skip to main content

Sherlock Holmes rides again - as Gaeilge

Sir John Gielgud, ar chlé, mar Sherlock Holmes, Sir Ralph Richardson, mar Dr. Watson agus Orson Welles, eatartha, mar 'arch-villain' Professor Moriarty, i mbun léirithe raidió de chuid an BBC.
Sir John Gielgud, ar chlé, mar Sherlock Holmes, Sir Ralph Richardson, mar Dr. Watson agus Orson Welles, eatartha, mar 'arch-villain' Professor Moriarty, i mbun léirithe raidió de chuid an BBC.

Tá An Siopa Leabhar ar altramas ar Shráid Camden fé láthair, faid is atá Uimhir a 6 Sráid Fhearchair i mbun a fhorbartha. Níor chuir an tsealadacht seo aon bhac ar an traidisiúin seolta leabhar gur dual don áit agus Eachtraí Sherlock Holmes dá sheoladh.

Sé Éamon Ó Dónall a chóirigh an leagan seo agus bhí slua bailithe ann le ceiliúradh a dhéanamh air ag deireadh Eanáir.

Dhein Eoin P. Ó Murchú cur síos ar mar a chabhraigh eachtraí Sherlock Holmes leis teacht trí babhta breoiteachta agus é óg agus é i mbun seolta.

"In aois na bunscoile bhíos ag dul ar thuras rugbaí go Sasana, agus tháinig tinneas orm agus bhí mo scórnach chomh ataithe sin nach bhféadfainn dul ar an turas ach fanacht sa bhaile. Ní raibh de chomhluadar agam ann ach sean-drámaí raidió, Sherlock Holmes an BBC. Agus bhí na mistéirí meatacha seo tugtha chun beochta ag John Gielgud agus Ralph Richardson agus thug siad liom tríd an tinneas mé."

"Dúirt mo mham liom, go mbínn ag deineamh, ina dhiaidh seo, mo chuid téipeanna féin agus mé ag ligean orm féin gur mise Sherlock Holmes - le canúint Shasanach, mura miste libh! Ach chuir mé díom é sin go tapaigh."

Rian Ó Murchú an traidisiúin fada bleachtaireachta atá againne Gael idir Réics Carló Chathail Uí Shándair, go Aoife Nic Dhiarmada agus Réamonn Seoige Anna Heussaff, gan trácht ar Dhuinnín - Bleachtaire, an foclóirí clúiteach athshamhlaithe ag Biddy Jenkinson.

I measc na scéalta laistigh den gclúdach, mar a mhínigh Eoin tá taisce rí-chlúiteach fé thalamh, ceannairc fhuilteach ar long, aghaidh bhuí scáfar i bhfuinneog na gcomharsan agus capall ráis clúiteach a théann ar strae; ar shíolaigh sé sin seift d'éinne an taobh seo den Mhuir Éireannaigh uair ar bith? Cá bhfios.

Eoin P. Ó Murchú: níl Gielgud ach in áit na leathphingine.

Labhair Éamonn Ó Dónall leis an gcrabhd ina dhiaidh sin faoin duath a bhí bainteach leis an gcuid aige féin den obair - suas le cúig mhíle dhéag athrú a dhéanamh ar an dtéacs sula raibh ceann scríbe sroichte.

"Rinne mé cinneadh réasúnta docht cloígh le Gaedhlic Dhún na nGall, an leagan atá sa bhun-saothar. Ach chinn mé ansin ar litriú chaighdeánach, a fhoiread agus ab fhéidir."

Thagair sé d'údar an bhun-shaothar, an Chonallach Proinnsias Ó Brógáin, ag an Gúm, a d'aistrigh na scéalta sa bhliain 1936 agus mhol an saothar ag Mícheál Ó hAodha na Gaillimhe as an jab a dhein sé ar san leabhar a aistriú.

Éamonn Ó Dónaill, ag caint fén saothar a bhí i gceist.

Mhol sé chomh maith Foilseacháin Ábhar Spioradálta a d'fhoilsigh, mar aon le saothar na beirte ann, an tAthair Frainc Mac Brádaigh agus Fionnuala Mac Aodha.

"Cé go raibh mé féin ag díriú ar theanga, d'éirigh liom sult a bhaint as na scéalta mar sin féin. Bhain mé taitneamh faoi leith as an scéal Cléireach an Stoc-cheannaí agus as an scéal deireannach sa chnuasach, An Cheist Dheireannach, scéal ina bhfuil ról lárnach ag sean-namhaid Holmes, an tOllamh Moriarty. Scéal faoi leith an ceann sin."

Maireann na scéalta seo a thuilleadh toisc saothar gach éinne a bhí bainteach, chun gur féidir le glún nua leannaí ligean ortha féin gur Sherlock Holmes, iondiúbatiblí, iad féin.

Seolfar an leabhar go speisialta san Earrach i gceantar Phroinnsias Uí Bhrógáin i nDún na nGall.