skip to main content

Dráma nua a chíorann an grá agus an briseadh croí

Labhair Nora Ní Anluain Fay ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock faoina saothar nua rince dar teideal "Please Break my Heart" a dhéanann ceiliúradh ar an mbriseadh croí.

Léiríodh an dráma nua le Nora mar chuid den sraith bliantúil Scene and Heard in Amharclann Smock Alley Déardaoin agus Dé hAoine, a thugann deis d'ealaíontóirí léirithe nua a thrialladh ar bhonn ceardlannaíocht beo, cineál.

Ní crá croí ar fad atá i gceist, mar a mhíníonn Nora do Tristan, tá an gháire mar chuid de chomh maith, nó go dtarraingítear anuas an cheist leis gurb é seo an chaoi 'how the greats make masterpieces?'

Tharais sin bhí an fuirseoir Louisa Ní Éideán i láthair chomh maith lena seó nua 'Perfectionistá' - 'a musical scéal of mediocre perfectionism' mar a thugann sí féin air.

Louisa Ní Éideáin

Coinnigh súil amach don dá seó seo - beidh siad á léiriú arís sna míonna romhainn.

An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock, Déardaoin, 14.05 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.