skip to main content

Na corróga, an chroí agus an inchinn - coinnigh lúth iad

Sínigh i mbun Tai Chi - cleachtaithe coirp seana-bhunaithe do gach aois.
Sínigh i mbun Tai Chi - cleachtaithe coirp seana-bhunaithe do gach aois.

Níl ár gcothromaíocht chomh maith agus a bhíodh sé mar go bhfuil muid ag caitheamh an chuid is mó den lá ag suí síos os comhair ríomhaire, i gcomparáid leis an bogadh agus an gluaiseacht a rinne na glúnta a chuaigh romhainn.

Níor mhair na daoine sin chomh fada agus a mhairfidh muidne, ach níl an láidreacht céanna ionainne le cinntiú go mbeidh muid sách folláin agus muid ag dul amach san aois. Ceann de na cúinsí báis is coitianta sa domhain sa lá atá inniu ann, ná titim.

Go minic, easpa cothramaíochta, nó láidreacht matán is cúis leis an titim sa gcéad dul síos. Ceann de na bealaí is éasca é sin a fheabhsú ná seasamh ar leathchois. Tá sé níos dúshláiní arís má dhéanann tú é agus tú ag glanadh do chuid fiacla, nó má dhúnann tú do chuid súile ag an am céanna.

Má tá tú in ann deich soicind a dhéanamh ar leathchois agus do dhá shúil dúnta, tá tú ag déanamh go maith.

Seo dúshlán gur cheart dúinn ar fad tabhairt faoi mar coinneóidh sé muid inár seasamh agus ár n-inchinn ag imeacht.

Tá galar cosúil le Alzheimer ag dul i méid freisin agus tá cúinsí éagsúla leis sin, saol níos faide ina measc agus easpa spreagadh don inchinn.

Cabbies Londain - inchinne géir acu, maireann níos faide.

Mar shampla, taispeáineann taighde go bhfanann an inchinn géarr ag tiománaithe tacsaithe i Londain, fiú agus iad gaibhte ar pinsean, mar gheall ar an obair a rinne a gcuid cloigne gach lá ag cuimhniú ar shráideanna agus mapaí na cathrach.

Seans maith, mura bhfuil aon aclaíocht mar seo déanta agat le fada, go mbeidh tú ag crith agus go mbeidh ort do chois a chuir síos ar an úrlár arís.

Diabhal dochar. Ag traenáil atá tú. Déan arís é. Bain triail eile as amárach.

Ní bheidh tú i bhfad ag fáil níos fearr aige.

Tá sé tábhachtach mar tá dóthain taighde ann anois le fios a bheith againn go maireann daoine atá in ann seasamh go maith ar leathchois níos faide ná daoine nach bhfuil.

Óga yoga - tosnaigh óg agus lean leis an aclaíocht.

Agus nach bhfuil an oiread baol ann go dtitfidh siad agus go mbrisfidh siad corróg. Sin ceann de na tubaistí is mó gur féidir tarlú do dhuine ar bith atá ós cionn 60 bliain d'aois.

Tá an bás i ndán, taobh istigh de bhliain, do 18 – 33% de na daoine a tharlaíonn sé sin dhóibh.

Mar sin, is fiú coinneáil chun cuimhne gurbh iad na rudaí beaga a shaothraíonn na hathruithe móra.

Seas ar leathchois cúpla geábh i rith an lae. Úsáid an staighre in áit an ardaitheoir má tú in ann. Siúl ag an gcaifé in áit dul sa charr más féidir. Is iontach an rud é go bhfuil muid ag maireachtáil níos fuide.

Ach níl aon mhaith ann mura bhfuil muid folláin chomh maith. Na corróga, an croí, agus an inchinn is mó a chliseann orainn agus déanann aclaíocht bheag a choinníonn gnóthach iad an-mhaith dúinn.

Laghdaíonn sé baol, agus ardaíonn sé caighdeán saoil. Níl aon chail ar sin.