skip to main content

Mná na hÉireann - Paula Melvin, Uachtarán Conradh na Gaeilge

Mícheál Ó Conchúir, Paula Melvin agus an MEP Seán Kelly ag an gcéad díospóireacht a eagraíodh trén nGaeilge i bParlaimint na hEorpa.
Mícheál Ó Conchúir, Paula Melvin agus an MEP Seán Kelly ag an gcéad díospóireacht a eagraíodh trén nGaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Tá Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, ag seasamh síos ag Ard Fheis na bliana seo ag deireadh na seachtaine i Loch Gormáin, tar éis 3 théarma a chaitheamh sa ról.

Chaith sí ocht mbliain ar fad leis an eagraíocht agus tá go leor bainte amach aici agus a foireann le linn an ama. Labhair RTÉ.ie/Gaeilge léi faoin cuimhní ar an t-am.

Cad iad na buaicphointí gur cuimhin leat ón tréimhse?

"Toghadh mé den chéad uair agus an tír ag oscailt arís tar éis Covid agus dúirt mé ag an Ard Fheis sin sa Ghaillimh i 2022 go raibheas ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an méid ba mhó de Chraobhacha an Chonartha is a bhí indéanta."

An tAire Jack Chambers le Tánaiste an Chonartha, Michaeline Donnelly, Paula agus Ard Rúnaí na heagraíochta, Julian de Spáinn ag Ard Fheis na bliana seo caite.

"Bhuail Covid gach éinne go dona ach bhuail sé na Craobhacha go hainnis toisc gurb é an rud is mó a dhéanann na Craobhacha na deiseanna cainte Gaeilge a thabhairt don phobal. Bheartaigh mé mar sin tús áite a thabhairt dos na Craobhacha agus bhí sé go hálainn bualadh le níos mó dár mbaill agus dár mbaill nua. Le linn mo thréimhse d'ardaigh ár mballraíocht 280% mar sin bhuail mé le hana-chuid daoine nua."

"Tharla sé freisin go raibh mé i mBoston agus is Cuma cá mbím ach go nglacaim gach deis an Ghaeilge agus Conradh na Gaeilge a chur chun cinn; dá réir sin sheol mé r-phost ag an té a bhí i gceannas ar chúrsaí Gaeilge in Harvard dom chur féin i láthair mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge."

Pauline in Ollscoil Harvard, Boston.

"Tugadh cuireadh dom léacht a thabhairt ar na feachtais reatha atá ar siúl againn mar sin ba bhuaic pointe ar leith a bhí ann labhairt ag Ollscoil Harvard. Bhí deis chomh maith agam páirt a ghlacadh sa chéad díospóireacht a reáchtáladh go huile is go hiomlán tré mheáin na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa, a bhuíochas do Chraobh nua de Chonradh na Gaeilge sa Bhruiséil agus an MEP Seán Kelly."

Tá go leor cloiste againn fé bheith níos gaire do Bhoston ná Berlin ach bhí tú féin i lár an aonaigh?

"Tharla sé le linn dom bheith im Thánaiste ar an gConradh cuairt a thabhairt ar ár gCraobh i mBerlin agus Mí Meán Fómhar seo caite bhí mé ar cuairt ag tionól na Gearmáine i Frankfurt."

"Bhí cruinniú mar gheall ar an nGaeilge agam sa Capitol leis an bhfeisire Richie Neal. De réir mar a thuigim, b’shin an chéad uair go raibh cruinniú fén nGaeilge i Capitol Hill. Bhí Neal mar Chathaoirleach ar an Ways and Means Committee ag an am."

Feisire Chomhdhála na Stáit Aontaithe, Richard Neal.

Do leag tú sprioc romhat nuair a céad toghadh tú díriú ar stocaireacht ar son géarchéim staid tithíochta na Gaeltachta a réiteach; raibh aon dul chun cinn san iarracht sin, ainneoin na géarchéime náisiúnta tithíochta?

"Bhuel creidim go bhfuil dul chun cinn déanta. Le bheith hionraic leat ba dheas liom dá mbeadh níos mó dul chun cinn le feiscint."

"Bunaíodh Tinteán agus is iontach gur ann dó sin anois agus táimid ag tacú leo mar Chonradh. Is rud measartha nua é go bhfuil Meitheal Gaeltachta againn, a tháinig chun cinn laistigh de Chonradh na Gaeilge ag eascairt as rún Ard Fheise le linn dom bheith mar Thánaiste ar an eagraíocht agus is ball gníomhach den Mheitheal Gaeltachta mé."

"Agus tá an Meitheal Gaeltachta agus an Chonradh trí chéile ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim ollmhór seo."

Dul chun cinn le líon na mbaill!

"Dul chun cinn eile ar an ábhar seo ná go bhfuil sé luaite sa chlár rialtais go bhfuil an ghéarchéim tithíochta Gaeltachta ann, tá sé i mbéal an phobail, táimid ag comhoibriú le grúpaí Gaeltachta fud faid na tíre agus go leor ionadaithe ó go leor Gaeltachtaí ar an Meitheal Gaeltachta ach ba dheas liom dá mbeadh níos mó dul chun cinn déanta, cinnte."

"Beidh an ghéarchéim seo á phlé againn ag an Ard Fheis an deireadh seachtaine seo. Beidh sé seo ina théama ollmhór.

"Agus sílim go bhfuil dul chun cinn déanta sa mhéid is go bhfuil Conradh na Gaeilge ag stocaireacht go mbeadh Aire Sinsearach le suíocháin ag bord an rialtais le Gaeilge líofa, don Ghaeltacht."

"Tá sé sin againn anois le Dara Calleary don chéad uair le fada an lá agus beimid ag cur na ceisteanna seo ar Dara Calleary oíche Aoine ag an Ard Fheis."

"Nuair a toghadh mé mar Uachtarán freisin bhí mé ag labhairt faoi chúrsaí oideachais go mór agus ach go háirithe gur thit líon na bpáistí ó dheas atá ag fáil oideachas trí mheáin na Gaeilge, le linn tréimhse an rialtais dheireanach, cé go bhfuil éileamh ann agus go bhfuil an-chuid páistí agus a dtuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh seans acu freastal ar an nGaeloideachas; tá an córas ag teip orainn."

Nuair a toghadh mé mar Uachtarán an chéad uair mar chomharba ar an Dr Niall Comer, an chomhairle a thug sé dom ná nach turas aonair é a bheith id Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge; is obair ghrúpa atá ann.

"Cuireann sé déistin orm go bhfuil an titim seo sa Ghaeloideachas tarlaithe agus beidh sé seo á phlé ag 200 craobh i Loch Garman an deireadh seachtaine seo, gan trácht ar an scéal go bhfuil duine as ochtar ó dheas ar an tarna leibhéal ag fáil díolúine ón nGaeilge – tig leat Páirc Uí Chaoimh a líonadh leis an méid sin duine."

"Mothaím go bhfuil an-dul chun cinn déanta ó toghadh mé den chéad uair. Tá an-chuid dul chun cinn stairiúil déanta le mo linn, mar shampla, bhaineamar reachtaíocht don Ghaeilge amach sna Sé Chontae don chéad uair riamh a chuiridh deireadh leis na Péindlíthe!"

"Tá go leor leor oibre fós romhainn mar Chonradh agus cé nach bhfuil mé ag seasamh arís beidh mé ag leanacht orm mar ghnáthbhall den eagraíocht ag tacú leis an nGaeilge go deonach mar a rinne mé ón tús."

Cad tá i ndán duit anois?

"Rud amháin stairiúil eile gur mhaith liom a lua agus mo bhuíochas a ghabháil le Tánaiste reatha na heagraíochta, Michaeline Donnelly, a bhí iontach. Don chéad uair riamh bhí beirt bhan óg i gceannas na heagraíochta."

Paula lena hiníon Sadhbh ag uaigh Dhubhghlas de hÍde i Ros Comáin.

"Tháinig mac Michaeline Donnelly ar an saol, Con Ó Néill, agus saolaíodh cailín, Sadhbh Nic Gafraidh, dom féin mar sin táimid beirt ag tógáil clainne le Gaeilge anois."

"Rud beag pearsanta fúm gur mhaith liom a lua freisin; is Bleá Cliathach mé ach ba as ceantair Dubhghlas de hÍde i Ros Comáin go thuismitheoirí m'athairse, agus fheadar raibh tú riamh ann....

Bhí mé ann! Agus mé an-óg.....

"Bhuel seo rud nach bhfuil luaite agam le duine ar bith ach toisc gurb as do cheantar de hÍde mo mhuintir, agus cé nach bhfuil Gaeilge ag mo mhuintir, ba le mo mhuintir an teach tábhairne a bhí sa scannán Into the West atá trasna an bhóthair ó uaigh de hÍde."

"Agus níl mórán thart timpeall air – tá an teach tábhairne seo agus tá uaidh Dubhghlas de hÍde." "Agus mé ag fás aníos agus ag tabhairt cuairte ar mo mhuintir ann, thuig mé i gcónaí cérbh é Dubhghlas de hÍde – thuig mé gurb eisean an fear a shábháil an Ghaeilge ar cheap ana-chuid daoine nárbh fhiú nó nach bhféadfaí é a dhéanamh."

"Agus mé ag fás aníos ag éisteacht le roinnt beag Gaeilge i dtábhairne Into the West agus ag tabhairt cuairt ar uaidh de hÍde, níor thuig mé riamh go mbeadh sé de phribhléid agam a bheith ar an mbean ba óige agus an tríú bhean a bheadh mar Uachtarán ar an eagraíocht a bhunaigh sé le hEoin Mac Néill."

"Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil chomh maith le Julian de Spáinn as ucht an ualach a iompraíonn sé agus leis na hoifigigh uile as ucht an saothar atá ar siúl acu ar son na Gaeilge."

Tá an talamh briste ar athchóiriú uimhir a 6 Sráid Fhearchair, ceann cheathrú na heagraíochta, d’osclaíodh an chéad oifig Gaeltachta an Samhradh seo caite i mBaile na hAbhann agus maireann An Siopa Leabhar fós – oícheanta seolta leabhar agus ceoil san áireamh – cúpla céad slat ó Uimhir 6, anois ar Shráid Camden.