skip to main content

Paul Mac Cormaic documents the activist at the RHA

Finola Cassidy, Thalidomide survivor and campaigner. Paul MacCormaic.
Finola Cassidy, Thalidomide survivor and campaigner. Paul MacCormaic.

Tá taispeántas ag an péintéir Paul MacCormaic sa Acadamh Ibeirneach Ríoga, an Royal Hibernian Academy of the Arts - The Vanquished Writing History - dírithe ortha siúd a chaith saolta ag troid i gcuinne an mhí-cheart, an cos ar bolg nó an éagóir.

Chuige sin labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis féna mhodhanna agus na foinsí as a dtagann an t-ábhar chuige.

Cad is fearr leat nuair a roghnaíonn tú íomhá le péinteail; duine, tírdreach nó an cuma?

"Nuair a thosnaíonn mé ag smaoineamh faoi sraith nua nó pictiúr amháin nua, bíonn smaointí i mo mheabhar agus déanaim cúpla sceitse."

"Má tá duine sna smaointe, bhuel, caithfidh mé iad a tharraingt, b'fhéidir duine san tírdreach nó ainmhithe san tírdeach."

"Bfhearr liom an tírdeach, nó an chathar, mar tá sé níos éascaigh. De ghnáth, bíonn daoine i mo phictiúrí agus táim in ann iad a dhéanamh, ach tógann siad tamaill fada."

Antoinette Keegan, spokeswoman for Justice for the Startdust 48. Paul MacCormaic.

An bhfásann gaol idir ealaíontóir agus an t-ábhar le linn don obair bheith ar siúl?

"Bhuel, I gcás na portráid a rinne mé le déanaí, ní raibh seans gaol a fhás ann mar bhí orm na griangraif a thógáil go tapaidh. Isteach agus amach i gceann leath uair."

"I gcás Annie Murphy, bhí comhradh gearr againn agus tá a lann meas agam uirthí."

Annie Murphy, Former Lover Of Bishop Eamonn Casey, Mother Of Peter Casey, In Her Home In California. Paul MacCormaic.

"Nuair a bhím ag peinteail an portráid, fásann an mheas idir mise agus an t-ábhar, ach ní gaol é sin, mar sin, an freagra gearr ná, ní fhásann."

"Ach nuair atá mé ag péinteáil tírdeach, fásann an gaol mar go bhfeicim sonraí sa ghriangraif agus nuair atá mé ag meascadh na dathanna."

Paul MacCormaic.

Caithfidh go bhfuil foighne, nó patience, ar cheann de na scileanna is mó ag ealaíontóir pictiúir?

"I mo chás, táim foighneach, caithfidh mé bheith foighneach mar tá a lann sonraí agus ciseail i mo phictiúrí."

"Caithfidh mé plean a dhéanamh. Ach sin mise. Measaim go bhfuil breathnadóireacht, nó bheith ag féachaint, an scil is mó gur gá a bheith ag ealaíontóirí, cosúil leis an scil bheith ag éisteacht nó ag canadh."

"Is maith liom an obair a dhéanann ealaíontóirí eile le stíl tapaigh, ag péinteáil mar sceitse, gan sonraí."

Cad ar a bhfuil tú ag obair anois?

"Bhuaigh mé coimisiún ón scéim aon-faoin-gcéad-don-ealaín. Táim ag péinteáil mo thimpeallacht áitiúil. Táim i mo chonaí i gCill Barróg agus táim ag péinteáil na crainn, na páirceanna agus an bealach rothaíochta cois farraige. Rudaí mar sin. Beidh na pictiúir nua crochta suas ar na ballaí san ionad sláinte aitiúil i Meán Fomhair."

Tá taispeántas Paul MacCormaic, 'The Vanquished Writing History' le feiceál san RHA go 23 Márta.