Beidh Siansa 2025 á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh beag seo 23 Márta as an gCeoláras Náisiúnta in aice le Faiche Stíobhna an Ardchathair.
Comórtas é seo do ghrúpaí ceoil traidisiúnta atá á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d'óg thallann cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.

Bíodh is gur comórtas atá i gceist, tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga tríd ceardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge. Tá súil againn grúpaí a mhealladh a mbeidh sé mar sprioc acu an ceol agus an amhránaíocht thraidisiúnta a thabhairt leo, mar atá déanta ag grúpaí ar nós Téada, Altan, Danú agus araile.
Sé an cheoltóir agus craoltóir le Raidió na Gaeltachta, Tristan Rosenstock, fear an tí ar an oíche. Ball den ghrúpa Téada é Tristan agus ana-thuiscint aige ar an dumha agus díograis a théann le ceol d'ardscoth a sheinnt.

"Táim ag éisteacht le Siansa le fada agus tógann sé mo chroí bliain i ndiaidh bliana caighdeán ard an cheoil a chlos ó na ceoltóirí óga. Tá bróga móra le líonadh agam féin i mbliana ó tharla go bhfuil mo chara Áine Hensey imithe ar scor."
"Bhí bealach iontach ag Áine gach éinne a chur ar a sáimhín só, agus chuir sí go mór leis an oíche i gcónaí."

Pic: Seán Ó Mainnín
"Is ag Slógadh (a bhí ann roimh Siansa) a thosnaíos féin ar mo aistear ceoil agus murach an taithí iontach sin ní dóigh liom go mbeadh an domhan siúlta agam le Téada."
"Ina theannta sin, is ag Slógadh a chuireas aithne ar amhránaí a bhí san iomaíocht chomh maith, agus táimid pósta le beirt cheoltóirí óga anois. Cá mbeinn gan Slógadh!"
Siansa 2025 - 19.30 -23.00 (23ú Márta) ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.