skip to main content

RTÉ Raidió na Gaeltacha agus Gael Linn ag soláthar Siansa 2025

Seoda - buaiteoirí Siansa 2025 le Réamonn Ó Ciaráin, Gael Linn, lárnach, Cathaoirleach Ghael Linn, Wayne Mac Féilimí ar dheis ar fad, agus Edel Fox, Cathaoirleach na Moltóirí, in aice leis, sa chluith dubh.
[pic: Clíodhna Ní Mhianáin]
Seoda - buaiteoirí Siansa 2025 le Réamonn Ó Ciaráin, Gael Linn, lárnach, Cathaoirleach Ghael Linn, Wayne Mac Féilimí ar dheis ar fad, agus Edel Fox, Cathaoirleach na Moltóirí, in aice leis, sa chluith dubh. [pic: Clíodhna Ní Mhianáin]


Plúr na gceoltóirí in iomaíocht aréir sa Cheoláras Náisiúnta don comórtas Siansa 2025 ag Gael Linn. Craoladh an seó iomlán ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar is dual thar beagnach ceithre huair a chloig.

B'é Tristan Rosentock, ceoltóir agus craoltóir, a bhí ina Fhear a Tí chumasach ag teacht i gcomharba ar an ceoltóir agus craoltóir agus iar-láithreoir, Áine Hensey, a d'éirigh as anuraidh.

Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta ag bronnadh duais ar Loinnir don tárna háit.
[pic: Clíodhna Ní Mhianáin]

  • Éist siar leis an gclár iomlán anseo thíos.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bhí an iomaíocht ghéar agus ba léir an leibhéal ag a bhfuil na ceoltóirí éagsúla agus iad ag léiriú na scileanna agus a dtuisceanna ar an gceol. Leagadh amach ar na grúpaí go léir an réimse fonnadóireachta acu a chur os comhair an tsluath idir mall, geall, séimh agus ar lán luas.

Stranach, a bhain an triú háit leo.
[pic: Clíodhna Ní Mhianáin]

Ba dheacair ag moltaí an chinneadh a dhéanamh. Ar deireadh fógraíodh an triúir a bhain buaic amach.

B'iad Seoda a tháinig chun tosaigh i measc grúpaí ar ardchaighdeáin - bhreitheadar an €2000 leo don chéad duais.

  • Féach siar ar an oíche anseo thíos.