An Ghaeilge - ár dteanga dúchais, croílár ár bhféiniúlachta cultúrtha. Tá grá againn ar fad di - nach bhfuil?! Follow Brendan Courtney, Owen Colgan, Hilary Rose, Toshín and Erin King on their Gaeltacht adventures in Ring - go on the Déise!
Tá sé cásta! B'fhéidir go bhfuil grá agat don Ghaeilge, nó b’fhéidir go mbíonn tú ag streacailt leis an chúpla focal. Ach samhlaigh dá mbeadh seans agat an teanga a fhoghlaim arís?

I Réaltaí na Gaeltachta, téann cúigear aitheanta go dtí Gaeltacht Phort Láirge chun iad féin a thumadh go hiomlán sa Ghaeilge.
Some of Ireland's famous faces take on the ultimate Irish learning experience by studying in the Gaeltacht! Set in the breathtaking countryside in Waterford, TV presenter Brendan Courtney, actress Hilary Rose, comedian Owen Colgan, singer Toshín and Olympian Erin King reside with the locals at Coláiste na Rinne for a week of eating, sleeping and breathing as Gaeilge.
Ag tochailt amach a gcuid foclóirí agus ag pacáil a gcuid málaí, imíonn ár gcúigear daltaí leo go ceann de na coláistí samhraidh is cáiliúla in Éirinn – Coláiste na Rinne, An Rinn, áit a gcaithfidh siad seachtain faoi threoir na múinteoirí agus muintir na háite, le heispéireas iomlán na Gaeltachta a bheith ag an chúigear – ar fad as Gaeilge.
In episode one, the Réaltaí get accustomed to their new surroundings with new rules, new people and new routines all with the help of múinteoir Pádraigín. After the day's classes they celebrate with a cycle on the gorgeous Greenway but – there’s still a long way to go until the Scrúdú Béil!

Ag stopadh i dteach na mbuachaillí faoi shúil ghéar Fhear an Tí Paddy Ó Ceallaigh, tá an láithreoir teilifíse, Brendan Courtney agus an t-aisteoir agus fuirseoir, Owen Colgan. I dteach na gcailíní, tá an t-aisteoir Hilary Rose, an t-amhránaí soul Toshín agus an t-imreoir Rugbaí agus Réalta Oilimpeach Erin King sa bhaile le Bean an Tí, Bríd Uí Fhloinn.
Faoi stiúir an mhúinteora Pádraigín Ní Chadhla agus le cabhair ó réimse daoine áitiúla, tumann an cúigear daltaí iad féin in eispéireas an choláiste samhraidh – mar chuid de, ranganna teanga, craic agus buaicphointe na seachtaine seo - an cheolchoirm!

Gach lá, leanann na daltaí clár ama an Choláiste – ranganna ar maidin le Múinteoir Pádraigín agus Cúntóir Teagaisc Conor, agus tráthnóna bíonn gach cineál imeacht ar siúl ag an Choláiste – spórt, amhránaíocht, snámh, damhsa agus fiú rothaíocht ar an Rian Glas na nDéise! Ag deireadh na seachtaine, beidh 'scrúdú béil' ann le fáil amach cén sórt feabhais atá tagtha ar a gcuid Gaeilge. Agus le bronnadh duaiseanna ag an cheolchoirm ina dhiaidh – cé a thiocfaidh amach mar fhíor-Réaltaí na Gaeltachta?
I measc ceachtanna gramadaí agus comhrá bríomhar, cónaíonn siad mar fhíordhaltaí ar chúrsa Gaeltachta: ag dul i dtaithí ar sheomraí a roinnt le daoine eile, amanna béile socraithe, agus rialacha tí a leanúint. An éireoidh leo leis an dúshlán? An dtiocfaidh méadú muiníne ann le "Cleachtadh, Cleachtadh, Cleachtadh!" mar a deir Pádraigín?

D’ainneoin na hoibre déine, bíonn am ann leis an cheantar a fhiosrú. Éiríonn Hilary agus Brendan as na leabhair le cuairt a thabhairt ar fholcadáin fheamainne áitiúla. Baineann Erin, Owen, agus Toshín triail as rang ióga tríd an Ghaeilge. Téann an grúpa ar fad ag fámaireacht thart ar an Chósta Copair álainn agus tóraíocht taisce lán le spraoi ar thrá Cuan Chill Mhuirinn.
Suite i dtírdhreach aoibhinn chósta na Rinne i bPort Láirge, níl sé i bhfad sula gcuireann na daltaí a gcroí isteach sa cheantar agus sa teanga, ar a saimhín só ag déanamh cairde nua saoil agus ag cothú dáimhe lena dteanga dúchais ar bhealach nár shamhlaigh siad ariamh.
Do gach duine a bhí riamh i gColáiste Samhraidh – agus do dhuine ar bith nach bhfuair an deis freastal agus a ba mhian leo – is é Réaltaí na Gaeltachta an blaiseadh atá ag teastáil de chumha agus de ghliondar an chúrsa Gaeltachta, a dhéanann ceiliúradh ar aithne a chur ar ár dteanga iontach in athuair.
Réaltaí na Gaeltachta Ep 1 airs on RTÉ One tv and on the RTÉ Player on Tuesday 4 March at 7pm.