Más spéis leat an t-úrscéal grafach nó coimicí i gcoiteanna d'fhéadfá cinneadh chiallmhar a dhéanamh blaiseadh as a bhfuil curtha ar fáil ag Eoin P. O Murchú san aistriúcháin aige ón bhFraincís ar Na Draoithe: Na hÍobairtí Oghaim.
Arís is arís eile, déanaim iarracht i mo phost mar léachtóir le Gaeilge teacht ar bhealaí chun an scíthléitheoireacht a spreagadh i measc na gcohórt a thugann faoin nGaeilge mar ábhar céime. Cé go dtuigim gur dúshlán náisiúnta é seo, agus go bhfeicim an fiúntas a bhaineann le 'clasaicigh' na teanga a theagasc, níl aon dul as ach an borradh faoin úrscéal grafach a aithint i gcomhthéacs na teanga le roinnt blianta anuas.
Is maith ann é seo, dar liom, agus a leithéid de sheánra úsáideach do léitheoirí ag gach leibhéal cumais. Seo chugainn, mar sin, a léitheoirí maithe, aistriúchán éagsúil, mistéireach a choinníonn muid inár suí go mall san oíche agus an saothar nua aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú á alpadh siar againn: Na Draoithe: 1. Na hÍobairtí Oghaim (Dalen Éireann, 2024).

Ar ndóigh, ní hé seo céad iarracht Uí Mhurchú saothar neamhghnách spleodrach a aistriú go Gaeilge.
Thiar in 2021 a d'aistrigh Ó Murchú an t-úrscéal Tinte na Farraige Duibhe (bunaithe ar Air Cuan Dubh Drilseach le Tim Armstrong), agus is cosúil go bhfuil idir scil agus chúram ag baint lena shaothar is deireanaí a thagann óna pheann.
Tá buanna iomadúla Uí Mhurchú le feiceáil arís eile anseo in Na Draoithe: 1. Na hÍobairtí Oghaim, bunaithe ar Les Druides 1: Les Mystères des Oghams a scríobh Jean-Luc Istin agus Thierry Jigourel i bhFraincis agus é maisithe go healaíonta ag Jacques Lamontagne.
Athrú seánra agus athrú treo is ea an tionscadal áirithe seo ar chuir Eoin roimhe; an t-úrscéal grafach anois in áit an úrscéil lánfhada, agus an scéinséir draíochtúil in áit an fhicsin eolaíochta.
Dea-shampla den aistriúchán liteartha is ea seo a chuireann go mór le seánra na n-úrscéalta grafacha a ndearna mé tagairt dó thuas, ceart go leor, ach seasann an saothar seo amach ar bhealaí go leor eile, faoi mar a phléifidh mé thíos.

Is minic a aistrítear úrscéalta grafacha ó Bhéarla agus, go nádúrtha, ó chultúr Angla-Mheiriceánach, go Gaeilge. Tá cuid de na saothair seo tar éis réabhlóid chiúin a thosú i dtéarmaí na litríochta Gaeilge agus an seánra féin ag dul i dtreis.
I gcodarsnacht lom le saothair shuimiúla eile a eisíodh le roinnt blianta anuas a líon bearnaí sa soláthar litríochta, baineann an t-úrscéal grafach seo le cultúr na gCeilteach agus é á chumasc le traidisiúin eile liteartha. Baineann sé le ciall, mar sin, go n-aistreofaí a leithéid go Gaeilge.
Titeann eachtraí an úrscéil amach ag deireadh an chúigiú haois, nó Ré na Naomh, ina bhfeictear teannas idir seandraoithe Ceilteacha agus na manaigh nua le teacht na Críostaíochta.
Ní bhíonn aon mhaith le scéal ar bith gan na foirmlí traidisiúnta reacaireachta, agus tumtar an léitheoir isteach sa domhan aduain seo a bhfuil idir dhraíocht agus teannas ag baint leis. Anuas ar ealaín den chéad scoth, tá an scéalaíocht féin bunaithe ar fheasacht mhaith na n-údar ar scéal na gCeilteach. Le hais an aistriúcháin éifeachtaigh shlachtmhair seo, éiríonn leo scéal suimiúil mealltach a chur inár láthair.
Ní bheadh drogall ar bith orm an t-úrscéal seo a mholadh do mo chuid mac léinn (agus mo chuid cairde, ar ndóigh), bunaithe ar an éacht seo.
Ag deireadh an chéad imleabhar, fágtar muid le ceisteanna faoi aistear Fhionnaláin, duine de na draoithe agus príomhcharachtar an scéil, agus muid ag fanacht ar an dara leabhar (agus an tríú himleabhar, le cúnamh na mBandéithe) a fhoilseofar go luath amach anseo. Bímis foighneach!
Seánra is ea an t-úrscéal grafach a gcuirfeadh, dar liom, léitheoir ar bith Gaeilge spéis ann agus is cruthúnas é Na Draoithe: 1. Na hÍobairtí Oghaim ar an tslí a rachadh an t-aistriúchán i bhfeidhm ar léitheoirí Gaeilge. D’fhéadfaí rud ar bith a aistriú go Gaeilge, ach an fiú nó an gá? Oireann an scéal don Ghaeilge, agus nach orainne atá an t-ádh gur aistríodh go Gaeilge inléite é ar bhealach inniúil agus cruthaitheach?
Na Draoithe: 1 Na hÍobairtí Oghaim - le ceannach anois in An Siopa Leabhar, Waterstones, An Cearthrú Póilí nó óna foilsitheoirí Dalen.