Briseadh malacht ocht mbliana déag nuair a d'ardaigh Shelbourne sraith na hÉireann mí na Samhna seo caite. Anois, tá Damien Duff agus a fhoireann ag tabhairt faoi shéasúr nua agus dúshláin úra.
Seasta trasna uathu arís, mar a bhí an oíche stairiúil sin trí mhí ó shin, ná Derry City.
Bliain ó shin, thug comhlachtaí geallghlacadóireachta seans 25/1 do Shelbourne corn na sraithe ardú. Is annamh go n-éiríonn lena leithéad.

Nuair a chuir Harry Wood an liathróid i líon an Brandywell leis an gcluiche agus an teideal a bhuachaint dos na Deargaigh, tarraingíodh anuas cuirtín ar shéasúr thar a bheith eisceachtúil sa tír.
De réir Duff é féin; b’shin an t-éacht ba dheacra agus an rud ba luachmhara a bhí bainte amach aige ina shaol spórtúil.
Is anois, tá súile an phobail ar ais arís air. Tá bac curtha ar aon chaint i measc imreoirí Shelbourne faoi a bheith ag cosaint shraith na bliana seo caite.
Ardaíonn an seaimpín dornálaíochta an crios leis an mbua. Ach fágtar síos arís é sular seasann siad idir na rópaí in athuair. Ní cosaint ach athbhua a bhíonn i gceist.
De réir Duff, 'sé sin an meon atá acu. "Tá muid ar fad ag tosú ar náid", a deir sé, "Níl aon chosaint ann."
Captaen Shels, Mark Coyle, ag tabhairt léirmheas ar thús na sraithe agus déine Duffer.
Freasúra faoi stiúr chéile comhraic nua atá ann Dé hAoine: Tiernan Lynch atá i mbun a chéad shéasúr i sraith na hÉireann. Tá dhá theideal as a chéile buaite aige i dTuaisceart na hÉireann agus cuma air go bhfuil seodra úra uaidh, luath seachas mall.
Tá scata imreoir caite uaidh agus slua aimsithe ón mBreatain aige. Idir Liam Boyce (Hearts), Gavin Whyte (Portsmouth), Carl Winchester (Shrewsbury) agus Shane Ferguson (Rotherham) tá tallann agus taithí idirnáisiúnta aimsithe ag Lynch don ionsaí.

Ach tá roinnt den phobal ag cur ina leith go bhfuil an iomarca taithí acu agus, ar nós cuid mhaith dornálaithe, ní thuigeann siad go bhfuil na laethannta is fearr caite.
Ní chuirfidh sé sin isteach nó amach ar lucht Dhoire más rud é go bhfuil siad in ann a mhalacht féin d’ocht mbliana is fiche a bhriseadh. Agus níl bealach níos fearr ann chun an roinn ar fad a chur ar an gcúlchos ná buaiteoirí na bliana seo caite a síneadh amach os comhair a slua féin.
Níl an athchóiriú céanna déanta ar phainéal Shelbourne is atá ag dream Tiernan Lynch. Ach tá saibhriú déanta ar a gcuid ionsaithe.
An t-ainm atá ar bheola lucht leanúna Shels i ndiaidh Chorn an Úachtaráin a bhuachaint ná "Mipo"!
Mipo Odubeko; fear óg a d'fhág Éirinn nuair a bhí Manchester United á lorg is é ina dhéagóir. Phreab sé timpeall na Breataine ó shin agus é ag lorg deise chun a chuid tallainne a nochtú.

De réir Duff, aithníonn sé tréithe i Mipo a bhí aige féin is é óg. Deir sé go bhfuil tuiscint agus grá á lorg aige chun go bhfeicfimid é ag bláthú i gceart anois. Bhí barróg fhada, láidir idir an fear dhá bhliain is fiche agus a bhainisteoir is é ag teacht ón bpáirc, agus an cúl aimsithe aige, Dé hAoine seo caite.
Má tá leagan amach eile le bualadh ag Duff ar lucht na sraithe i mbliana, seans go mbeidh Mipo lárnach sa chomhrac.
Idir na meáin, na lucht féachana agus pobal na hÉireann i gcoiteanna; ‘sé seo an séasúr is mó le rá riamh. Beidh na staideanna lán le sluaite stairiúla. Beidh na cluasa ag leanúint na scéalta is na súile ag breathnú ar na buillí mhóra thar choimhlint an tríocha sé babhta. Tá an crios leagtha síos ar imeall an chró dornálaíochta ag Duffer.‘Sé seo tús le comhrac úr.
Shelbourne FC v Derry City, Dé hAoine 7.45, Páirc Tolka.