Agus Lá Domhanda na Leabhar chugainn arís tá an iliomad de rogha na scoth-scríbhneoirí dúchasacha ar fáil dúinn le go n-éalóimís tamall isteach sna domhain iontacha a chruthaíonn siad dúinn. Seo rogha cuimsitheach Áine Ní Bhreisleáin - éalaigh leat.
Cha dtiocfadh liom saol gan leabharthaí a shamhlú, mar go bhfuil leabharthaí agus léitheoireacht fite fuaite i mo shaol le mo chuimhne, a bhuíochas le mo thuismitheoirí. Leabharthaí an bronntanas rialta a fuair mé ó dhaoine mar pháiste, agus bhí fuíollach acu scríofa ag údair Éireannacha.
Smaoiním ar leabhar cosúil le 'Run with the Wind' le Tom McCaughren a raibh mo chroí istigh ann, leabhar faoi pháistí a bhí ag déanamh obair bhleachtaireachta in ‘The Summer of Lily and Esme’ le John Quinn agus leabhar a d’inis scéal crua na ndéagóirí as Dún na nGall ag dul ar fostódh sna feirmeacha - ‘Blaeberry Sunday’ le Elizabeth O’Hara.
Thug na húdair seo agus neart eile girseach óg as Gaoth Dobhair ar thuras fud fad na tíre, ar fud na cruinne corruair, go domhan úr a bhí chomh beo i m’intinn agus a bhí acusan ar phár.

Níor chaill mé an grá sin don léitheoireacht ó shin, cé go mbíonn lagtrá agus rabharta ann ó am go ham! Nuair a roghnaím leabhar anois, tá mé go fóill ag iarraidh éalú i m’intinn le carachtéirí suimiúla, suíomhanna úra agus scéalta láidre a choinneoidh mo shuim go deireadh.
Déanann Lá Domhanda na Leabhar ceiliúradh ar aoibhneas an léitheora agus an scríbhneora - an bronntanas a thugtar do dhuine nuair a mholtar leabhar nó údar úr daofa, nuair a shíntear cóip seanchaite de leabhar chucu i leabharlann, nó nuair a chuirtear closleabhar chuig d’fhón póca. Cé nach bhfuil mise chun cóipeanna a bhronnadh oraibh, a léitheoirí, tá mé chun cúpla moladh a thabhairt daoibh, le cur leis an liosta sin a fhásann agus a fhásann de shíor.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Mar Chonallach bródúil, mheall scéal Garrett Carr ‘The Boy from the Sea’ mé le gairid, leabhar atá suite i bpobal iascaireachta na gCealla Beaga. Tarlaíonn an scéal seo idir na 70í agus na 80í, le fás na hollthrálaeir in uiscí na hÉireann, agus eachtra i saol mhuintir Lyons agus Bonnar a athraíonn cúrsaí ar an bhaile.
Meascann Carr pisreoga, reiligiúin agus caidrimh chasta an teaghlaigh le scéal éagsúil a inse, le go leor stair shóisialta fríd fosta. D’éist mise leis an chlosleagan den leabhar seo - insint éagsúil ar thionscal na hiascaireachta ar chósta na tíre.
D’fhág Jennifer Johnston, a fuair bás ar an mhí s’chuaigh thart, oidhreacht fhairsing scríbhneoireachta ina diaidh, agus is scríbhneoir í a thaitin go mór liom. Mholfainn ‘The Captains and the Kings’, leabhar a phléann ábhar a bhí gar do chroí agus do shaol Johnston féin, áit na bProtastúnach i sochaí na hÉireann i ndiaidh bunú an Stáit.

Tá Prendergast sa scéal seo, searbh, brúite agus ar strae, ag cuartú an sean saol a bhí ag an uasaicme tráth. Níl sonas i ndán do go leor de na carachtéirí ag Johnston, ach cuirfidh sí an léitheoir ag meabhrú faoi chinniúint agus mí-ádh.
Tá go leor le ceiliúradh againn in Éirinn ar Lá Domhanda na Leabhar, oidhreacht na scríbhneoireachta beo beathach i gcónaí, agus macasamhail Kevin Barry, draoi dorcha na bhfocal ag cruthú seoda cosúil le ‘The Heart in Winter’. Tá cur síos déanta ar an leabhar seo mar scéal buachaillí bó, agus cé go bhfuil sin amhlaidh, tá scéal an ghrá, an óil agus an amaidí fite fríd.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ní bhíonn ród furast ag na pearsain a chruthaíonn Barry, bíonn olc ina gcroíthe, lasta ag dúil agus diabhlaíocht, agus musclaíonn sé iad le comhráití atá chomh canúnach (Iarthar Chorcaigh ag an laoch Tom) agus tíriúil le clár teilifíse ar bith. Thug Barry é féin turas nó dhó taighde ar Montana le tumadh i suíomh a scéil, agus ní bheidh fonn ort an leabhar seo a ligean uait!
An moladh deireanach atá agam don liosta léitheoireachta ná cnuasach filíochta le hAilbhe Ní Ghearbhuigh - ‘Tonn Teaspaigh’. Tá snas agus mealladh san eagrán seo, foilsithe ag Éabhlóid. Is léachtoir í Ní Ghearbhuigh i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus seo an tríú cnuasach dánta léi.
Tá mé ag léamh saothar Ailbhe ó laethanta Chumann Scríbhneoirí Óga agus Úra na Gaeilge, agus an cnuasach ‘Blaiseadh Pinn’ a bhí acu. Mothaím scaoilte isteach i dteach an fhile, i mo chuairteoir rúnda, i bhfolach agus ag coimhéad ar a saol sna dánta atá scríofa i ‘Tonn Teaspaigh’. Tá an teach a scríobhann sí faoi mar thearmann, ach scaoiltear isteach na fórsaí eile, grá, dúil, uisce ón aer, teas na colainne, timireacht an lae.
Is file daonna agus dearcasach í Ní Ghearbhuigh, agus tá mé ag súil go mór lena céad cnuasach eile.
Má mhúsclaíonn ceiliúradh ar na leabharthaí a dhath ionat, bíodh sin go bhfuil turais aigne agus anama ag fanacht leat, taobh istigh de na leathanaigh bhána, nó ar bhriathra na gclosleabhair. Ní gá ach síntiús a fháil le do leabharlann áitiúil, turas a thabhairt ar shiopa leabhair nó malartú a dhéanamh le cara agus beidh leat!