Bhí agóidí ag pobail Ghaeltachta inniu i nDún na nGall, sa Ghaillimh agus i gCorcaigh mar chuid den fheachtas Tinteán. Phlé Tús Áite an cheist leis an phainéal a bhí leo Dé Luain.
Pobail Ghaeltachta fud fad na tíre ag léirsiú mar chuid den fheachtas TINTEÁN chun gníomh práinneach a éileamh le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta Ghaeltachta
Bhailigh pobail Ghaeltachta le chéile ag Roinn na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, Dún na nGall, ag Comhairle Contae na Gaillimhe, agus ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhúscraí, Corcaigh, le léirsiú i gcoinne bhánú leanúnach na Gaeltachta mar thoradh ar an ngéarchéim tithíochta.
Tugadh faoi na léirsithe seo ag suíomhanna ar leith sna contaetha éagsúla, instiúidí a bhfuil dlúth-bhaint acu le tithíocht sa Ghaeltacht, le meabhrú do na húdaráis chuí faoin dualgas atá orthu féin i gcomhthéacs na géarchéime seo:
- treoirlínte pleanála Gaeltachta a gealladh siar in 2021 nach bhfuil aon radharc faighte go fóill ag an bpobal orthu i mí an Mhárta 2025;
- difear coscrach idir líon na dtithe atá ar fáil go gearrthéarmach sa Ghaeltacht agus líon na dtithe ar fáil go fadtéarmach;
- agus ganntanas ollmhór tithe inacmhainne agus sóisalta sna ceantair Ghaeltachta.
I measc éilimh an fheachtais TINTEÁN, tá na grúpaí ag lorg:
1. Go dtabharfar an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha, idir reatha agus caipitil, d'Údarás na Gaeltachta le Rannóg Tithíochta a bhunú, le cur ar a chumas talamh a cheannach, cead pleanála a fháil, agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil le gur féidir tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
2. Go gcuirfear maoiniú ar fáil go bliantúil do Roinn na Gaeltachta chun scéim na ndeontas tithíochta Ghaeltachta a reáchtáil arís de bhun Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, chun tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú sa Ghaeltacht.
3. Go bhfoilseofar agus go gcuirfear i bhfeidhm treoirlínte pleanála Gaeltachta láidre maidir le dualgas reachtúil na gcomhairlí contae i dtaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
4. Go gcuirfear Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta le chéile do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta le spriocanna soiléire, intomhaiste a leagadh amach chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú, agus soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin.
Tús Áite, Luan go hAoine ag a 5i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.