Sraith nua 4 chlár i gcuideachta phobal Ghaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí ó thús an tSamhraidh go tús an Gheimhridh 2024 ina dtugtar blaiseadh de shaol an phobail ar feadh thréimhse sé mhí.
I nGleann na Bóinne, idir Baile Átha Troim agus Baile Átha Buí i gContae na Mí, a mhaireann Pobal Ráth Chairn. Bunaíodh an Ghaeltacht seo i 1935 nuair a d'aistrigh daoine as Conamara soir ann agus iad ag cuardach saol níos fear dóibh féin.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
-
Féach siar ar Chlár 1 anseo
Pobal láidir, neamhspleách de dhaoine cumasacha, cruthaitheacha agus fáilteacha é seo. Tabharfar léargas don lucht féachana sa tsraith seo ar na spéiseanna agus ar na buanna atá ag an bpobal áitiúil seo, ar na dúshláin a bhíonn le sárú acu agus ar an dul chun cinn atá déanta acu agus iad ag maireachtáil ar scáth a chéile i Ráth Chairn glas na Mí.

Sa chéad chlár de 'Pobal Ráth Chairn’, déanfaidh an feirmeoir Máirtín Ó Méalóid cur síos ar an gcaoi ar bunaíodh Ráth Chairn 90 bliain ó shin.
Casfaidh muid le hAnna Ní Dhonnchú a bhfuil gnó fíodóireachta ‘Bréidín na Bóinne’ aici. Taispeánfaidh bainisteoir An Club i Ráth Chairn, Tadhg Ó Cróinín, an sean-teach atá le cóiriú aige dúinn.
Buailfidh muid isteach ag Éamonn agus Ciarán Mac Donncha atá i mbun ceoil sa mbaile, agus casfaidh muid le Brídóg Ní Chonaire i siopa an phobail atá á athchóiriú ag an gComharchumann.

Tá Meitheal Fhéile na Gealaí gnóthach ag réiteach d’fhéile is mó na bliana.
Sa dara clár dár dturas ar Ráth Chairn, feicfimid gurbh fhiú an obair go léir nuair a éiríonn thar barr le Féile na Gealaí. Gheobhaidh muid léargas ar chúrsaí iomána sa gceantar ó Chiarán Mac Donncha agus a Dhaideo, Máirtín.

Buailfidh muid isteach chuig gnó fiaclóireachta Dheirdre Ní Dhonnchadha i mBaile Átha Buí. Tá deireadh ré i Ráth Chairn mar go bhfuil duine de na mná tí, Máiréad Mhic Dhonncha, ag dul ar scor tar éis 40 bliain. Tabharfar blaiseadh dúinn de shaol sóisialta Ráth Chairn ag seisiún ceoil le hÁine Ní Chróinín agus Éamon Óg Ó Donnchadha.

Sa tríú clár de ‘Pobal Ráth Chairn’, tá glúin óg d'imreoirí CLG á dtraenáil ag an imreoir contae Éamon Óg Ó Donnchadha. Tá an siopa oscailte arís agus filleann Áine Ní Chróinín ar an múinteoireacht. Taispeánfaidh Páraic Ó Gríofa an obair a bhíonn ar bun ag Turmec dúinn, comhlacht atá ceannródaíoch i gcúrsaí bainistithe bruscair agus innill athchúrsála.
Tá ceird na caoladóireachta á caomhnú ag Diarmaid Ó hAlmhain agus tá oidhreacht Ráth Chairn á múineadh i gColáiste Pobail Ráth Chairn ag Micheál Ó Súilleabháin. Tá an amhránaíocht ar an sean-nós ag dul ó neart go neart, a bhuí le ranganna oíche Mháiréad Ní Cheallaigh.

Sa gclár deireanach de ‘Pobal Ráth Chairn’, nochtfaidh an Coiste Oidhreachta áitiúil na pleananna atá acu chun stair na háite a chaomhnú. Tá crainn darach á gcur ag Máirtín Ó Méalóid don chéad ghlúin eile. Tabharfaidh an tAbhcóide Dáithí Mac Cárthaigh léargas dúinn ar na deiseanna oibre atá ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i Ráth Chairn, agus é ag tabhair a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath dá chuid oibre.

Feicfimid muintir Ráth Chairn, idir óg is aosta, go tréan ag Oireachtas na Samhna. Fágfaimid slán leis an bpobal iontach seo ag Féile na Mí, féile a dhéanann ceiliúradh ar an oidhreacht láidir atá sa gceantar.
Léirithe ag Aniar do TG4.
Pobal Ráth Chairn, anocht, Déardaoin 20 Márta ag 8pm ar TG4.