Agus tréimhse caite acu mar thacaíocht do Damien Dempsey ar a thuras thart ar Éireann agus ainmniúcháin Nós mar Bhanna na Bliana, tá Colm Seoighe agus na hEasógaí ar an mbóthar ceart.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Colm Seoighe faoi na spriocanna acu an traidisiúin a chaomhnú trí nua-chasadh a thabhairt do chuid de na sean-amhráin chun fuaim nua rac a chruthú.
Cé sibh féin agus cathain a tháinig sibh le chéile?
"Is dócha gur rac-cheoil iad na hEasógaí, go príomhúil. Bímid ag meascadh stíleanna traidisiúnta freisin leis an gceol. Táimid le chéile anois breis agus trí bliana. Thosaigh muid amach mar thriúir ach tá cúigear againn anois – thógamar isteach píoba uillinn le gairid agus dord ghiotár."
"Roimhe sin bhí druma cajon, giotár leictreach agus mé féin ar na vocals ach táimid tar éis borradh a chur faoin mbanna. Cineál fuaim nua atá ann, sílimid. Cloisimid ag na ceolchoirmeachaí daoine ag rá nach bhfuil a leithéid cloiste acub ariamh agus go príomhúil ag feidhmiú trí Ghaeilge, freisin, rud é sin atá difriúil bfhéidir."
Ainmníodh sibh le haghaidh gradam Nós do bhanna na bliana i mbliana – gan amhras bhí géariomaíocht ann le leithéidí Kneecap agus Róis san áireamh – agus tá sibh chomh maith ar thuras le Damien Dempsey; ní beag an éacht í sin ach oiread?
"Sea, bhuel ba mhór an onóir a bheith ainmnithe i measc na ceoltóirí sin go banna na bliana agus bhíomar an-bhuíoch do mhuintir Nós as ucht an ainmniúcháin sin a thabhairt dúinn. Táimid graitheach faoi láthair anois le Damien Dempsey ar an turas seo."
"Is deis iontach é, is fear thar barr é Damien, ní hamháin mar cheoltóir ach mar dhuine freisin. Tá sé an-spreagúil agus tá sé ag cur suím sa nGaeilge anois agus tá sé ag tabhairt an-deis dhúinn."
"Táimid ag casadh anois ó cheann ceann na tíre agus is mór an deis é sin, mar ní minic a bhíonn cineál ardán chomh mór sin ar fáil don Ghaeilge agus is iontach dhúinne é go bhfuil muid in ann bheith ar an ardán chéanna agus bheith ag déanamh rud éicint nua-aimseartha i nGaeilge."
"Táimid an-bhuíoch do Damien as ucht é sin agus na sluaite móra a tharraingt isteach agus an deis a thabhairt dhúinn casadh dhóibh."
Gan amhras – cad é an saghas freagra atá á fháil agaibh ag na gigeanna sin?
"Tá rudaí an-dearfach ag teacht ar ais ó na ceolchoirmeachaí seo. Tá daoine ag ceapadh gur fuaim difriúil atá againn, mar a bhí mé ag rá, nach bhfuil a leithéidí cloiste acub cheana. Agus feictear dom go mbíonn sé ag spreagadh cúpla focal Gaeilge as daoine ag na ceolchoirmeachaí, go gcloisimid daoine bfhéidir atá ag triall ar caint linn ina dhiaidh agus mar sin de."
"Agus fiú amháin gan a bheith ag trácht ar an teanga go mbíonn daoine, cineál, ag baint taitneamh as an gceol, go bhfuil sé sórt bríomhar. Agus tá súil againn go bhfuilimid ag téamh suas an slua go maith le haghaidh Damien ach ní theastaíonn mórán téamh suas uatha, i ndáiríre!"
Agus tá sibh ag scaipeadh seanamhráin an traidisiúin ar nós 'Pota Mór Fataí' agus a leithéide chomh maith?
"Sea, tá an-bhéim againn ar na hamhráin traidisiúnta mar is orthu sin a tóigeadh mise. ‘Pota Mór Fataí’ bé sin ceann de na céad amhráin a múineadh domsa. Sé mo dhaideo a mhúin dhom é mar ghasúr. Níl a fhios agam an dtaitneodh ár leagan leis anois!"
Sampla den nua-chasadh ag Colm Seoighe agus na hEasógaí ar 'Peigín Leitir Mór'.
"Ach bhí mé ag iarraidh rud éigin difriúil a thrialladh leis agus é a bheith bríomhar agus go mbeadh daoine b'fhéidir níos óige in ann craic a bhaint as. Agus rinne muid é sin le 'Pota Mór Fataí’ agus ‘Oró Míle Grá’, ceann eile."
"Tá siad athruithe réasúnta againn ach tá an fhoclaíocht do na hamhráin sin cineál rock-n-roll cheana féin! Agus sílim go bhfeileann an stíl sin dóibh. Sin atáimid ag cloisteáil ar aon nós."
Bhuel sin cead agus dualgas an ealaíontóra, cineál, nach ea, nuálaíocht?
"Sea, tá sé iontach i ndáiríre. Tá an ghrúpa seo an-inniúil freisin, tá suim againn sa traidisiúin ach tá suim againn freisin i rud nua a dhéanamh. Agus is as Conamara formhór an bhanna – tá fear amháin linn as Maigh Eo ach gurb as Conamara a mhuintir roimhe."
"Tá dlúthbhaint againn leis an gceol seo agus táimid ag iarraidh ár leagan féin a dhéanamh dó ionas nach gcaillfear iad."
Beidh sibh arís ar stáitse le Damien i gCill Chainnigh agus ina dhiaidh sin ag Féile na Spéire Dorcha i gCiarraí?
"Ceart agus beimid ag Féile na Gealaí freisin. Agus táimid ag súil le haon cineál ofráil ó éinne ar bith ar fud na tíre. Táimid ag iarradh an soiscéal a scaipeadh mar a déarfá."
Tuilleadh eolais ar Colm Seoighe agus na hEasógaí anseo ar Bandcamp agus anseo ar X.