The big day has come in An Rinn as the group prepare for the scrúdú béil in front of Múinteoirí Pádraigín and Liam. Will they be able to impress them with their skills?
Behind the scenes, nerves are kicking in as the students prepare to perform at the ceolchoirm, but will it all go to plan? Will they all be Réaltaí na Gaeltachta??
- Féach ar an gcéad trí chlár anseo. Watch back Eps 1-3 here.
An lá deiridh i gColáiste na Rinne - agus tá an grúpa ag ullmhú don scrúdú béil os comhair moltóirí Pádraigín agus Liam.

An mbeidh siad in ann dul i bhfeidhm orthu leis na scileanna úra atá foghlamtha acu? Lasmuigh den seomra scrúdaithe, tá na daltaí i mbun oibre le haghaidh na ceolchoirme, ach an rachaidh sé ar fad díreach mar atá beartaithe?
An mbeidh siad ar fad ina Réaltaí na Gaeltachta?

Suite i dtírdhreach aoibhinn chósta na Rinne i bPort Láirge, níl sé i bhfad sula gcuireann na daltaí a gcroí isteach sa cheantar agus sa teanga, ar a saimhín só ag déanamh cairde nua saoil agus ag cothú dáimhe lena dteanga dúchais ar bhealach nár shamhlaigh siad ariamh.

Do gach duine a bhí riamh i gColáiste Samhraidh – agus do dhuine ar bith nach bhfuair an deis freastal agus a ba mhian leo – is é Réaltaí na Gaeltachta an blaiseadh atá ag teastáil de chumha agus de ghliondar an chúrsa Gaeltachta, a dhéanann ceiliúradh ar aithne a chur ar ár dteanga iontach in athuair.

Réaltaí na Gaeltachta #4, Dé Máirt 4 Márta ag 7pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.