skip to main content

Gaeilge le Grá offers easy road to fluency

Gráinne Ní Mhórdha set up Gaeilge le Grá as a response to hearing the many different languages being spoken in Ireland of late and also to be kind - offering anyone looking to learn Irish simple courses to improve their ability.

Idir cúrsaí simplí 21 Lá, úrsceál comhaimseartha, hataí agus málaí tá seirbhís cuimsitheach foghlama Gaeilge bunaithe ag Gráinne Ní Mhórdha dóibh siúd ar mhaith leo cur lena gcumas cainte. Labhair RTÉ.ie/Gaeilge léi faoin dúshlán athbheochanna seo a chuir sí roimpí.

Conas gur leag tú fút Gaeilge le Grá a bhunú?

"Is iomaí agus iontach iad na teangacha éagsúla atá le cloisteáil in Éireann sa lá atá inniu ann ach ceapaim féin gur chóir níos mó dár dteanga féin a chloisteáil ina measc ar fud na tíre ar fad."

"Tá caidreamh casta i gceist lena lán daoine maidir leis an nGaeilge agus a lán mothucháin i gceist chomh maith ó eagla, náire agus féin-chomhfhios."

"Bíonn daoine agus foghlaimeoirí, ach go háirithe, crua orthu féin maidir lena gcumas sa Ghaeilge. Muna bhfuil siad foirfe nó líofa fanann siad ina dtost."

Úrscéal Ghráinne, 'Bród'.

"Ceapaim féin go gcaithfimid a bheith níos cineáltaí dúinn féin agus d'fhoghlaimeoirí chun iad a spreagadh i dtreo na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge. Bhí tag-line ann cúpla bliain ó shin; "If you can be anything, be kind" agus is leis an meon céanna sin a bhunaigh mé Gaeilge le Grá."

"Thar aon lá is fiche, céim ar chéim spreagann na cúrsaí daoine chun an rud a bhí clúdaithe i rith an seisiúin ar an lá úd a chleachtadh i rith an lae ar fad. Beidh siad réidh arís le rud nua a fhoghlaim an chéad lá eile i modh simplí agus nadúrtha gan aon dáiríreacht nó scrúdú nó brú fiú."

"Is cur chuige nua é ach creidim féin go n-oibreoidh sé ach tá cabhair uaim an focal a scaipeadh!"

Ceann de na físeán a mholann Gráinne dóibh siúd atá ag lorg leiscéal an Ghaeilge a fhoghlaim.

"Ceapaim féin go gcaithfimid a bheith níos cineáltaí dúinn féin agus d'fhoghlaimeoirí chun iad a spreagadh i dtreo na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge. Bhí tag-line ann cúpla bliain ó shin; "If you can be anything, be kind" agus is leis an meon céanna sin a bhunaigh mé Gaeilge le Grá."

"Thar aon lá is fiche, céim ar chéim spreagann na cúrsaí daoine chun an rud a bhí clúdaithe i rith an seisiúin ar an lá úd a chleachtadh i rith an lae ar fad. Beidh siad réidh arís le rud nua a fhoghlaim an chéad lá eile i modh simplí agus nadúrtha gan aon dáiríreacht nó scrúdú nó brú fiú."

"Is cur chuige nua é ach creidim féin go n-oibreoidh sé ach tá cabhair uaim an focal a scaipeadh!"

Beanie le Grá!

Cé ar a bhfuil sé dírithe?

"I ndáiríre, tá Gaeilge le Grá dírithe ar an bpobal go léir sa tír seo agus i bpobail Ghaeil ar fud an domhain."

"Is í an fhadhb, dar liom, ná go mbíonn daoine ag foghlaim na Gaeilge mar gheall ar chúis amháin nó cuis eile; an Ardteist, le bheith i do mhúinteoir, le bheith i do Gharda."

"Caithfidh daoine leibhéal áirithe a bhaint amach nó scrúdú a fháil. Sin brú agus cé go n-éiríonn leis na daoine seo sa Ghaeilge ní bhaineann an chuid is mó acu úsáid as na scileanna teanga atá bainte amach acu."

"Tá an bhéim ar an nGaeilge mar ábhar scoile seachas teanga beo - sin an fáth nach mbíonn leibhéal nó scrúdaithe i gceist le Gaeilge le Grá, is dúshlán athbheochana é."

"I ngach baile sa tír seo tá daltaí ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, ag ullmhú don scrúdú cainte fiú ach is sa seomra ranga nó an seomra leapa sa bhaile a tharlaíonnsé. Caithfimid an Ghaeilge a thabhairt amach ón seomra ranga, go dtí an siopa milseáin in aice leis an scoil, fiú timpeall na scoile ar fad, sna cumainn spóirt, sna siopaí caife."

"Ba chuis bróid é don phobal i gcoitinne go mbeidís ag cabhrú leis na daltaí scoile dul i ngleic leis an teanga agus ag déanamh a chuid féin ar son na teanga agus an chultúr a chur chun cinn."

"Sin gan trácht a dhéanamh ar an earnáil turasóireachta. Bímid agcaint faoin gCéad Míle Fáilte an t-am ar fad ach deanaimid dearmad gur gnétaitneamhach eile í an Ghaeilge do thurasóirí ba chóir a chur ar fáil inár n-ostáin,dtithe tabhairne srl. Gan dabht fresin tá an cúrsa dírithe ar theaghlaigh ba mhian leocabhrú lena bpáistí agus meon dearfach i leith na Gaeilge a chruthú sa bhaile."

Clé, deas, clé, deas! Gardaí le Gaeilge sa Teampaill Mór.

Múineann tú daoine sna seirbhísí poiblí chomh maith?

"Is múinteoir Gaeilge mé le beagnach tríocha bliain anois, le níos mó ná fiche is a cúig acu caite i gColáiste na nGardaí agus mar sin tá taithí agam ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta."

"D’oibrigh mé mar oide le Hibernia ar feadh tamaill chomh maith. Mhúin mé ranganna d’iarrathóirí Hibernia a bhí ag ullmhú don scrúdú cainte."

"Anuraidh cháiligh mé mar chóitseálaí teanga le hOllscoil Luimní. Bhí tuiscint mhaith agam ar an turas foghlama maidir leis an nGaeilge cheanna féin ach tá táithí agam anois ar raon leathan d’uirlisí foghlama mar gheall ar an gcúrsa sin."

Cad tá i gceist leis an Cúrsa Beag 21 Day Challenge agat, mar shampla?

"Tá dhá chúrsa ar fáil le Gaeilge le Grá faoi láthair. An Cúrsa Beag agus an Cúrsa Mór."

"Is cúrsaí 21 lá an dá cheann acu agus ní mhaireann an Cúrsa Beag ach timpeall deich nóiméad gach lá."

"Tá na seisiúin ar líne agus is féidir teacht orthu ó mheán oíche. Is féidir le daoine dul siar ar lá ach ní feidir dul ar aghaigh. Tá sé níos eascaí ná an Cúrsa Mór agus níl aon obair bhaile nó ceachtanna scríofa i gceist."

"Tá an Cúrsa Beag óiriúnach d’fhoghlaimeoirí nua agus dóibh siúd a rinne staidéar ar an nGaeilge roimhe seo ach nach bhfuil múiníneach astú féin a gcuid Gaeilge a úsáid."

"I ndáiríre, ní chaithfidh ach duine amháin sa teach nó san oifig an cúrsa a dhéanamh agus is féidir leis nó léí ansin na daoine eile sa teach a spreagadh."

"In ionad a bheith chomh éifeachtach agus is féidir, tá gá le comhluadar."

"Dá mbeadh feachtas ar an raidió agus an teilifís ag gríosú daoine glacadh leis an dúshlán, gach duine ar lá a hAon ag an am céanna, ceapaim go mbeadh sé thar a bheith éifeachtach athbheochán na teanga a thosú."

Gráinne ag múineadh i gColáiste na nGardaí sa Teampaill Mór.

Cad a thug ort an t-úrscéal 'Bród' a scríobh?

"Is dóigh gurb iad an scríbhneoireacht agus an Ghaeilge an dá phaisean is mó atá agam ach don chuid is mó níor léigh mé leabhair Ghaeilge ach nuair a bhí cúrsa Gaeilge á dhéanamh agam."

Mar chaitheamh aimsire is fearr liom leabhair éadroma 'Chick Lit' a léamh agus tá sé deacair go leor teacht orthu sa Ghaeilge agus mar sin bheartaigh mé iarracht ceann a scríobh mé féin, ceann a bheadh éadrom agus easca go leor d’fhoghaimeoirí."

"Ní raibh plean mór agam, i ndáiríre ó thaobh ábhar de ach ceapaim féin go dtugann sé leargas ar shaol muintir na tíre i gcoitinne sa lá atá inniu ann agus i rith an phaindéim ach go háirithe."

Breis eolais le fáil ar na cúrsaí agus eile ag Gaeilge le Grá.