Tá TG4 mórtasach as NAOI gcinn d'ainmniúcháin a fháil ag Gradaim RTS na hÉireann, ag a ndéantar ceiliúradh ar bharr feabhais ár gcuid léiriúchán agus comhpháirtíochtaí.
Tugtar aitheantas ag gradaim an Royal Television Society (RTS) do scoth na craoltóireachta agus tá ríméad orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt ag scoth an tionscail dá gcuid saothair. Leis an líon is airde riamh d’iontrálacha i mbliana, léiríonn na hainmniúcháin láidreacht agus cruthaitheacht earnáil teilifíse na hÉireann. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas mór le rá Déardaoin an 27 Márta sa Guinness Storehouse.
Mar léiriú ar neart léiriúcháin agus comhpháirtíochta TG4 tá meascán leathan d'ábhar ainmnithe dos na Gradaim seo idir dhrámaíocht phóilíneachta láidir CRÁ ag Fibin Media & Zoogon, cúrsaí reatha dírithe ar Úcráinigh a theith ionradh na Rúise, Idir Dhá Bhaile: Ó Chív go Corcaigh le Below the Radar, léargas ar shaol páistí in Naíonra ag Tyrone Productions agus nuálaíochta leithéid Téacs Taistil ag Macalla.
An tsraith taistil a thabharfaidh an lucht féachana sa mbaile ar aistear ón tolg go ceann scríbe ar leith ar feadh uair an chloig gach seachtain is ea Téacs Taistil. Siad Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin and Proinsias Ó Coinn atá siúlach scéalach!

Tugtar léargas sa gclár faisnéise Idir Dhá Bhaile: Ó Chív go Corcaigh ar na dúshláin a chaitheann teaghlach amháin as an Úcráin a shárú agus iad ag cur fúthu in Éirinn. Déantar cur síos ar an aistear corraitheach a bhí acu ó Chív go Corcaigh agus tugtar léargas ar an éiginnteacht a bhíonn i ndán do theifigh agus iad ag éalú ó chogadh ina dtír dúcháis. Tá an saol saothraithe go maith ag an teaghlach seo de dheasca an chogaidh agus iad idir dhá thine Bealtaine.
Cuireadh raidhse spóirt bheo ar fáil atá san iomaíocht freisin idir CLG, rugbaí agus caid na bponcán.
Féach thíos más spéis leat blaiseadh d'fháil ar roinnt de na hiomaitheoirí.
CRÁ (Fibin Media & Zoogon Ltd)
Naíonra (Tyrone Productions)
Idir Dhá Bhaile: Ó Chív go Corcaigh (Below the Radar)
Téacs Taistil (Macalla Teoranta)
CUMASC: Seisiúin sa Black Gate (Black Gate Productions)
Lí Ban (Paper Owl Films)
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas mór le rá Déardaoin an 27 Márta sa Guinness Storehouse.