Tá dearadh cathracha i bhfad uainn agus ag an am gcéanna fénár gcosa gach lá agus gaol dosheachanta againn le mar a chruthaítear na sráideanna, na foirgnimh a sheasann ortha, agus na córais iompar a fhreastalaíonn ortha, mar a rianaínn Pól Ó hÍomhair.
Seal ó shin, bhíos ar saoire i gceantar na Réine sa Ghearmáin le cúpla cara liom nuair a chinneamar dul trasna na teorann chuig an Ísiltír ar feadh lae. Ós rud é nach raibh an bheirt eile riamh san Ísiltír, bhíodar sásta dul inti chun an tír a fheiscint.
Thugas, áfach, cuairt uirthi agus mé ní b'óige, ach in ainneoin sin bhíos tógtha leis an smaoineamh chomh maith. Ba é ba chúis leis sin ná go raibh an t-uafás feicthe agam ar líne fé dhearadh chathracha na hÍsiltíre agus é á moladh go hard na spéire.

Cé nach raibh díomá orm fé dhearadh Maastricht, an baile ar thugamar cuairt air, is minic a bhímse ag smaoineamh ar an oiread san spéise a bhí agamsa, agus atá ag neart daoine óga comhaosta liom, sna bealaí a dheartar ár dtimpeallachtaí uirbeacha, anso in Éirinn agus thar sáile araon.
Is léir go bhfuil fás mór suntasach ar spéis dhaoine óga i gcúrsaí uirbeachais nuair a chaitear súil ar an oiread san ábhair a cuireadh ar na meáin shóisialta a bhaineann leis.
Ós rud é go mbíonn an t-ábhar so i mBéarla, díríonn sé ar dhearadh chathracha Mheiriceá Thuaidh go háirithe, agus an easpa measa agus airde a thugtar do choisithe agus dóibh siúd atá ag baint úsáide as iompar poiblí.

Cheapfá ón méid san go bhfuil slua maith daoine óga i Meiriceá, a bhfuil cónaí orthu i mbruachbhailte na tíre, atá ag samhlú spásanna eile dóibh fhéin. Is minic a tharraingíonn an plé so comparáidí idir cúrsaí mar atá i Meiriceá Thuaidh agus cúrsaí mar atá siad ar thaobh so an Atlantaigh.
Canathaobh, áfach, a bhfuil an tsuim mhór san ag na daoine san in ábahr a bhfuil cliú agus cáil bainte amach aige mar ábhar leadránach? Is minic a bhaintear cúrsaí mar so le díograiseoirí nó le saoithíní, ach is léir gur sháraigh an t-uirbeachas ar líne na teorainneacha san agus gur shroich sé lucht féachana níos leithne ná a bhí aige riamh.
Físeán de chuid Jason Slaughter fén uirbeachas.
Is dócha gur fhás an t-uirbeachas ar líne le linn na paindéime agus daoinne sáinnithe ina dtithe. Ag an am san, ba mhinic a samhlaíodh an domhan mar a bheidh sé nuair a bheidh an phaindéim thart, agus ba bhealach chun é so a dhéanamh é an t-uirbeachas.
Cuir i gcás, tháinig rath ar an gcainéal ar YouTube darb ainm Not Just Bikes le linn an tréimhse san, agus breis is milliún sintiúsóirí faighte aige. Is é an duine atá taobh thiar de ná Ceanadach darb ainm Jason Slaughter a bhog ó Cheanada go dtí an Ísiltír lena chlann mar dhuine fásta, agus is é ceann des na fáthanna a léiríonn sé ná nach mian leis go bhfásfaidh a pháistí aníos sa timpeallacht fho-uirbeach chéanna inar tógadh é.
Scéal as Prime Time i 1986 fé athnuachan na cathrach i mBleá Cliath.
Níl ann ach cás amháin, agus tá tionscadal tinteáin tógtha acu agus iad ag labhairt le lucht féachana sách mór fé dhearadh cathracha. Is minic a ghlactar leis an Ísiltír mar eiseamláir, ach faigheann lucht an uirbeachais so ionsparáid ó gach cúinne na hEorpa, agus áiteanna eile a bhfuil dea-chleachtadh uirbeachais iontu.
Ina gcuid fhíseán a mbíonn lucht féachana mór bailithe acu, déantar cur síos ar dhearadh bhailte mar so agus na modhanna s'acusan chun spás poiblí níos fáiltiúla agus níos sábháilte a chruthú do choisithe agus dóibh siúd a bhíonn ag úsáid iompair phoiblí. I mbeagán focal, dóibh siud gan gluaisteán.

Tugtar rud eile fé ndeara agus na tráchtaireachtaí fés na físeáin á léamh agat, bíonn an lucht féachana ag cur an mhéid atá á fhoghlaim acu ós na físeán i bhfeidhm sa dearcadh s’acu ar a gceantair áitiúla. Ní eisceacht mé, ar ndóigh.
Tugaim sonraí dhearadh na cathrach fé ndeara agus mé ag spaisteoireacht timpeall Bhaile Átha Cliath, agus bhí an rud ceannann céanna á dhéanamh agam agus mé i Maastricht lem’ chairde le linn ár dturais ann.
Is cosúil go mbíonn daoine ag breathnú ar a dtimpeallacht le cúram, agus go bhfuil súil acu go ndearfar í le cúram chomh maith, go háirithe mar a bhaineann sí le daoine atá á húsáid nach mbeadh i ngluaisteán.

Is léir gur tháinig an dream so as an bpaindéim agus an meon acu go gcaithfear spásanna poiblí a fheabhsú, ionas go gcruthófar spás pobail, agus is minic a labhraítear fén 'tríú spás’ i gcomhráite fé so.
Is é an chéad spás do theach, an dara spás d’áit oibre, agus is é an tríú spás áit a dtéann daoine isteach ann go nádúrtha chun dul i dteagmháil leis an bpobal.
Nuair a míníodh an coincheap so, is minic a dhéantar tagairt don theach tábhairne i sráidbhaile tuaithe tráth mar shampla tríú spáis, ach is féidir spás mar so a chruthú in áit ar bith, fad is go mothaíonn daoine séimh sábháilte ann, agus gur féidir teacht air go héasca.
Agus daoine ag labhairt fé ‘phaindéim an uaignis’, an ábhar ionaidh é go mbíonn daoine óga ag ceistiú dhearadh a timpeallachtaí tógtha?
Dá smaoineofaí nach mbíonn na spásanna poiblí atá ann i láthair na huaire fáiltiúil go leor, go n-iarann siad ar dhaoine teacht agus imeacht ina ngluaisteáin go tapa gan labhairt le daoine eile, agus go gcuireann siad srian le hábaltacht daoine fíorphobal a thógaint iontu, an ábhair iontas go mbíonn siad ag iarraidh scaoileadh saor ón dtimpeallacht s’acusan?
Bíonn áiteanna ann, cinnte, ach níl spásanna ann, dar leo, agus is dócha gur aimsíodar pobal a inseoidh dóibh conas tinteáin phoiblí a thógaint.