skip to main content

Who'd be a farmer? Saol na Feirme Ep 2 - Watch Back

Tá Siobhán Ní Gháirbhith i mbun gnó táirgeadh cáis i gCondae an Chlár le os cionn 25 bliain anois – is maith go mór a tuiscint ar ghnó an fheirmeora bheag agus mar atá athraithe móra na mblianta tar éis breis brú a chur ar a leithéid - seo Saol na Feirme.

Féach Siar - Watch Back anseo

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Siobhán atá i mbun gnó St. Tola, fáil amach cén súil atá aici ar an todhchaí.

Cé bheadh ina feirmeoir?

"Sin ceist mhaith na laethanta seo anois, mar tá feirmeoireacht tar éis athrú an méid sin tríd na blianta agus tríd na céadta is dócha. Ach tá dhá saghas feirmeoir ann anois; tá feirmeoirí ann atá ann chun airgead a dhéanamh, cosúil le haon ghnó eile, ach an fíor-feirmeoir tá siad ann mar go bhfuil ceangail acu leis an talamh, leis an uisce gur leo iad.

Siobhán i mbun na ngabhar a chothú.

"Sin iad na fíor-feormeoirí a bhfuil ceangail agus tuiscint acu leis an talamh agus cé chomh tábhachtach is atá an talamh sin, ní hamháin dóibh féin agus dá chlann ach don todhchaí, don domhain ar fad, is dócha."

"Bfhéidir nach daoine iad a tógadh ar feirm. Tá ana-chuid feirmeoirí beaga go mór-mhór atá ann agus go raibh an talamh ann leis na blianta, leis na céadta ach tá ana-chuid feirmeoirí nua ann anois agus níor tógadh ar feirm iad, nó gur tógadh ar fheirm iad ach go bhfuair duine éigin eile an fheirm."

"Toisc gur oileáin muid, agus táim á rá seo le blianta, agus is céim mhór a bheadh ann, ach sílim gur chóir go mbeadh an oileáin ina oileáin iomlán orgánach ag fás bia orgánach."

"Ach tá daoine nua tar éis tosnú ag feirmeoireacht anois nach raibh mar fheirmeoirí in a clann riamh. Ach tá fíor-thuiscint acu cé chomh tábhachtach is atá an talamh agus bia sláintiúil le haghaidh sláinte na daoine."

An gceapann tú nach dtuigeann formhór muintir na tíre cad tá i gceist leis an obair seo?

"Cinnte. Céad fán gcéad ní thuigeann an chuid is mó de na daoine cad is brí le bheith ag feirmeoireacht, cé chomh deacair is chomh crua is atá sé anois. Is oth liom é sin a rá, mar go dtí bfhéidir 50 bliain ó shin tógadh ar feirm an chuid is mó de dhaoine in Éirinn. Bhí plot de shaghas éigin acu óna tuismitheoirí nó a shean-tuismitheoirí ach tá cleachtadh ag daoine anois dul isteach i siopaí, na hollmhargaí go mór, agus bia a cheannach gan smaoineamh ar bith cén saghas bia nó cad as ar tháinig an bia sin."

Táimid lotaithe ar an mbealach is measa ag na hollmhargaí – ní thuigimid nach gcosnaíonn broccoli €2 ach go gcosnaíonn an ceann céanna a fhástar go horgánach beagnach dhá oiread an méid sin; cur i gcás níl fágtha in Éirinn anois ach beirt nó triúir atá ag fás bachlóga Bruiséile, brussels sprouts. Dá mba tusa an tAire Talmhaíocht anois cad é an chéad rud a dhéanfá?

"Toisc gur oileáin muid, agus táim á rá seo le blianta, agus is céim mhór a bheadh ann, ach sílim gur chóir go mbeadh an oileáin ina oileáin iomlán orgánach ag fás bia orgánach."

"Dá mba rud é go mbeadh sé sin mar dlí bheadh muid in ann praghas chomh ard a fháil le haghaidh bia ón bhfeirm, bheadh an-éileamh ar bhia mar sin ar fud an domhain."

Petru agus Siobhán le na meannáin ciúit St Tola.

"Tá a fhios agam gur rud ana-mhór é sin, ach ceapaim dá mbéinn ag smaoineamh go gearr-théarmach, chaithfeadh deontas a bheith ann le haghaidh feirmeoirí beaga chun iad a choimeád ar an bhfeirm agus cosaint a thabhairt don bhfeirm agus don talamh."

Bhfuil an iomarca cumhachta ag comhlachtaí móra talmhaíochta ar na feirmeoirí beaga?

"Cinnte, dearfa, agus cuirim ana-chuid milleán ansin ar an Roinn Talmhaíochta é féin agus ar an rialtas. Bímse féin ag obair le Bord Bia, mar shampla, leis an gnó beag atá agam, agus bímse ag obair leis an Roinn freisin."

"Ach an brú a bhíonn á chur ar feirmeoirí gnó beaga faoin tuath ná go 'gcaithfidh tú níos mó a dhéanamh, caithfidh tú níos mó a dhéanamh, caithfidh tú éirí níos mó agus níos mó'."

"Agus tá ana-chuid feirmeoirí beaga tar éis stopadh anois agus tá siad tar éis an talamh a dhíol nó a thabhairt d’fheirmeoirí móra agus tá siad faoi ana-chuid brú mar go bhfuil an méid sin tar éis athrú ó thaobh bia agus praghasanna le haghaidh bainne agus mar sin de. Ach sin an rud a mheallann an rialtas agus an Roinn."

"Bíonn siad ag caint faoi na gnónna móra agus na feirmeoirí móra ar nós Kerry Agri agus an mar sin de agus an méid a dhíolann siad thar lear ach tá sé sin ana-ghearr-thréimhseach."

"Feicim anois thart timpeall an domhain agus go mór mhór i Meiriceá féin, go bhfuil siad ag caint faoi cháin a thabhairt isteach anois faoi gach rud, agus bímid ag brath ar Meiriceá."

"Tá sé dáinséarach an cumhacht ar fad a thabhairt d’aon ghnó mór, go mór mhór feirmeoirí móra mar go bhfuil an margadh tar éis athrú chomh tapaidh sin go mbeidh deireadh le gnó ar an bhfeirm."

"Nuair atá tú ag caint faoin talamh ní féidir leat a bheith ag féachaint air mar saghas airgead a éileamh agus brú a chur ar an talamh mar ní bheidh sé ann sa todhchaí má chuireann tú an iomarca brú air."

"Sin an fáth go gceapaim gur gá níos nó tacaíocht praiticiúil a thabhairt do d’fheirmeoirí beaga a thuigeann cé chomh tábhachtach is atá an talamh, nach bhfuil ag iarraidh brú a chur ar an talamh ionas go mbeidh sé ann don todhchaí le haghaidh an pobal."

Saol na Feirme continues on RTÉ One television and on the RTÉ Player, tonight, 3 March at 8.30pm