Cuirfidh an ceoltóir aitheanta Brian Danny Minnie Ó Domhnaill tús le sraith úr de chláracha ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach an 16ú Márta.
Clár uair a chloig ar fhad a bheidh san chlár "Éist le Seo" ina mbeidh rogha ceoil Bhrian a chur i láthair, chun éisteoiri a chur ar a sáimhín só tráthnóna Dé Domhnaigh.
Ceol agus amhráin Ultacha den chuid is mó a bheas le cluinstin ar an chlár, agus beidh go leor sean amhráin bhreátha le scoth cheoltóirí Thír Chonaill le cluinstin, le cois ceol agus amhráin úra agus go leor píosaí meidhreacha a chuirfidh gliondar ar do chroí.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Tá suim iontach ag Brian i scéalta na n-amhrán, na sean amhráin go háirithe, rud a bheidh le cluinstin uaidh sa chlár seo.
Dúirt Brian Ó Domhnaill go bhfuil sé ag súil go mór leis an sraith nua ceoil seo. "Tá mé ag ceol agus ag seinm i rith mo shaoil agus dúil mhillteanach agam sa cheol Ghaelach. Cuireann sé áthas orm agus tógáil croí dom a bheith ábalta cuid den sárcheol seo a chuir i bhur láthair agus a roinnt libh. Bíonn scéalta beaga deasa ag gabháil leis na hamhráin go minic agus cuidíonn seo le pléisiúr a bhaint astu"
Dúirt Bainisteoir Réigiúin RTÉ Raidió na Gaeltachta, Aodh Máirtín Ó Fearraigh go gcuirfidh an clár seo go mór le sceideal reatha an stáisiúin. "Tá meas mór ar Brian Danny Minnie ar fud na tíre de bharr a chuid ceoil agus sa chlár seo lena rogha ceoil, beidh sé in ann a dhul i bhfeidhm ar go leor dár bpobal éisteachta."
Craolfar an clár "Éist le Seo" ar RTÉ Raidió na Gaeltachta achan Domhnach ón 7.00i.n.