skip to main content

Cé hiad na daoine seo atá tugtha do ról an réiteora?

Díríonn an chraoltóir agus láithreoir spóirt Gráinne McElwain sa chlár seo ar na cúiseanna go gcloíonn réiteoirí peile Chumann Lúthchleas Gael leis an gceird acu ainneoin an dúshlán agus, go minic, an dúlagar a théann leis.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Gráinne faoin gclár agus mar a léirigh sé de mheoin na ndaoine seo.

Bhfuil taithí agat féin ó na laethanta imeartha agat ar mar a caitheadh leis na réiteoirí? Meas tú a raibh sé níos múinte ná mar atá inniu?

"Níor imir mé ach tá taithí agam leis na blianta ag dul chuig cluichí agus ag éisteacht le daoine ag caitheamh anuas ar réiteoirí agus ag tabhairt drochíde dóibh."

Gráinne McElwain lasmuigh de Pháirc an Chrócaigh.

"Chaith m'athair seal mar réiteoir fosta agus ní raibh scéalta deasa le rá aige faoin iompar ar an pháirc ach an oiread. Glacadh leis an iompar sin agus níor déanadh mórán faoi ag leibhéal an chlub nó an contae agus mar sin, d’fhás glúinte óga suas ag ceapadh go raibh sé ceart go leor a bheith ag tabhairt amach ar an pháirc, ón taobhlíne agus ó na seastáin."

"Ní raibh sé riamh ceart agus níl sé ceart anois. Is dócha le dul chun cinn na meáin shóisialta, cloiseann tú agus feiceann tú níos mó eachtraí atá ag dul ar aghaidh. Ach tá freagracht ag gach duine as a n-iompar féin agus cuireann an drochiompar ó dhaoine isteach go mór ar na réiteoirí. Ag deireadh an lae, is gnáth daoine iad agus ní róbait."

Réiteoir David Gough takes four reliable umpires with him to every game he officiates; two of them – his uncle Terry and his father Eugene – are seen here with him, in Slane, County Meath.

Agus tú ag obair mar chraoltóir cois páirce, raibh aiféala ort fé mar a chaití le réiteoirí? Sampla ar leith?

"Bím an-bháúil do na réiteoirí mar tá a fhios agam cé chomh deacair is atá sé a jab a dhéanamh. Is post an uaigneach, aonarach é."

"Bíonn sé doiligh dóibh nuair a dhéantar botúin nó nuair nach bhfuil an cinneadh a rinne siad ag dul leis an fhoireann bhaile go háirithe."

"Bíonn imní orm dóibh in amantí agus iad ag fágáil na páirce leo féin go háirithe nuair a bhíonn críoch teasaí ann."

"Ní bhíonn mórán tacaíochta, Gardaí nó maoir timpeall orthu in amantaí ag fágáil na páirce agus ní maith liom na sluaite a fheiceáil ag teacht isteach ag tabhairt amach dóibh."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

An réiteoir Diarmuid Lyng ag caint le Fachtna Ó Drisceoil Tús Áite RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Na stats: arbh oscailt súil duit chomh hard is a bhí e.g. 88% dóibh siúd a d'fhulaing drochíde, líon mhóir le galar dubhach agus drochshláinte meabhair?

"Bhí iontas orm ar cé chomh hard is a bhí na staitistic agus chuir mé an cheist go minic ar na réiteoirí sa chlár, cén fáth go ndéanann siad é."

"Ach is breá leo an jab ach níl siad ag iarraidh an seafóid a théann leis ó dhaoine a mba chóir níos mó céille a bheith acu. Caithfidh muid fáil réidh leis an chultúr a dhéanann neamhaird ar an méid atá ag tarlú do réiteoirí agus gan glacadh le drochíde."

Réiteoir Eoghan Ó Muircheartaigh, grandson of the late Micheál, with his father Micheál 'Murt'.

"Cuirim fáilte ollmhór roimh na rialacha úra i dtaobh drochíde de. Cheana féin, tá sé le feiceáil nach bhfuil an oiread sin cainte ó na himreoirí agus lucht bhainistíochta ar an taobhlíne leis an réiteoir agus is rud maith é sin."

"Tá dualgas orainn uilig stop a chur leis an chultúr a bhíodh ann agus go mbeidh an t-aos óg ag foghlaim nach bhfuil cead agat a bheith dímheasúil don réiteoir."

"Murach na réiteoirí, ní bheidh aon chluiche ann agus tá dualgas orainn jab an réiteora a dhéanamh níos furasta. Is féidir easaontú le cinneadh ach ní féidir an duine a mhaslú agus a ionsaí dá bharr."

Réiteoir Siobhán Coyle at Fanad Lighthouse in her native Donegal.

Bhfuil tuairimí amuigh go bhfuil tacaíocht an CLG easnamhach ó thaobh na reiteoirí a chosaint ó ionsaithe, fisiciúla nó eile?

"Silím go dtuigeann an CLG go bhfuil fadhb ann agus tá siad ag déanamh a ndícheall chun dul i ngleic leis ach cosúil le gach rud sa saol seo, is féidir linn uilig níos mó a dhéanamh."

Gráinne ag caint le hUachtarán an Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns.

"Tháinig sé fríd go soiléir domsa sa chlár go bhfuil réiteoirí ag iarraidh tacaíocht ach is céim mhór chun tosaigh iad na rialacha úra chun cuidiú le réiteoirí agus an dóigh a mbíonn gach duine ag déileáil leo."

"Tá súil agam má athraíonn muid an iompar atá inghlactha ar an pháirc go bhfeicfidh muid athrú ar an drochiompar ó na seastáin agus an taobhlíne fosta. Seo céim a haon agus tá níos mó le dul againn ar an turas seo. Ach is tús maith é."

Réiteoir! Déardaoin 13ú Feabhra ag 10:15i.n. ar RTÉ One agus RTÉ Player.

Léirithe ag Macha Media.