Tá Lorg Media, comhlacht margaíochta agus léiriúcháin atá lonnaithe i nGaillimh, ag filleadh ar na Spider Awards, gradaim a aithnítear go náisiúnta. Don tríú bliain as a chéile, tá ainmniúcháin faighte ag Lorg Media i bpéire catagóir.
Tá na Spider Awards 27 bliain ar an bhfód agus is slat tomhais iad den tsármhaitheas dhigiteach. Déanann siad ceiliúradh ar éachtaí den chéad scoth sa mhargaíocht dhigiteach, cruthaitheach, agus nuálaíoch.
Bhain Lorg gradam anuraidh sa chatagóir Best Social Media agus Best Influencer Led Campaign i 2023.

Aithnítear scileanna scéalaíochta Lorg Media arís i mbliana. Thug an ghníomhaireacht seo beocht do Fleadh 24 ar na meáin shóisialta lena gcuid oibre le TG4 agus Power Pictures agus aithnítear an obair iontach a rinne siad sa chatagóir "Best in Storytelling", teideal a dhéanann ceiliúradh ar fheachtais, tograí, agus tionscnaimh a insíonn scéal éifeachtach le spriocanna straitéiseacha a bhaint amach.
D'inis Lorg Media scéal na fleidhe i bhfoirm físeán; Chuir siad béim ar thaibheoirí sa bhaile agus thar lear agus roinn siad scéalta agus cuimhní faoin bhFleadh ón lucht freastail, idir chuairteoirí nua ar an bhfleadh agus iad siúd a fhreastalaíonn air 'chuile bhliain.

Don dara bhliain as a chéile, tá Lorg Media, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, san iomaíocht don Cultural Driver Award le hOíche Chultúir.
Is ceiliúradh bliantúil náisiúnta é Oíche Chultúir a léiríonn an saibhreas agus an éagsúlacht a bhaineann le cultúr na hÉireann sa lá atá inniu ann, ag nascadh daoine le gníomhaíochtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta.
Cruthaíodh an gradam seo le spotsolas a chur ar fheachtais dhigiteacha a léiríonn go bhfuil tionchar suntasach acu ar chultúr, más i bpobal faoi leith, in earnáil faoi leith, nó sa tsochaí a mbrathnófar an tionchar sin.
Beidh an searmanas bronnta do na Spider Awards ar siúl ar Dé hAoine, 21 Márta sa Mansion House, Baile Átha Cliath.