skip to main content

Cinnlínte na Nuachta: Deirdre ceaptha mar cheannaire TG4

Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir nua-cheaptha TG4.
Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir nua-cheaptha TG4.

Tá sé fógartha ag Bord TG4 le cead an Rialtais go bhfuil Deirdre Ní Choistín ceaptha mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 tar éis próiseas earcaíochta poiblí iomaíoch.

Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Alan Esslemont atá ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 ó 2016 agus atá ag éirí as i Mí Aibreáin 2025. Beidh sí ar an gceathrú ceannasaí ar an stáisiún ó bunaíodh é in 1996, agus an chéad bhean a ceapadh sa ról.

Dúirt Deirdre Ní Choistín: 'Is cúis áthais agus pribhléid dom é a bheith ceaptha mar Ard-Stiúrthóir ar TG4. Tá mo chroí i TG4 ó bunaíodh é in 1996 agus mé fós ar an ollscoil. In am cinniúnach i gcraoltóireacht na Gaeilge, táim ag tnúth le TG4 a ullmhú don todhchaí in éineacht leis an bhfoireann, trí bhéim a chur ar an gcruthaitheacht a chumasú, freastal ar mhianta an lucht féachana ar gach ardán, agus bonn láidir a chur faoin earnáil léiriúcháin, i gceantair Ghaeltachta ach go háirithe.'

Tá Deirdre ina Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 ó 2022, i bhfeighil ar straitéis agus fís nuachta a fhorbairt do TG4. Tá sí ina hEagarthóir ar Iniúchadh TG4 agus ar Nuacht Cúla4 chomh maith. Tá sí ag obair le TG4 le cúig bliana fichead. Thosaigh Deirdre ag obair le TG4 in 1999, go gairid tar éis don chainéal athbhrandáil ó TnaG go TG4.

Tá taithí fhairsing aici ar gach gné den stáisiún. Chaith sí ceithre bliana déag mar Léiritheoir & Stiúrthóir ar chláracha ar nós 7 Lá, Comhrá, agus Róisín. Bhunaigh sí MOLSCÉAL, an t-ardán ar líne do phobal na Gaeilge in 2017. Mar Bhainisteoir Cumarsáide ag TG4 ó 2019 go 2022 chuir sí straitéis cumarsáide nua ilardáin i bhfeidhm a chuir le clú TG4.