skip to main content

Bhí an Late Debate le Colm Ó Mongáin beo as Conamara aréir

Craoladh an Díospóireacht Déanach, an Late Debate le Colm Ó Mongáin beo as Conamara aréir go dátheangach as stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla ar son Seachtain na Gaeilge.

Ar aíonna an chláir bhí Gormfhlaith Ní Thuairisg, iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta féin, maraon le Maitiú de Hál ón ngluaiseacht tithíochta Gaeltachta, Bánú, an Seanadóir Sean Kyne, Fine Gael, Máiréad Farrell, TD le Sinn Féin agus an TD Neamhspleách, Catherine Connolly.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bhí go leor plé ann faoi chúrsaí pleanála sa cheantair agus an coibhlint idir cosaint agus cearta an dúlra gan aon chosaint ná aitheantas ar chearta mhuintir na Gaeltachta ag an am gcéanna, ach go háirithe ó thaobh tógáil tithíochta ann.

Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Pléadh chomh maith an imní atá ar mhuintir na háite de bharr feirm mhoilte gaoithe - ag a raibh tacaíocht forleathan ann nuair a céad fógraíodh a tógáil - atá anois beartaithe a thógáil níos gaire don chósta ná mar a ceapadh ar dtús. Luadh freisin an tionchar de bharr dúshlán pleanála ar thógáil chalafort domhain Ros a Mhíl, a chreidtear a chothóch fostaíocht agus turasóireacht fad-tréimhseach sa cheantair.

Late Debate le Colm Ó Mongáin, RTÉ Radio 1, Máirt - Déardaoin ag 10i.n.