Tá Saol na Feirme ar ais le hiniúchadh a dhéanamh ar an saol atá ag seacht dteaghlach feirmeoireachta agus iarracht á dhéanamh acu dul i ngleic leis na dúshláin a bhí rompu le bliain anuas.
Féach Siar ar Ep 1 ar RTÉ Player anseo.
Léargas ar fheirmeoirí a bhíonn ag plé le réimse gnólachtaí atá sa tsraith seo, curaíocht, déiríocht, mairteoil, caoirigh agus glasraí ina measc, agus tá ceantair ghalánta mar chúlra ag an obair seo ar fad in Ard Mhacha, Aontroim, An Clár, Gaillimh, Laois agus Ros Comáin.
Tá Matty Carroll dírithe ar an traidisiúin a tháinig anuas chuige.
Is iomaí dúshlán a thug 2024 léi, drochaimsir nach bhfacthas a leithéid riamh ina measc, ach is cinnte go bhfuil teacht aniar sna feirmeoirí.
Saol na Feirme returns to explore the lives of seven Irish farming families as they try to navigate the unpredictable challenges of the past 12 months. Set against the stunning backdrops of Armagh, Antrim, Clare, Galway, Laois, and Roscommon, the series delves deep into the lives of farmers managing tillage, dairy, beef, sheep, and vegetable businesses.
David Walsh-Kemmis ag caint faoin droch-aimsir a chuireann moill le cur.
Sa tsraith sé chuid seo, feicimid an chaoi a dtéann na teaghlaigh seo i ngleic le rudaí nach raibh siad ag súil leo agus an chaoi a nglacann siad leis an nuálaíocht chun a gcuid feirmeacha a choimeád ag imeacht, bíodh is go bhfuil meas fós á léiriú acu ar na sean-nósanna a tháinig chucu ó ghlúin go glúin.

Idir an drochaimsir agus na fiontair nua, nochtann aistir na bhfeirmeoirí an díograis, an chruthaitheacht agus an misneach atá ag teastáil le bheith faoi bhláth i dtalmhaíocht na linne seo.
Eagrán 1
Tá dúshláin mhóra roimh fheirmeoirí na hÉireann agus iad ag dul i ngleic le ceann de na hearraigh is fliche dá bhfacthas le blianta.
The first episode deals with how Ireland's farmers face tough challenges coping with one of the wettest springs in over a decade.
Saol na Feirme, Ep 1, Monday 24th February, 8.30pm on RTÉ ONE tv and the RTÉ PLAYER.