skip to main content

Tús seachtaine Cheltenham faoin ngrian

Mark Walsh ar Puturhandstogether, buacach san Juvenile Handicap Hurdle inniu ag Cheltenham. 
Pic: David Fitzgerald/Sportsfile
Mark Walsh ar Puturhandstogether, buacach san Juvenile Handicap Hurdle inniu ag Cheltenham. Pic: David Fitzgerald/Sportsfile

Bhí Meghan Scully i láthair ag Prestbury Park i Cheltenham inniu don fhéile bliaintúil ar a bhfuil spéis agus freastal traidisiúnta ag Éireannaigh air agus an ghleo agus spleodar céanna ag baint leis i mbliana mar is dual.

É sin ráite bhí roinnt den bhróin ag baint leis an ócáid mar a mhíníonn Meghan do RTÉ.ie/Gaeilge.

"Lá dochreidthe agus lá thar barr, an aimsir go hálainn agus an ghriain in airde sa spéir, ach bhí ómóis ann sa chéad rás ar son Michael O'Sullivan, a cailleadh le déanaí. Bhí sé chomh brónach. Is as Corcaigh do Charlie McCarthy, an úinéir a bhuaigh leis an capall Kopek des Bordes, faoi stiúir Paul Townend."

Paul Townend ar Kopek des Bordes, rathúil sa Micheal O'Sullivan Supreme Novices Hurdle.

Bhí ráiseanna an lae geall le bheith thart nuair a bhí deis ann labhairt le Meghan mar sin bhí suim na háíte ag díriú ar an gceol agus an damhsa ach ba léir go raibh daoine ag baint an-sult as an ócáid.

Ag féachaint chun cinn, tuilleadh ráiseanna ann amárach agus an Chorn Órga ann Déardaoin?

"Amárach tá gach duine ag caint faoi Jonbon le JP MacManus, agus is capall álainn, iontach é an capall céanna agus gach duine ag caint faoi. Ach ag breathnú ar an gcárta is ar rogha na coitiantachta, na favourites ar fad atá an t-airgead; Constitution Hill, State Man, níl a fhios agam, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr an t-airgead a fhágaint i do phóca!"

Nicky Henderson, traenálaí, le Constitution Hill.

Mar sin ní dóigh leat go néireoidh leis na hÉireannaigh gach rud a thabhairt leo i mbliana?

"Tá sé chomh deacair a rá, tá an aimsir go hálainn, tá an talamh ceart go leor ach is iad na geallghlacadóirí atá ag buachaint faoi láthair."

Bhfuil aon tip agat dúinn don Déardaoin?

"Fact to File san Chase, faoi Mark Walsh, Déardaoin agus don Aoine, Galopin des Champs, capall iontach, capall álainn agus Paul Townend mar mharcach, a bhuaigh le Kopek sa chéad rás agus tá súil agam go mbeidh go leor bua aige an tseachtain seo."

Meghann Scully ar an láthair, gléasta go cuí.

Agus an maith leis an talamh bog, mar atá fé láthair?

"Is maith leis ach tá tuairim ann go mbeidh sneachta anseo amárach! Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor ach bhí roinnt daoine ag rá go mbeidh sé ag cur sneachta amárach mar sin bí cúramach leis an talamh. Fan go bhfeicfimid!"

Neosfaidh an aimsir, literally.

Lean Cheltenham le RTÉ Sport anseo.