skip to main content

Lá Vailintín - ainmhithe an Zú agus níos mó ar Pé Scéal É....

Máire Treasa Ní Dhubhghaill.
[Pic: Simon Ó Baoighill]
Máire Treasa Ní Dhubhghaill. [Pic: Simon Ó Baoighill]

Beidh clár speisialta á chraoladh ag Pé Scéal É amárach - Lá Vailintín - agus gach saghas grá dá chlúdach - grá na n-eiliphint agus na piongain, grá na namhráin, dráma ghrá, agus go leor eile. Beidh duais bhreá iomlán cuí do Vailintín á thairiscint, leis.

Agus Máire Treasa Ní Dhubhghaill sa suíocháin mar is gnáth, beidh gach neart uaithi sriain a choimeád ar a mbeidh idir lámha ar an gclár amárach - ach go háirithe líon na hormone endorphins a bheidh ag cur thar maoill!

Cloisfear tuairisc ag léiritheoir an chlár, Treasa Bhreathnach, a thug cuairt ar Zú Átha Cliath áit go bhfuair sí amach faoi Asha agus Aung Bo – lanúin nua eilifint agus an grá a bhíonns idir pionguiní. As you do.

Tá súil ach go háirithe ag an Zú go leanann an ghrá idir Asha - duine den ghrúpa iomlán ban-eilifint - anois toisc go bhfuil Aung Bo - an chéad eilifint le starrfhiacla - tagtha le déanaí ó Zú Chester. An mbeidh sparks eatartha?

Ní dhearúdann an eilifint La Vailintín ariamh. Bhfuil Aung Bo agus Asha dúnta i ngrá?

Beo sa stiúideó beidh An Chéad Ghlúin Eile, sé sin deirfiúracha Étáin agus Máire Ní Churraoin, amhránaithe as Rathchairn (deas gréine na Mí) agus iad lán dóchas agus grá.

Beidh An Chéad Ghlúin Eile ag casadh mí an Mhárta sa Sugar Club i mBleá Cliath agus ag Féile na Fuaime i gColáiste na hOllscoile BÁC ar an 20ú Feabhra, ar chlár ar a bhfuil leithéidí Sibéal agus Burnchurch san áireamh.

An Chéad Ghlúin eile ag canadh 'Tá Mo Chleamhnas Déanta' agus físeán ealaíonta leis.

Agus níl ansin ach a leath de - beidh painéal plé ann le Aimeé Ní Chonaing, Katelyn Hayes agus Cúán de Búrca, chomh maith le Stephanie Ní Chonchúir, bunaitheoir Píosa Me, Fionnuala Ní Fhlatharta ar a bealach chun na IFTAs oíche amárach agus dreas cainte le cliar An Chos Eile - dráma ghrá le Aerach Aiteach Gaelach.

Pé Scéal É...gach Aoine ag a 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.