skip to main content

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra go Béal Feirste

Máirín Ní Ghadhra i mbun láithrithe.
Máirín Ní Ghadhra i mbun láithrithe.

Beidh An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra á chraoladh beo ó Raidió Fáilte i mBéal Feirste ar maidin 15 Feabhra.

Ar an gclár inniu déanfar léirmheas ar obair Feidhmeannais ag Stormont a bheidh bliain ar ais i mbun oibre ag tús mhí Feabhra.

Caisleán Stormont, ceann-cheathrú an Choiste Feidhmeannach.

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra will broadcast live from Raidió Fáilte in Belfast this Saturday 15 February with a review of the work of the Stormont Executive, which, following its restoration in 2024, has now spent a year in operation.

Beidh súil ach go háirithe ar na scéalta móra atá gan réiteach ó thaobh cúrsaí sláinte agus oideachais de.

An t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin.

Pléifear freisin an chonspóid is déanaí faoi mhaoiniú do chúrsaí Gaeilge agus an Foras Trasteorann ach go háirithe.

I measc na n-aoinna beidh an tuairisceoir cliúiteach Póilín Ní Chiaráin, Somhairle MacUidhir ó Phobal Roimh Bhrabús, Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge agus Jeaic Mac Íomhair, iriseoir le Raidió Fáilte.

Céad-Aire, Michelle O'Neill agus leas Céad-Aire, Emma Little-Pengelly - faoi bhrú?

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra - clár maidin Shatharn a ríomhfaidh scéalta na seachtaine: nuacht, polaitíocht agus cúrsaí reatha go háitiúil, go náisiúnta agus ar fud na cruinne.

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra – a Saturday morning show looking back at the major stories of the week in news and politics from local, national and international perspectives.

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra beo as Béal Feirste ag 11r.n. ar an 15ú Feabhra.