skip to main content

Fáilte roimh Cruthaigh - an mbeidh éifeacht aige?

Gníomhaí teangan agus cultúr é Ciarán Ó Feinneadha lena shaol ar fad. Agus Cruthaigh seolta ag na ceithre údaráis áitiúil i gContae Átha Cliath, labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis lena thuairim a fháil faoi phobal Gaeilge a thógáil gan láthair buan a bheith acu.

Tá tú gníomhach le roinnt bliana leis na Gaeil Óga, Cumann aitheanta de chuid an CLG – cad iad na spriocanna atá ag an club faoi láthair?

"Bhuel an príomhsprioc atá againn ná ionad agus páirc bhuan a bheith againn agus go mbeadh páirc uile-aimsire againn fé shoilse chomh maith ionas gur féidir linn traenáil. Tá sé sin riachtanach sa lá atá inniu ann, mar bíonn muid amuigh i gcaitheamh na seachtaine, chuile oíche den tseachtain agus is gá go mbeadh lárionad againn le teacht le chéile agus is gá go mbeadh áit gur féidir linn é a dhéanamh i gceartlár an gheimhreadh agus ní féidir é sin a dhéanamh gan soilse."

"Mar sin is sprioc uaillmhianach go maith atá sé sin ach idir an dá linn caithfidh muid feidhmiú faoi na laincisí ina bhfuilimid agus an club a láidriú chomh mór agus is féidir linn."

'Cruthaigh' Campaign launched by Dublin's Four Local Authorities, for Seachtain na Gaeilge.

Níl agaibh dídean mar atá ag Muintir Chrónáin Chluain Dolcáin in Áras Chrónáin mar sin bhfuil sé indéanta an saghas comhluadar a bheith ann seachas daoine ag teacht le chéile ar dháta ar leith ag am ar leith in áit éigin nach leo, nach bhfuil buan; an gcruthaíonn sé sin fadhbanna?

"Go fadtréimhseach, cinnte, cruthaíonn sé fadhbanna. Go gearrthréimhseach, is féidir linn maireachtáil. Is dócha, gur ceann de na rudaí suimiúla faoi chumann spóirt ar bith, go háirithe an Cumann Lúthchleas Gael – tá tuairim is 40 foireann againn faoi láthair – bíonn na foirne sin amuigh ag traenáil agus ag imirt cluichí go minic beag beann ar na foirne eile faoi threoir an club iomlán, an Choiste agus a leithéidí ach ó lá go chéile ní bheadh mórán baint ag foireann faoi 13 cailíní le foireann fásta na mná, mar shampla.

"Ní míbhuntáiste chomh mór é ach ag an am céanna is rud iontach é ó thaobh spioraid ar bith nuair a thagann na cailíní faoi 11 ag traenáil go bhfeicfidís ar an láthair céanna na mná amuigh ag traenáil agus go mbeadh sé mar sprioc ag na cailíní sin a bheith ag imirt leis an bhfoireann fásta, má thuigeann tú mé."

"An tarna rud atá ann ó thaobh clubtheach de, táimid ag iarraidh go mbeidh ionad ann go mbeidh daoine ar a gcompoird ag labhairt Gaeilge agus tá an tábhacht sin leis mar ionad pobail chomh maith le bheith ina ionad spóirt."

Ciarán, ar dheis, lena mhac Ruadhán.

Cén comhairle a bheadh agat dóibh siúd atá i mbun stocaireachta ar son dídean nó páirceanna imeartha nó láthair lárnach a bheith acu agus iad ag cailleadh misneach?

"Bhuel an chéad rud ná, faigheann tú grúpa daoine dílseacha éifeachtacha i dtosach báire nuair a dhíríonn tú ar fheachtas ar bith. An bunriachtanas ná go mbeadh ceannaire amháin eile taobh leat atá éifeachtach agus ina dhiaidh san is féidir leat grúpa atá báúil leis an smaoineamh cuidiú go mór ach níl mórán gur féidir a bhaint amach, más féidir leat aon rud a bhaint amach, díreach go hiomlán leat féin."

"An tárna rud ná gur gá duit buannaí beaga a bhaint amach ar an mbealach más rud fadtréimhseach atá tú ag iarraidh a bhaint amach. Inár gcásna, táimid ag iarraidh clubtheach, páirceanna imeartha faoi shoilse, agus gur páirc uile-aimsire ceann amháin acu. Go bunúsach, is gá dúinn na mion-bhuanna a bhaint amach sna Gaeil Óga idir an dá linn. Éiríonn linn é sin a dhéanamh trí forbairt na foirne agus dul chun cinn na foirne ó thaobh bheith ag tógaint páirceanna ar léas ón gComhairle Chontae."

"An tríú rud ná: ná caill an misneach. Bainfear barr an chnoic amach ach díreach gur gá coinneáil ag obair."