Maireann go leor againn anois méid áirithe ar líne ach is fiú cuimhneamh ar cad go díreach a fhoilsimid fúinn féin go poiblí toisc gur féidir leis an saol mór léamh fút, rud a chruthaíonn go gceapann siad go bhfuil 'aithne' acu ort.
Sheiceáil mé isteach go dtí mo Riad in Marrakech go déanach istoíche. Bhí mé ag fanacht ann liom féin. Lig fear cairdiúil isteach mé agus labhair mé leis beagán sula ndeachaigh mé a chodladh.

An mhaidin dar gcion bhí mé ag ithe mo bhricfeasta nuair a thosaigh sé ag insint dom fúm féin. Thuig sé gur scríbhneoir mé, podchraoltóir, aisteoir. Baineadh siar asam.
Lean sé ar aghaidh, luaigh sé m'áit chónaithe, ainm mo pháirtí, nach mbearraim faoi m’ascaillí…
Rith sé liom láithreach gur ríléir ar líne go bhfuilim aiteach agus nach nglactar go forleathan le daoine aiteacha i Maracó. Go deimhin caitear daoine LADTA+ sa phríosún ar feadh na mblianta.
Bhraitheas gafa i ngaiste ag m’fhéiniúlacht féin.
Rinne mé iarracht gan smaoineamh air.

An lá dar gcion thaispeáin sé dom ar ríomhaire an deasc fáilte mar a Ghoogláil sé m'ainm is na pictiúir a tháinig aníos.
Bhí mé i mo sheasamh in aice leis, i dtír go bhfuil tromlach na mban clúdaithe ó bhonn go baithis, nuair a tháinig aníos pic díom i mbikini ag léimt san fharraige i gCiarraí.
Ní haon rud as an ngnách pictiúr mar sin in Éirinn ach bhraith sé an-éagsúil thall.
Eolas é nach mbeinn tar éis roinnt leis, ach nach mise a chuir ann é?
Thug mé sochar an amhrais dó - ní dóigh liom gur thuig sé a mhíchompordaí is a bhí mé. Bhí am caite aige le m’abhatár ar líne, rud a chruthaigh bréag-chaidreamh eadrainn nuair nach raibh smid ná smeaid ar eolas agam faoi féin.

'Caidreamh parasóisialta’ a thugtar air seo. Is téarma é a chruthaíodh sna 50í nuair a tugadh faoi deara gur bhraith daoine go raibh aithne acu ar réalta móra teilifíse agus scannán nár bhuail siad leo riamh.
Díreach mar a thógtar caidreamh sa bhfíorshaol, cruthaítear caidrimh parasóisialta trí am a chaitheamh i gcomhluadar daoine. Ní thuigeann ár n-intinn áfach go bhfuil an t-am sin aontaobhach. Is cuid den saol anois é d’éinne a fhéachann ar na meáin go rialta.
Ach cé go gcaitheann tusa go leor ama ag faire ar an tionchaire is ansa leat, níl faic ar eolas aige fút. Tá brón orm, táim cinnte go mbeadh sibh i bhur ndlúthchairde dá dtuigeadh sé gur ann duit!

Sa lá atá inniu ann ní gá a bheith cáiliúil in aon chor chun go mbeadh caidreamh parasóisialta ag duine leat - ní gá ach cuntas poiblí a bheith agat, nó eolas a bheith ar fáil fút ar Ghoogle. Déanann gach duine beagán taighde ó am go chéile!
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Tuismitheoirí ag roinnt pictiúir a bpáistí ar líne - ceart nó mícheart?
Is fiú cuimhniú nach fíorchaidreamh é caidreamh parasóisialta, ach sruth aontaobhach. Ná ceap go dtuigeann tú duine bunaithe ar a gcuireann siad amach. Ní fheiceann tú ar líne ach cuid den scéal.
Más mian leat aithne ceart a chur ar dhuine, labhair leo i bpearsan. (Agus go bhfóire Dia orainn ná bí ag liostáil firicí faoi dhuine suas lena bhéal!)