skip to main content

Réiteoir! - ionsaithe, tráma, gealadhraim

Iniúchadh atá in Réiteoir! ar an gcostas fisiciúil, meabhair agus céadfaíoch a bhaineann leis an réiteoireacht sa CLG. Cíorann an chraoltóir spóirt Gráinne McElwain líon agus rian an drochíde seo ar réiteoirí reatha an lae inniu sa chlár faisnéise seo.

Réiteoir! investigates the physical, mental, and emotional toll of refereeing in the GAA. Sports broadcaster Gráinne McElwain investigates the extent and impact of abuse faced by GAA referees.

Football referees, David Gough, Siobhán Coyle and Eoghan Ó Muircheartaigh, give personal accounts of their lives as referees, their love for the role and the challenges it brings.

Deineann stiúrthóir an chláir, Antaine Ó Donnaile, cur síos ar an dúshlán a bhain leis an scéal seo a chur os comhair lucht féachana - ní dúshlán gan deacracht atá ann toisc a ghoilliúnaigh is atá an t-ábhar.

Tá níos mó i gceist le Cumann Lúthchleas Gael ná spórt; is feiniméan cultúrtha ar leith é, fite go domhain i bpobail ar fud oileán na hÉireann agus thar lear. Cothaíonn sé paisean, bród, agus uaireanta, mothúcháin dhiúltacha.

Cé gurb iad na himreoirí agus na bainisteoirí réaltaí gach cluiche, bíonn réiteoirí i lár an aonaigh i gcónaí, ag déanamh cinntí i bhfaiteadh na súl a d'fhéadfadh torthaí a athrú agus conspóid a spreagadh, agus is minic a fhaigheann siad drochíde agus mí-úsáid de dhéasca na gcinntí sin.

Réiteoir! presenter Gráinne McElwain and referee David Gough.

Bhí muid ag iarraidh a scéal sin a insint— léargas fírinneach a thabhairt ar shaol na réiteorí peile i gCumann Lúthchleas Gael.

Bhí a fhios againn ón tús nach clár faisnéise éasca a bheadh ann. Ceann de na dúshláin ba mhó a bhí ann ná réiteoirí a aimsiú a bheadh sásta labhairt go hoscailte faoi thionchar na mí-úsáide ar a saol.

Mar an gcéanna le go leor spórt eile, is minic a ghlactar le mí-úsáid réiteoirí mar gnáthchuid den chluiche agus níor theastaigh ó go leor réiteoirí CLG aird a dhíriú uirthi.

Bhí an t-ádh linn triúr réiteoirí iontacha a aimsiú ó áiteanna éagsúla sa tír agus ó leibhéil éagsúla den Pheil Ghaelach.

Bhí David Gough as an Mhí, Siobhán Coyle as Dún na nGall agus Eoin Ó Muircheartaigh as Ciarraí thar a bheith flaithiúil linn agus roinn siad linn go macánta a gcuid ama, a gcuid taithí agus, thar aon rud eile, an grá atá acu don chluiche agus do Chumann Lúthchleas Gael.

Eoghan Ó Muircheartaigh, middle, with his granduncle, GAA legend Micheál.

Bhí na scéalta a d'inis siad dúinn cumhachtach, corraitheach uaireanta, ach i gcónaí oscailte agus cothrom. Ba mhór an phribhléid í aithne a chur orthu mar dhaoine.

Dúshlán eile a bhí againn cluichí a scannánú i le linn an tséasúir. Bhí muid ag iarraidh taifeadadh a dhéanamh ar an teannas agus ar an drámaíocht a bhaineann le cluíchí móra, go háirithe na cinntí deacra agus a gcuid impleachtaí.

Chuir muid micreafóin ar na réiteoirí chun a gcuid cinntí a thaifeadadh le linn cluichí agus rinne muid iarracht na cluichí a chlúdach an oiread agus a thiocfadh linn le criú réasúnta beag, ag úsáid réimse ceamaraí de gach cinéal.

Siobhán Coyle at Fanad Lighthouse.

Táimid an-bhuíoch de na foirne, na clubanna agus de na contaetha ar fad a thug cead dúinn scannánaíocht a dhéanamh leo chun léargas a fháil ar shaol an réiteora.

Tá sé aitheanta le fada ag Cumann Lúthchleas Gael féin, ó leibhéal an chlub go Páirc an Chrócaigh, gur ceist thromchúiseach san eagraíocht í mí-úsáid réiteoirí agus bhí siad i gcónaí oscailte agus fáilteach dúinn mar fhoireann léiriúcháin.

Bhíomar in ann scannánú agus plé a dhéanamh ar a gcuid iarrachtaí chun leas fisiciúil agus meabhrach réiteoirí a fheabhsú agus chun leibhéil mhí-úsáide i gcoitinne a laghdú.

Uachtarán an CLG Jarlath Burns le Gráinne.

Bhí a fhios againn go raibh freagracht orainn déileáil leis na saincheisteanna íogaire seo go cúramach agus go macánta. Ba ríthábhachtach linn dearcaí ó gach taobh den scéal a léiriú, idir réiteoirí, imreoirí, lucht leanúna, anáilísithe agus Chumann Lúthchleas Gael féin.

Ní raibh sé mar sprioc riamh duine nó dream faoi leith a dhamnú, ach daoine a chur ag smaoineamh ar a bhfuil i gceist le bheith ag réiteoireacht i spórt atá ag éirí níos tapúla, níos sciliúla agus níos iomaíche gach bliain.

In ainneoin na ndúshlán ar fad a bhain le déanamh an chláir faisnéise Réiteoir! ba eispéireas suntasach, sultmhar agus tairbheach é. Rud amháin a thagann chun tosaigh go láidir sa chlár ná an díograis agus an dílseacht atá ag réiteoirí do Chumann Lúthchleas Gael, don phobal agus do na cluichí.

Tá súil againn go spreagfaidh an clár comhrá i measc an phobail, go dtabharfaidh sé dúshlán ár ndearcaí, agus, ar deireadh thiar, go gcothóidh sé níos mó measa orthu siúd a choinníonn ár gcluichí Gaelacha ag imeacht.

Antaine Ó Donnaile, Macha Media

Expert analysis is provided throughout by Fearghal Mag Uiginn, a high profile, Ulster-based
sports commentator. Fearghal welcomes the efforts being taken by the GAA to deal with
abuse but believes the organisation is often inconsistent in enforcing rules that are already
there.

From grassroots behaviour to the growing influence of social media and the complexities of
an evolving rulebook, Réiteoir! gives a fascinating and valuable insight into the realities of
being a GAA football referee in the modern age as well as providing food for thought for
GAA members at all levels, encouraging us all to examine our own attitudes and behaviour.

Réiteoir! Déardaoin 13ú Feabhra ag 10:15i.n. ar RTÉ One agus RTÉ Player.

Léirithe ag Macha Media.