Siar ón Daingean a bheidh ceoil, canadh agus clampar fonnadóireachta in ionaid éagsúla sa cheantair máguaird agus léachtaí, ceardlanna agus ranganna éagsúla ar siúl d'ógánaigh agus aosaigh le linn Scoil Cheoil an Earraigh.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Niamh Ní Bhaoill, duine de lucht eagraithe na Scoile, fén bunús leis an bhFéile áirithe seo agus a bhíonn ar fáil.
Bhfuil manifesto ar leith ag an Scoil, nó téama gach bliain?
"Sí an príomh aidhm atá ag Scoil Cheoil an Earraigh ná an deis a thabhairt do dhaoine, idir ógánaí na háite seo, agus cuairteoirí araon, aithne a chuir ar cheol agus amhráin Chorca Dhuibhne agus chomh maith leis sin, an deis a thabhairt do dhaoine ceoltóirí agus amhránaithe don scoth as ceantair eile in Éirinn agus níos faide i gcéin, a chlos."
"Tá súil againn go dtugann an Scoil Cheoil spreagadh do dhaoine agus go músclaíonn sé bród ina gcultúr féin, agus táimíd ag súil go mealfaidh sé daoine i dtreo ár dteanga agus ár dtraidisiúin."
"Is teacht le chéile aoibhinn ceolmhar é leis, a chuireann tús iontach leis an Earrach agus an mblian."

Idir mhúineadh agus foghlaim, deis iontach atá ann do cheoltóirí aithne a chur arghlúnta éagsúla?
"Ceann de na rudaí is iontaí faoin fhéile seo, agus go leor féilte eile, ná an deis a bhíonn ag daoine foghlaim ó roinnt de na ceoltóirí agus amhránaithe is iontaí dá bhfuil againn, agus ní hé amháin sin, ach iad a chlos sna ceolchoirmeacha agus fiú b'fhéidir seinimt leo sna seisiúntaí."
"Tugann sé daoine de gach saghas agus gach aois le chéile, agus teanga an cheoil mar dhroichead eatarthu."
Muintir Uí Shé ar stáitse Halla na Feothanaí.
Tá iliomaid imeachtaí ar siúl agaibh seachas na ceardlanna?
"Siad na ranganna cnámh droma na scoile agus bíonn tuairim is 25 rang éagsúil ar siúl againn sna huirlisí éagsúla, san amhránaíocht agus rince seit."

"Ach anuas ar sin bíonn 3 cheolchoirm againn, ar an nDéardaoin in Ionad an Bhlascaoid, agus ar an Aoine agus an Satharn i Halla na Feothanaí."
"Bíonn siúlóid againn, léacht ar an mBéaloideas, maidin chaifé, Tionól na nÓg, Ceolchoirm na nDaltaí agus iliomad imeachtaí eile. Deacair coimeád suas leo ar fad, ach tá gach eolas ar an suíomh!
Bhfuil bhur ndóthain lóistín ar fáil agaibh don crabhd a bheidh ag teacht?
"Fanann daoine i dtithe saoire, tithe lóistín, san ostán, tithe ar cíos, le mná tí, le cairde,aon áit a bhfuil leaba ar fáil! Tá formhór na n-áiteanna lán anois go bhfios dúinn, ach má tá daoine i bponc, tar i dteagmháil, agus mas féidir linn, cabhreoidh muid leo seomra afháil.
Míle fáilte roimis na héinne!"
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Píosa as Cartlann Bhóthar na Léinsí fé Ionad an Bhlascaod ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i 2022.
Gach eolas agus ticéid ar www.scoilcheoil.com