skip to main content

Máire Ní Éinniú ceaptha mar bhainisteoir ar Nua na Mara

An Slua Muirí! Grúpa bailithe le Mná na Mara a cheiliúradh sa Ghaillimh.
An Slua Muirí! Grúpa bailithe le Mná na Mara a cheiliúradh sa Ghaillimh.

Fógraíodh ceapachán Máire Ní Éinniú ina Bainisteoir ar Nua na Mara ag Comhdháil Mná na Mara, comhdháil a d'oscail an tAire Mara, Timmy Dooley T.D.

Is céim shuntasach é an ceapachán seo, ag Údarás na Gaeltachta, mar aon le post Comhordaitheora Tionscadail atá le fógairt, i dtreisiú cumais na heagraíochta i bhforbairt na hearnála mara.

Beidh Nua na Mara ag cur spás taighde, forbartha agus nuálaíochta ar fáil chun tacú le comhlachtaí tabhairt faoi obair thaighde san earnáil mara. Lonnaithe ar shuíomh reatha saotharlann Ollscoil na Gaillimhe i Muighnís i gCárna, beidh deis ag taighdeoirí agus fiontraithe na h-áiseanna a úsáid ar mhaithe le tograí nua a chur ar bun in earnáil na mara sa Ghaeltacht, rud a spreagfaidh an earnáil sa Ghaeltacht, sa réigiúin agus go náisiúnta.

Máire Ní Éinniú, Bainisteoir nua-cheaptha ar Nua na Mara.

Tá breis is 15 bliain taithí ag Máire i bhforbairt mhara, i mbainistíocht airgeadais, agus i seachadadh tionscadal straitéiseach. Ó ceapadh mar Ardoifigeach in Údarás na Gaeltachta í in 2017, bhí ról lárnach aici i bhforbairt tionscnaimh straitéiseacha mara.

"Táim tógtha le bheith i gceannas ar Nua na Mara ag forbairt fiontair mhara inbhuanaithe ar fud ár réigiúin Ghaeltachta," a dúirt Máire, atá ina cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht na Gaillimhe.

Tá cáilíochtaí cuimsitheacha gairmiúla agus acadúla ag Máire, ina measc teastas mar Chomhairleoir Cánach Cairte agus cáilíocht ACCA mar Chuntasóir Cairte. Bhain sí Máistreacht amach in Eacnamaíocht agus Beartas Acmhainní Nádúrtha ó Ollscoil na Gaillimhe, áit ar dhírigh a cuid taighde ar eacnamaíocht mhara agus forbairt pobail cois cósta. Tá Máistreacht sa Chuntasaíocht aici chomh maith.

Is í Máire ionadaí an Údaráis ar Bhord Ceadaithe Tionscadal an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, ag maoirsiú iarratais ar dheontas thar scéimeanna éagsúla lena n-áirítear Próiseáil, Forbairt Gnó, agus tionscnaimh Dobharshaothraithe.

Sa ghriangraif thuas tá Máire Ní Éinniú, Bainisteoir úr-cheaptha ar Nua na Mara, Údarás na Gaeltachta, Timmy Dooley T.D., Aire Stáit na Mara, Iascaigh agus Léarscáilithe Dhigitigh, Marie Gleeson NavMar Leadership, Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus Siobhán Ní Ghadhra, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta ag freastal ar chomhdháil Mná na Mara, Ag Ceiliúradh Éachtaí, Ag Cothú Nuálaíochta, agus Ag Caomhnú Oidhreacht Mhuirí a d'eagraigh Údarás na Gaeltachta Déardaoin seo.