skip to main content

Rogha retro Terry Cavanagh

Ruathar Retro - Yes Men le Terry Cavanagh.
Ruathar Retro - Yes Men le Terry Cavanagh.

Tá bailiúchán de chluichí le Leagan Gaeilge acu ó dhearthóir Terry Cavanagh le fáil anois.

Tá dearthóir cluiche Indie Terry Cavanagh tréis bailiúchán nua de chluichí a sheoladh agus tá thart ar 21 cluiche ann!

Sa phaca seo, Terry's Other Games, feictear na cluichí (eile) is fearr le Terry; cluichí a dh’oibrigh sé ortha thar fiche bliain anuas san áireamh.

Chítear cinn a chruthaigh sé agus é ina dhéagóir, ar eitilt go (agus ó) seisiún cumtha cluichí, agus an chéad chluiche Flash a dhein sé fiú. Tá an paca seo le fáil ar Windows agus ar Steam Deck.

Mar a luadh, is dearthóir cluiche é Terry agus is Éireannach ó dhúchas é ach is i Londain atá sé ina chónaí anois lena bhean chéile agus a chait.

Aimníodh Terry Cavanagh ar liosta Forbes "30 Under 30" i 2014 sa chatagóir "Cluichí".

"Thosaigh mé ag cruthú cluichí na blianta ó shin agus mé ag fás aníos leis an Commodore 64,"arsa Terry.

"Chruthaigh mé cúpla cluiche tráchtála thar na blianta - ach níl aon bhaint aige sin leis an mbailiúchán seo. Seo bailiúchán de chuid de mo chluichí eile. Tá súil agam go mbainfidh tú sult astu!"

Chruthraigh agus d’fhoilsigh Terry cluichí eile Dicey Dungeons, VVVVVV agus Super Hexagon agus do bhuaigh VVVVVV gradam ag féile Indie Cade i 2010.

Dicey Dungeons le Terry Cavanagh.

Leaganacha Gaeilge

Tá leaganacha Gaeilge le fáil ar Dicey Dungeons agus VVVVVV leis.

I Terry’s Other Games, tá meascán chluichí ar fáil ar nós, Don't Look Back, Grab Them by the Eyes, Naya’s Quest, Mr. Platformer, Fountain agus Tiny Heist.

"Saoire a chaith mé i Nua Eabhrac is na comharthaí beoite iontacha a chonaic mé ann a spreag an cluiche seo", arsa Terry agus é ag caint fé Grab Them by the Eyes.

"Is ag útamáil leis an eagarthóir comharthaí a chaith mé an chuid is mó den am agus mé ag obair ar an tionscadal seo - chun an fhírinne a rá, ní raibh sa chluiche féin ach rud breise a ligfeadh do dhaoine eile triail a bhaint as comharthaí a dhéanamh iad féin."

Grab Them by the Eyes le Terry Cavanagh.

"Phléigh mé le meicnic a bhaineann le cluichí cláir roimhe sin go pointe áirithe, ach níor chríochnaigh mé faic go dtí an cluiche seo".

"Ceapaim gur chabhraigh an obair a dhein mé air leis an tslí a ullmhú do Dicey Dungeons, don tríú cluiche tráchtála a dhein mé, do chluiche eile ag a raibh baint le hiarracht ar chluiche cláir digiteach a chruthú".

Aimníodh At a Distance – atá sa bhailiúchán - do ghradam Nuovo san Independent Games Festival i 2011 agus do bhfuair Four Letter Word tagairt measúil an bhliain céanna.

Ní hamháin sin ach tá an cluiche deireanach sa bhailiúchán, Terry's Trainwrecks, ina mbailiúchán leis! Tá tuairim is dosaen saothar eile ann.

D’oibrigh Terry gan stad gan staonadh le Justo Delgado Baudi (an ríomhchláraitheoir), agus an stiúrthóir logánaithe Dav99 chun an bailiúchán a chur le chéile.

"Bíonn rath orthu siúd a oibríonn go dian," mar a deirtear.

Tá níos mó ná 20 teanga le feiscint i Terry’s Other Games, Gaeilge, Catalóinis agus Breatnais san áireamh. Do dhein Seaghán Ó Modhráin, Davis Sandefur, Brian Walshe agus mé féin obair ar an leagan Gaeilge.