Tá an t-aisteoir Éireannach ó Chorcaigh a bhfuil grá don nGaeilge aige, Denis Conway, páirteach mar charachtar Ian Doherty i gcliar an t-aon sraith drámaíochta teilifíse tuaithe in Éirinn, Ros na Rún de chuid TG4.
Roghnaithe chun páirt an charachtair nua Ian Doherty a léiriú i Ros na Rún, tá an t-aisteoir Éireannach mór le rá a bhfuil duaiseanna bainte amach aige ag tógail a chuid taithí chuig an gcliar atá thar a bheith saibhir cheana féin agus é ag glacadh le ról iarfhear céile Crystal agus athair Cam.
Ach an baddy é nó bhfuil a chroí san áit cheart? Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Denis le fáil amach.
Cé hé an Ian Doherty seo?
"Níl mé cinnte fós. Is iar-fhear céile Crystal agus athair Cam é an charactar seo Ian. Ceapaim go bhfuil sé mealltach, muiníneach ach neamhchinnte faoin an aghaidh a thaispeáinin sé don domhan. Tagann sé go Ros na Rún chun tacú lena mhac - mothaíonn sé go bhfuil a mhac Cam faoi bhrú mór."

"Níor scaoileadh Cam ach le deanaí ón bpriosún sna Stáit Aontaithe taréis triail dúnmhairithe. Tá Cam a'deileáil freisin leis an andúil a bhí ag a mháthair le deanaí i ndrugaí. B'é an andúil drugaí seo ba chúis le briseadh an phosta idir Ian agus Crystal."
Tá an chuma air go bhfuil gaol ionraic aige le Cam?
"Sea sílim go bhfuil gaol ionraic aige le Cam ag an am seo. Ach an raibh san am atá thart? Nó an mbeidh so todhchaí. Cífimíd!"

Cén ról a bhíonn ag rógaire mar é in aon dráma?
"Is dóigh liom gurb é cuspóir bradacha ar bith i ndráma ná an lucht féachana a choinneáil faoi thuairim. Níl a fhios ag an lucht féachana an bhfuil an carachtar ag insint na fírinne nó ag insint bréaga. Níl a fhios acu cad as a bhfuil sé ag teacht agus níl aon tuairim acu cad a déarfaidh sé nó cad a dhéanfadh sé sa todhchaí."
Bhfuil aon carachtar ar leith a thug nó a thagann chun cuimhne ó dhrámaí an domhain atá feicthe agat?
"Níl i ndáiríre is gnách liom an drama a ghlacadh mar atá sé scríofa agus mo ghlacadh féin a chumadh timpeall air sin. Is teagmhasach é cosúlacht ar bith le carachtar eile ó sheó teilifíse nó scannán nó amharclann éigin eile."
Bhfuil 'chanelling' ar bith ar siúl agat Ian a thabhairt chun fírinne ar scáileáin?
"Is dócha go ndéanann tú iarracht an carachtar a thabhairt chomh gar duit féin agus is féidir agus tú ag déanamh seó mar seo. Toisc nach bhfuil a fhios ag an aisteoir cad a bheidh sa scéal is fearr úsáid a bhaint as a gcuid mothúchán, faitíos agus smaointe féin a dhíriú agus an carachtar a insileadh leo."
Ros na Rún, gach Máirt agus Déardaoin ag 8.30i.n. ar TG4 .