Scannáin faoi dhéagóirí cailíní is ea 'Mean Girls' a céad léiríodh in 2004. Gan mhoill lean seónna Broadway agus, de réir a chéile, bhainn sé stádas cultaise amach. I Mí Aibreáin 2025 beidh Mean Girls 21 bliain d'aois.
Mar chomhartha ómóis, tá scigaithris Gaeilge ar ardchaighdeáin cruthaithe ag an gcomplacht Éireannach, Mumbro Top ina raibh cliar agus foireann ilghnéitheach rannpháirteach.

Tá Cailíní Gránna bunaithe ar an scannán grinn cáiliúil le Tina Fey - a bhí forbartha féin ó leabhar Rosalind Wiseman: Queen Bees and Wannabes.
Sa leagan seo tá neart carachtair Éireannacha agus tagairtí do chultúr na hÉireann. Tugann an gearrscannán ómós don tionchar fadtéarmach atá ag Mean Girls agus mar léiriú ar bheocht comhaimseartha na Gaeilge.
Tugann an tionscadal foireann ilghnéitheach le chéile, a léiríonn Gaeilge binn ar gach cearn den tír, lena n-áirítear Sligeach, Liatroim, Loch Garman, Gaillimh, Laois, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Tiobraid Árann, An Clár, Cill Chainnigh, Maigh Eo, Dún na nGall, agus Ciarraí - chomh maith le tallann idirnáisiúnta ón bPolainn, an Rúis agus ón mBrasaíl.
I measc na n-aisteoirí tá Megan O'Malley, Rebecca Fisher, Eilís Carey, Conrad Jones-Brangan, Caitríona Ní Dhomhnaill, Ciarán Darcy, Eoin P. Ó Murchú, Máire Ní Shúilleabháin, Colm Mac Gearailt, Sinéad Ní Uallacháin, Ciara Ryan, Declan Gillen, Jacek Snochowski, Karol Szarek, Shane Fallon, Hugh Carr, Silvia Regina José da Silva, Cate Ryan, Éadie Long, Liam Walsh, Órla Nic Con na Búille, Seoirsín Bashford, agus Niamh O Hea.
D'oibrigh Jacek Snochowski mar stiúrthóir fotagrafaíochta, Rosie O'Shea mar eagarthóir agus stiúrthóir cúnta, agus Hilary Bowen-Walsh, a bhí ina scríbhneoir, stiúrthóir, léiritheoir, agus dearthóir.
Is ceiliúradh ar an nGaeilge é Cailíní Gránna agus tugann sé peirspictíocht úr ar cheann de na scannáin grinn is mó a ndéantar athluaite air. (Chomh 'fetch’).