skip to main content

Raidió Rí-Rá ar an aer beo 10-17ú Márta

Emma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió Rí-Rá.
Emma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió Rí-Rá.

Tá Raidió Rí-Rá ag cur glaoch amach ag lorg Glór Ár Linne, an duine nó na daoine leis an mheallacacht (that's 'rizz’ dúinne lucht na Gaeilge) agus an X-factor a thabharfaidh chun an chéad chéim eile iad i dtionscail an cheoil.

Tá siad, mar is dual dóibh, ag gnóthach le Seachtain na Gaeilge chomh maith, mar a mhíníonn bainisteoir an stáisiúin, Emma Ní Chearúil, do RTÉ.ie/Gaeilge.

"Tá go leor ar siúl againn, bíonn de ghnáth agus ní haon athrú é i mbliana go mbeimid Beo ar FM don tréimhse. Déanamid 30 lá sa mblian mar sin bíonn seacht lá againn don tréimhse ag Seachtain na Gaeilge, ón 10ú lá go dtí an 17ú Márta."

Chuir Aisling Moran cuairteoirí gharraithe na lus mar chuid de sheoladh Glór Ár Linne.

"Bíonn daoine ag cuartú ábhar Gaeilge an t-am seo den bhliain agus tugann sé sin an deis dúinn a bheith ar an aer thar an deireadh seachtaine fada agus a bheith ag tuairiscú ar na hócáidí ar fad atá ag tarlú do Sheachtain na Gaeilge. Bheimis ag súil, is dócha go bhfanfaidh daoine leis an nós sin a chothaíonn siad le linn na coicíse seo ag cuartú ábhar Gaeilge agus do dtuigeann siad go bhfuil Raidió Rí-Rá ann an t-am ar fad ar an stáisiúin digiteach."

"Táimid ag súil le bheith ag dul ar DAB roimh dheireadh na bliana chomh maith."

"Sin an sprioc don tréimhse seo ach bíonn ana-chraic i gceist leis an gceann seo, go háirithe thar an deireadh seachtaine bíonn go leor daoine agus ceoltóirí ar fáil thar an deireadh seachtaine sin nach mbíonn bfhéidir nuair a bhíonn muid ag díriú ar na scoileanna le linn Mhí Eanáir uair go mbímíd ar an aer freisin ar feadh 5 lá le linn na seachtaine."

"Ag an deireadh seachtaine mar sin bíonn deis againn seisiúin ceol beo agus ábhar mar sin a chur ar an aer atá beagáinín éagsúil."

Bhí sibh gnóthach le déanaí ag dul isteach i siopa búistéirea ar Shráid Uí Mhórdha leis an rapper agus file ó bhéal James Shannon – cad chuige?

"Sea, is seoladh a bhí ansin den scéim nua do cheoltóirí agus bannaí cheoil le Gaeilge, Glór Ár Linne an teideal atá air agus tá sé á eagrú againn i gcomhpháirt le Comhairle Chathrach Bhleá Cliath agus Éire Ildánach freisin."

James Shannon i Troy's Family Butchers ar Shráid an Mhúraigh. (Deis a chaill Ispíní na hÉireann)

"An sprioc ag an scéim ná cúig nó sé bhanna nó ceoltóir óg, nua le Gaeilge a chur tríd roinnt ceardlanna agus scéim mheantóireachta chun go bhfoghlaimeoidh siad beagáinín faoin earnáil cheoil, faoi cur chun cinn an cheoil, faoi bhrandáil a chruthú don bhanna nó dóibh féin más ceoltóir aonair iad."

"Cuirfear ag foghlaim scileanna teicniúla sa stiúdeó nó ag scríbhneoireacht amhráin, aistriúcháin amhráin más é sin atá uatha agus cuirfear am stiúideo ar fáil dóibh freisin."

"An sprioc a bheadh ann mar sin ná go mbeadh gach banna agus ceoltóir ag fágáil na scéime seo le píosa ceoil taifeadtha acu gur féidir leo a chur amach ar Spotify nó go dtí an stáisiúin raidió nó cibé áit é."

"Beimid ag obair leis an gComhairle Chathrach ansin leis na bannaí sin a chur ar ardáin ag na féilte a bhíonn á eagrú sa chathair anseo agus táimid chun deis a thabhairt do ghrúpa amháin bheith ag Féile na Gealaí agus do dhá nó trí ghrúpa dul ag an Electric Picnic freisin."

"Is cinéal ‘accelerator scheme’ atá ann, nfheadar cén Ghaeilge a bheadh air sin ach ba mhaith linn go mbeadh na scileanna acu go mbeadh siad in ann leanach leis an treocht atá cruthaithe ag leithéidí Róis agus Kneecap le dul i ngleic leis an earnáil cheoil anseo in Éirinn."

Beidh sibh amuigh sa chathair mar sin ag ócáidí éagsúla is dócha?

"Sea agus bíonn go leor preab-ócáidí timpeall na cathrach agus beimid ag eagrú céilí dár gcuid féin ar an 14ú in Hen’s Teeth le Sí-bín Céilí a dhéanann céilithe LADT+, agus seisiúin traid freisin atá ar oscailt do chuile dhuine. "

"Agus ar an oíche beidh podcraoladh ar leith ag Raidió Rí-Rá – tá na haíonna fós le fógairt mar sin coinnigh súil ar na meáin shóisialta agus beidh Sí-bín ag tabhairt faoi chéilí dhá-theangach agus DJs againn go dtí meán-oíche nó mar sin anseo sna Saoirsigh."

"Tá sé fós le fógairt againn ach is dócha gur cineál cur-in-aithne Raidió Rí-Rá a bheidh ann le cúpla duine dár gcraoltóirí a fháiltiú isteach agus roinnt plé a dhéanamh ar na spriocanna atá againn ar FM do cheol na hÉireann agus na Gaeilge stáisiúin náisiúnta don óige."

"Sin na téamaí ghinearálta a bheidh á phlé ach is dócha go mbeidh go leor daoine ag freastal air seo toisc go bhfuil an oiread sin tóir ar Sí-bín mar ócáid."

"Agus tá spéis as an nua in ócáidí Gaeilge agus ócaidí atá fáiltiúil, is dócha, ag daoine nach raibh ag freastal ar ócáidí Gaeilge cheana ach go bhfuil spéis acu freastal ortha anois agus amach anseo. Bfhéidir nach bhfuil cur amach acu ar Raidió Rí Rá mar sin is deis é dul i bhfeidhm ar an bpobal sin atá ann."

Beidh oiliúint na scéime a luann Emma á stiúradh ag Cara Dunne, ceoltóir leis an mbanna Mongoose, agus dar léi: "tá an talann ann cheana féin, níl le déanamh ach ardan a thabhairt dó. Táimid ag cuartú ceoltóirí atá dáiríre faoina gceird, a bhfuil uathu foghlaim conas dul i ngleic leis an earnáil ceoil, agus a gceol a chur os comhair na sluaite ag féilte na hÉireanna agus ar ardáin idirnáisiúnta."

Raidió Rí-Rá x Síbín Céilí anseo.