skip to main content

Clár leathan beartaithe do Sheachtain na Gaeilge Luimní

Pic: Adrian Butler, Limerick Leader.
Pic: Adrian Butler, Limerick Leader.

Beidh an Ghaeilge i lár an aonaigh sa chéad choicís de Mhárta do Sheachtain na Gaeilge. Seolfar clár na féile 2025 in Áras na Mumhan CLG ar an 1 Márta.

Tá sceideal lán imeachtaí geallta, oiriúnach do gach aoisghrúpa, agus imeachtaí le bheith ar siúl ar fud na cathrach agus an chontae idir an 1 Márta agus an 17 Márta. Déanann an fhéile ceiliúradh ar shaibhreas agus ar thábhacht na Gaeilge trí imeachtaí cultúrtha, sóisialta agus pobail.

Tá ríméad ar chomhordaitheoirí na féile, Comhluadar Luimnigh, go bhfuil maoiniú a fháil ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i mbliana.

'Is fada sinn ag obair i ndlúthpháirtíocht leis an tSeirbhís Leabharlainne agus bhíomar ag obair i bpáirt leis an Oifig Ealaíon don oíche chultúir roimhe seo. Mar sin, is iontach an chéim chun tosaigh é seo dúinn, rud a thugann deis dúinn ár bhféile a fhás tuilleadh fós' a deir Ava Nic Searraigh, oifigeach teanga le Comhluadar Luimnigh. 'Cabhraíonn an fhéile seo le daoine agus pobail a thabhairt le chéile agus cruthaíonn sí deiseanna agus líonraí nua'.

Beidh muintir Luimnigh ag spalpadh Gaeilge thart timpeall ar Dhónail Uí Chonaill.

I measc bhuaicphointí na féile beidh lá spraoi teaghlaigh as Gaeilge in Ionad Siopadóireachta an Parkway, Pilates agus Prosecco agus Péinteáil i Halla Íde i Sráid Thomáis (ní ag an am céanna!), zumba as Gaeilge i Móin a' Lín, scéalta agus rannta do pháistí in Ionad Oidhreachta Áth Dara agus Leabharlann Watchhouse Cross, comórtais, Tráth na gceist i Mothermac's, céilí, ceardlann podchraolta do dhéagóirí, tionóil shóisialta éagsúla agus go leor imeachtaí eile.

Clár Chomhluadar Luimnigh do Sheachtain na Gaeilge.

Is féidir sceideal iomlán Sheachtain na Gaeilge a fheiceáil ar www.comhluadarluimnigh.ie. Moltar clárú roimh ré ar an suíomh. Tá Conradh na Gaeilge, pairtnéir de chuid na Féile, páirteach i scéim "Ciste Spreagtha" na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.