Ó na deartháireacha Gallagher, an bheirt Cyrus agus na deirfiúracha Corrs sin againne féin, níl rud ar bith chomh deas leis an bhfuinneamh speisialta a bhíonn idir teaghlaigh cheoil.
Tá an clár teaghlaigh Réalta agus Gaolta ar ais ar TG4 gach oíche Domhnaigh, agus iad sa tóir ar an teaghlach is cumasaí in Éirinn!
Rachaidh clanna ceolmhara na tíre in iomaíocht ar stáitse thar thréimshe ocht seachtaine, le hamhránaíocht agus damhsa den chéad scoth! T
abharfaidh sé theaghlach aghaidh ar a chéile gach uile sheachtain agus súil acu áit a bhaint amach i mbabhta ceannais na bliana seo! Cé a rachaidh a chun cinn? Cé hiad an teaghlach is cumasaí in Éirinn?

Is iad Irial Ó Ceallaigh, seaimpín san amhránaíocht ar an sean-nós, agus Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir a bhfuil gradaim bainte amach aici, a thabharfaidh breithiúnas ar na teaghlaigh.
Beidh aoi-mholtóir speisialta a bhfuil baint acu le gnó na siamsaíochta in éineacht leo gach seachtain. Leithéidí Fhiachra Ó Braonáin ó na Hothouse Flowers, Mairéad Ní Mhaonaigh an máistir ar an bhfidil agus an ceoltóir Piaras Ó Lorcáin.

Is maith a thuigeann siad seo an lúcháir (agus na dúshláin!!!) a bhaineann le bheith ag obair in éineacht le do ghaolta. B'fhéidir nach n-aontóidís lena chéile i gcónaí ach beidh an láithreoir Síomha Ní Ruairc ann chun súil a choinneáil orthu.
Cé a gheobhaidh an lámh in uachtar? An dtiocfaidh muid ar an gcéad Clannad eile? Is gearr go mbeidh a fhios againn é!
TG4 gach Domhnach ag 8.30pm.