Is iomaí duine againn a d'fhulaing crá ag an ngrá agus ag an saol. Ach an raibh fhios agat go bhfuil briseadh croí in ann tú a chuir den tsaol?
Tá dóthain taighde againn anois le rá go bhfuil buillí móra strusmhara in ann damáiste ollmhór a dhéanamh.
Cairdimiópaite Spreagtha ag Strus, no Siondróm Briseadh Croí an t-ainm a thugann na cairdeolaithe air.
Tá sé in ann tarlú do dhuine atá i mbarr a tsláinte, agus de réir an taighde, is minicí go dtarlaíonn sé do mhná. Buaileann racht pian sa gcliabhrach duine, agus ceaptar go dtarlaíonn sé seo mar go bhfuil an croí ag iarraidh déileáil le borradh mór struis sa gcorp.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Tuigtear nuair a thagann strus mór anuas sa mhullach ort go scaoiltear hormóin amach sa gcorp, agus go bhfuil na hormóin seo in ann stangadh chomh mór sin a bhaint as an gcroí, go bhfuil sé in ann stopadh feidhmiú i gceart.
Buillí móra an tsaoil a bhíonn an tionchar seo acu orainn – cailleadh post, bás páirtí, colscaradh, briseadh amach le duine nó fáil amach go raibh do ghrá geal ag caitheamh claíocha mar a deireann muid i gConamara.
Is cosúil gur minic go gceaptar gur taom croí a bhíonn ann, ach nuair a bhreathnaítear ar an gcroí, níl aon bhac ná blocáil sna artairí.
Nuair a tharlaíonn Siondróm Briseadh Croí, fásann cuid den chroí ró-mhór ar feadh scaitheamh, agus dá bhrí sin, níl sé chomh héifeachtach ag sruthlú fola thart timpeall an cholainn.
Bíonn an cuid eile den chroí ansin ag obair go crua ag iarraidh rudaí a chuir ina gceart, rud a chuireann níos mó brú air. Cliseann an croí, agus fíor chorr uair, faigheann daoine bás dá bharr.

Deá-scéala ná nach dtarlaíonn sé chomh minic sin, agus gur féidir cóir leighis a fháil. Ceaptar gur mb’fhéidir go bhfuil tionchar ag hormóin tíoróideach mí-normálta ar seo, agus b’fhéidir gurbh é sin an fáth go mbuaileann sé mná níos mó ná fir mar tá fadhbanna leis an tíoróid i bhfad níos coitianta i measc na mban.
Mar sin, is fiú i gcónaí a bheith airdeallach má bhuaileann pian sa chliabhrach tú nó má bhíonn an t-anáil ag ritheacht uait. Go háirithe má tá tú faoi bhrú ag strus. Is féidir leis an Siondróim seo tú a dhéanamh tinn fiú muna bhfuil galar croí ort.
Go deimhin, is fiú i gcónaí comhairle leighis a fháil má bhíonn pian sa chliabhrach, ar fhaitíos na bhfaitíos.
Gan croí, níl tada ionainn. Taispeáineann sé freisin go bhfuil muid casta mar dhaoine. Tá tionchar ag an aigne, ár meon agus ár saol ar ár sláinte.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Tá sé tábhachtach go mbeadh bealaí againn ar fad leis an strus a laghdú ar chúinsí éagsúla. Téigh amach faoin aer, déan beagán aclaíochta, faigh do dhóthain codladh, agus dírigh ar do chuid anála má tá tú ag mothú faoi bhrú.
Agus as ucht Dé ort, ná déan dearmad cárta Vailintín a cheannacht do do ghrá geal má tá sé de ádh ort duine a bheith agat!