sin ag déanamh rud cool - mura raibh ceamaraí is na meáin shóisialta againn? Bheadh smaoineamh éigin eile inár n-intinn, bheimis difriúil.

Uaireanta a mhalairt a ritheann leat - tú ag súil nach bhfuil éinne ag taifeadadh. Ritheann sé sin liomsa ar an urlár damhsa go minic. Is cé go gcuirfinn i gcoinne go leor de pholaitíocht Leo Varadkar, ba chóir go mbeadh sé in ann a rogha duine a phógadh i gclub oíche gan go gcrochfaí an físeán ar líne.

Ach táthar ann a chreideann go bhfuil sé go breá stráinséirí a thaifeadadh. Is tábhachtaí dóibh likeanna féideartha ná a bheith béasach do dhaoine sa bheo. Féach leithéidí Tube Girl - is cuma más gá duit cur isteach ar lucht na traenach fad a fhaigheann tusa físeán péacach díot féin. Nach mór an t-athrú é sin ó dheich mbliana ó shin, nuair is beag duine a thógadh féinín go poiblí.

Mar sin cá bhfios cad atá romhainn. Níl mórán dóchais agam gur athruithe chun feabhais atá le teacht - ach ar a laghad gheobhaidh mé ábhar ailt as!