skip to main content

Cailíní Comhraic - cad a thiomáineann iad?

'Cailíní Comhraic', is an inspiring 3-part observational documentary series that shines a spotlight on the Irish women breaking boundaries in combat sports.

  • Watch back / féach siar anseo.

The series will explore the highs and lows of women at all ages and abilities as they push themselves to their limits in boxing, Brazilian Jiu Jitsu, and Karate.

Fiosraítear na cora móra a thiteann amach i saol na mban seo – mná de gach aois agus ar gach leibhéal cumais agus iad ag obair agus ag traenáil ar theann a ndíchill sa dornálaíocht, sa Jú-Jiotsú Brasaíleach agus cearáité.

Is as Corcaigh ó dhúchas do Christina Desmond, agus is ball seanbhunaithe d'fhoireann Oilimpeach dornálaíochta na hÉireann í. Tá sí ar a dícheall áit a bhaint amach ar an bhfoireann náisiúnta do Chluichí Oilimpeacha 2024.

Corcaíoch eile í an réalta óg Rosa Walsh, agus beimid léi sa Chróit ag na trialacha Eorpacha sa Jú-Jiotsú Brasaíleach, áit a mbeidh sí ag troid dá céad chraobh dhomhanda.

Buailfimid chomh maith le Julia Ní Dhubháin agus Sienna Ní Shúilleabháin, máthair agus iníon lán fuinnimh as Conamara. Tá Sienna ar thóir a haislinge - craobh dornálaíochta na hÉireann a bhaint den chéad uair riamh - agus bíonn a máthair Julia ag tacú léi feadh an aistir ar fad.

Julia Ní Dhubháin agus a hiníon, Sienna Ní Shúilleabháin sa ring.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Julia agus Sienna agus iad ar a mbealach chun traenála i gClub Dornálaíochta Chonamara faoi mhianta an dornálaí óig agus ar an ngaol idir máthair agus iníon.

Sienna, tá uaillmhian agus féin-mhuinín agatsa gur gá a bheith ag an dornálaí, cad as a tháinig sé sin, cá bhfaigheann tú é sin?

"Faighim ó mo Mham é. Nuair a bhí mé óg thug Mam muinín dhomsa i chuile spórt a rinne mé. Chuaigh sé sin isteach i mo chloigeann, go riabh mé in ann chuile spórt nó aon rud a dhéanamh mar gheall ar sin."

Chuaigh Julia i mbun cóitseála sa Chlub mar go raibh mac léi agus a hiníon, Sienna, ag iarraidh tabhairt faoin dornálaíocht. Conas a scarann sí Mam ón gcóitseálaí nuair a bhíonn sí ann?

"Tá sé in ann a bheith sách deacair nuair atá do chlann féin ag déanamh spórt atá tú ag cóitseáil ach nuair atá mé istigh sa gClub, ní Mam atá ann. Tá's acu, tuigeann na gasúir uilig, tuigeann mo ghasúir féin go bhfuil mé ann mar coach, níl aon favouritism nó tada mar sin ag gabhail ar aghaidh ann."

Fócas dírithe ar an sprioc. Sienna Ní Shúilleabháin, Club Dornáilíochta Chonamara.

"Tuigeann siad go maith go bhfuil mé ann ag iarraidh a bheith dá spreagadh agus cúnamh a thabhairt dhóibh sa gClub in aice leis na cóitseálaí eile."

An sprioc agatsa, Sienna, dul chun cinn i gCraobh na hÉireann ach thairis sin agus amach anseo bhfuil do mhian ar na Cluichí Oilimpeacha, cur i gcás, mar is dual go minic do’d leithéid?

"Níl mé róchinnte fós, ach tá súil agam go ndéanfadh mé comórtas eile, rud éicint níos mó ná Craobh na hÉireann a bhaint amach ar dtús."

Bhfuil laochra agat a tháinig romhat go leanfá a bóthar siúd?

"Oh, Katie Taylor, Kellie Harrington."

Tá traidisiúin láidir dornálaíochta sa Ghaillimh, Julia, agus i gConamara – Rocky Ros Muc, Francie Barrett, agus eile – an dóigh leat go bhfuil rud éigin ar leith sa cheantar as a dtagann an líon céanna?

"Táimid i gceantar Chonamara agus bfhéidir nach bhfuil go leor áiseannaí thart. Tá an Chlub díreach ina láir, tá gasúir ag tíocht as na Forbacha, An Spidéal, Carna, an Aird Mhóir, Cill Chiaráin, Leitir Mór, Leitir Mealláin agus tá sé breá lárnach. Faigheann na gasúir isteach ar an dornálaíocht, b'fhéidir, nach gceapann siad féin go bhfuil aon mhaith leo i spóirteannaí eile agus tá’s acu, le dornálaíocht, tá tú leat féin. Le cluichí eile tá tú le foireann."

KT - an gá a thuilleadh a rá?

Seán Bán Breathnach agus a óráid do Katie nuair a bhain sí an bonn óir i Londain i 2012.

"Táim ag ceapadh go gcreideann go leor daoine, caithfidh siad é a dhéanamh iad féin. Agus nuair a thagann siad ag an gClub, cuireann siad an obair isteach agus tá an-féin-mhuinín acu ionta féin." "Is dóigh, i gConamara, mar gheall ar Rocky Ros Muc agus go leor dornálaithe eile a rinne thar barr i dornálaíocht agus cé nach bhfuil mórán thart ortha féin ach go bhfuil siad ag iarraidh rud éicint a bhaint amach dóibh féin."

"Má ghruann siad rud éicint is mar gheall ar na cóitseálaí ach nuair atá sa fáinne tá tú leat féin agus caithfidh tú an obair a dhéanamh."

"Bíonn an-mheas acu ar an obair a chuirtear isteach ach má ghruann siad rud éicint tá’s acu gur oibrigh siad go maith."

Sienna, bíonn spóirt aonair dian, an bhfaigheann tú é uaigneach ar uaireamh nó conas a choimeádann tú uait an uaignis sin, do spiorad a choimeád?

"Bhuel, imrím sacar agus tá difríocht an-mhór idir dornálaíocht agus sacar. Tá chuile dhuine ar an bhfoireann sacar liom ach tá go leor brú orm sa bhfáinne, is just mise atá ann, táimse ag braith ar mo chuid scileanna agus nílim in ann braith ar aon duine eile sa ring. Caithfidh mise an obair a chuir isteach. Ach beidh muinín agamsa asam féin má dhéanaim an traenáil agus má chuirim an obair isteach le haghaidh na comórtasaí."

Cailíní Comhraic, Dé Luain 24 Márta ag RTÉ One agus ar an RTÉ Player.