skip to main content

Planning a holiday? Try Donegal

An Earagail - majestic Mount Errigal rises from the Donegal bogland.
An Earagail - majestic Mount Errigal rises from the Donegal bogland.

Tá na laethanta ag éirí fada agus daoine ag smaoitiú chun tosaigh ar a gcuid laethanta saoire, lóistín le cur in áirithe agus pleananna le réiteach don aimsir bhreá a bhfuil muiduilig ag fanacht go géar leis an samhradh seo.

Sílim féin go bhfuil Gaeltacht Iarthar Thír Chonaill - Cloich Cheann Fhaola, Gaoth Dobhair agus na Rosa - foirfe do shaoire, bíodh sin do lánúin nó do theaghlach atá ag iarraidh éalú ar feadh deireadh seachtaine nó níos faide.

Luíonn an ceantar seo, ar a dtugtar 'Na Trí Paróistí' go minic, idir muir agus sliabh, agus meallann an fiántas sa tírdhreach go leor cuairteoirí anseo.

Sea and sand at Gaoth Dobhair.

Tá mé ádhúil cónaí anseo agus bím ag craobhscaoileadh iontaisí na háite de shíor!

Más óstán atá uait ó thaobh lóistín de, ní bhuailfidh tú an fháilte chroíúil ó Chlann Mhic Pháidín, ar leo Teach Jack ar an Ghlaisigh, i nGaoth Dobhair.

Tá rachairt ar an tóstán teaghlaigh seo ó thaobh a mbiachlár, an céilí seachtainiúil a bhíonn acu gach Máirt agus an chraic atá ar fáil san tabhairne ann. Cluinfidh tú Gaeilge anseo go cinnte agus ní bheidh tú ar an ghannchuid ó thaobh do dhinnéar de!

Tá siúlóid deas thart ar Loch Bhun an Inbhir in aice an óstáin agus níl tú i bhfad ó chúpla trá ach oiread.

The Northern Lights at Falcarragh Beach.

I nGaoth Dobhair tá radharc speisialta ag An Chúirt, óstán suite cois locha agus siombal an cheantair, an Earagail os do chomhair amach. Tá linn snámha anseo, muna bhfuil cuma ar an aimsir taobh amuigh, agus Zú Peataí ar chúl an óstáin, le achan sórt ainmhí a thógfaidh croí na bpáistí go cinnte.

In Anagaire, tá cliú ar chaighdeán an bhia in Óstán Chaisleáin Óir, áit a mbíonn ceol beo go rialta agus tá Óstán Loch Altan i gcroílár an bhaile i nGort an Choirce fosta mar rogha lóistín.

Tá neart roghanna glampála agus tithe féin fhreastail ann ach cuirtear iad in áirithe luath d'aimsir an tSamhraidh.

Ní thig cuairt a thabhairt ar an cheantar Gaeltachta seo gan siúlóid maith ar an trá, agus níl easpa tránna ann. Cúpla ceann a thaitníonn liom féin: Trá Bhaile an Easa ar an Fhál Carrach, agus cupa caifé i Batch ar an phríomhshráid ina dhiaidh.

Trá Mhachaire Rábhartaigh.

Tá trá mhór fhairsing i Machaire Rabhartaigh, san áit a dtéann bád farantóireachta go Toraigh agus tá Trá Charraig Fhinne galánta ag luí gréine, díreach buailte ar Aerfort Dhún na nGall.

Le dhá scór bliain nó níos mó, tá ceol traidisiúnta an cheantair ag mealladh na slóite ann, buail isteach Tigh Hiúdaí Bhig ar an Bhunbheag oíche Luan nó Aoine do sheisiúin ceoil, nó go Tábhairne Leo i Mín na Leice, áit a bhfeicfidh tú iarsmaí ceoil Enya agus Clannad ar na ballaí.

Bád Eddie.

Níl mórán fágtha anois de Bhád Eddie, ar Thrá Mhachaire Chlochair, a bhí i gcúpla físeán ceoil, ach is fiú an turas le pictiúr a ghlacadh ann.

Más duine thú a bhfuil fonn siúil ort, tá casán cloiche anois ar an Earagail, an sliabh is airde sa chondae, i nDún Lúiche. Is fiú an dúshlán a thriail do na radharcanna ar bharr an tsléibhe, ach tiomáin síos go Gleann Nimhe, áit a bhfuil Sean Eaglais na hÉireann, gan díon, más grianghraf éasca d'Instagram atá uait!

An explosive cameo from Bád Eddie in Clannad and Bono's 'In a Lifetime' video.

Taitneoidh ionad oidhreachta agus súgartha, Ionad Cois Locha, ar bhruach Loch Dhún Lúiche le óg agus níos sine. Thig turas a dhéanamh ar an fheirm, tá láthair mór faoin aerann do pháistí agus siopa deas ceardaíochta.

Tá an cultúr café ag fás sa Ghaeltacht, le Arán, Gleann na Síog agus Caifé Kitty i nGaoth Dobhair agus Time and Tide in Anagaire más greim blasta atá uaibh ar bhur dturas.

The old Church of Ireland, roofless, at Gleann Nimhe.

Mholfainn cuairt a thabhairt ar Dhrioglann Chroithlí, áit a bhfuil uisce beatha a thairgeadh, agus ina raibh na bábógaí Crolly Dolls á ndéanamh fadó. Bíonn seisiúin deas ceoil anseo achan Domhnach fosta le ceoltóirí iomráiteacha an cheantair.

Tá lóistín glampála i Rann na Feirste, achar ghairid ón drioglann agus siúlóid deas thart ar Loch Bhríde ar an bhaile sin fosta.

Visit the Distillery at Croithlí.

Tá fuíollach le déanamh sa cheantar seo, ach mholfainn carr a bheith leat, mar go bhfuil na ceantracha seo scaipthe óna chéile.

Is cuidiú mhór aerfort a bheith ar leac an doraisar an Charraig Fhinn, a cheanglaíonn an ceantar le Baile Átha Cliath agus le Glaschú, agus tá seirbhís bus go Gaillimh, Béal Feirste agus Gaillimh más sin do chóras iompar!

Má bhíonn tú ullmhaithe d’achan sórt aimsir, beidh tú go breá anseo agus tá neart seoid le feiceáil ar na hoileáin bheaga amach ón chósta a dtig bád farantóireachta a fháil chucu, ina measc Gabhla agus Inis Bó Finne.

Pleasure boats off Inishboffin, Inis Bó Finne.

Ní leor deireadh seachtaine amháin, ach cuirfidh sé cíocras ort pilleadh ar áilleachtaí Iarthar Dhún na nGall, an ceantar is giorra de mo chroí.

Places to stay - just don't delay.