Can amach os ard é in aon mheadaracht gur mhaith leat - tá REIC, an ócáid ó bhéal ilteangach fáiltiúil 10 mbliain d'aois agus ag ceiliúradh i mBewleys Dé Satharn le scoth na dtaibheoirí curtha ar fáil ag bunaitheoir agus bean a tí, Ciara Ní É.
Dílseoir de chuid REIC, Eoin P. Ó Murchú.
Beidh oíche speisialta ar siúl i mBewley's Sráid Grafton ag a 7 a chlog Dé Satharn uair go mbeidh REIC agus a lucht leanúna ag ceiliúradh 10 mbliain na hócáide bheith beo.

Agus is beo i ndáiríre iad na deiseanna a thugtar d'fhilí, reacairí, amhránaithe agus taibheoirí ó bhéal a n-ealaíon a chur os comhair slua - tacaíoch, báúil, comhghuaillaíoch.
Macasamhail iad oícheanta REIC ar chomhluadar tithe café Montmartes, Pháras an 9ú haois déag nó Café Wha? agus the Bitter End Nua Eabhrac le linn folk-revival na Clancy Brothers agus Bob Dylan nó 'happenings' na 50daí agus 60daí - ainneoin REIC a bheith eagraithe go snasta.

Ach tá rud ag REIC nach raibh acu siúd - pobal Gaeilge, gan doras a thabhairt d'éinne gan an teanga ach oiread. Más maith leat rud éigin a thrialladh gan cáineadh, gan locht, is í REIC an áit duit dul.
Is ceart an t-aitheantas cuí a thabhairt do Chiara Ní É as ucht an pobal ar leith seo a thógaint ón dtalamh aníos. Gura fada buan í agus REIC.

Buail isteach i mBewleys agus faigh blaiseadh den eispéireas.
REIC, Café Bewley's Sráid Grafton, Dé Satharn 15 Márta, 7pm.