Níl aon dabht ach go bhfuil dúshlán roimh baill an Chomhairle nua ag Raidió na Gaeltachta an éileamh atá ar lucht éisteachta na hÉireann agus thar lear ón seirbhís radio Gaeilge poiblí. Is léir ón mballraíocht go bhfuil ionadaíocht ann ó gach cuid den tír.
Is é Noel Ó Gallchóir an Chathaoirleach nua-cheaptha ar an gComhairle. Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis faoin obair a bheidh os a gcomhair agus a gcéad cruinniú ar siúl anocht acu in Iarthar Chiarraí.
Cén ról atá ag an gComhairle leis an seirbhís?
"Is thar cheann lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta atá muid mar ionadaithe ar an Chomhairle úr."
"Mar sin, beidh muid ag iarraidh cinntiú go gcuirfear na hacmhanní riachtanacha ar fáil do bhainistíocht agus do fhoireann an stáisiúin le leanúint ar aghaidh agus cur leis an fhorbairt iontach atá déanta ar an tseirbhís le blianta beaga anuas."
"Tá seo riachtanach sa dóigh go mbeidh an stáisiún ábalta freastal ar a gcuid éisteoirí sa tír seo agus ar fud na cruinne agus ar na nósanna éisteachta atá acu."

Is dócha go mbeidh sibh ag éisteacht le roinnt mhaith raidió go ceann cúpla bliain?
"Is cinnte go mbeidh! Tá muid tosaithe cheana féin!"
"Bheinn den tuairim go mbíodh baill úra na Comhairle ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta go minic agus go rachaidh an nós sin i dtreise anois agus cúraimí úra orthu."
"Tá an deis anois againn éisteacht le cláracha cibé uair is mian linn agus forbairt mhór déanta ar an tseirbhís ar líne."
Meas tú bhfuil áit ar leith gur fiú don tseirbhís díriú isteach air, thar aoncheann eile?
"Tá dul chun cinn iontach déanta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ag freastal ar a bpobal le blianta agus forbairt iontach déanta ar réimse agus ar chaighdeán na seirbhíse."
"Is cinnte go mbeidh moltaí ag na baill úra fá áiteacha gur fiú díriú isteach orthu le cur leis an tseirbhís den scoith atá á chur ar fail."
Bhfuil ar chumas lucht éisteachta teagmháil a dhéanamh leis an gcomhairle le moltaí nó gearráin tairbheacha a dhéanamh?
"Tuigim gur chuid de obair na Comhairle léirmheas a dhéanamh ar an chraoladh agus ar sholáthar na seirbhíse. Is dócha go mbeidh muid ag plé agar gcéad chruinnithe na slite gur féidir leis an lucht éisteachta teagmháil a dhéanamh linn lena gcuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl."