Craoladh céad eagrán 2025 den gclár úr cúrsaí reatha Gaeilge, Fóram, maidin Domhnaigh an 9ú Feabhra agus tús stoirmiúil pholaitiúil agus nádúrtha na bliana á phlé.
Féach siar ar an gclár anseo.
Ní minic gur gá súíl siar a chaitheamh ar an mblian i Mí Feabhra ach ba chuí an uair seo toisc atá titithe amach ó La Caille.

Labhair an láithreoir agus iriseoir Caoimhe Ní Laighin le Tom Brabazon, TD le Fianna Fáil i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus le Ruairí Ó Murchú, TD de chuid Shinn Féin i gCondae Lú, fé mar a thosaigh 2025 idir scrios Stoirm Éowyn, troid Dála fé chearta labhartha ionadaithe agus cúrsaí timpeallachta. É seo go léir agus Donald Trump tar éis filleadh ar an Teach Bán.

Bhí scéal chúrsaí athchúrsála plaisteach chomh maith ag tuairisceoir Fóram, an tiriseoir Darragh Ó Caoimh, a thug le fios go bhfuil dul chun cinn mhóir déanta ag pobal na hÉireann leis an scéim óg athchúrsála buidéal plaisteach agus cannaí dí, Re-Turn.

Ainneoin sin, tá baol ann go mbeidh daoine thíos leis agus costaisí bailithe bruscar teaghlaigh fós le híoc acu leis na comhlachtaí príomháideacha éagsúla atá dírithe ar bhrabús a gcuid scairshealbhóirí a mhéadú.
Sé Colm Kirwan Clár-Eagarthóir Fóram.
Fóram, gach Domhnach ón 9ú Feabhra, ag 10.30r.n.