Is go smior na gcnámh a ghearrann Bring Them Down, scéal fén dochar a dhéanann an bhród nimhní don ghaol idir chomharsan. Rural thriller about land, livestock and poisonous pride cuts to the bone in Christopher Andrews' Bring Them Down.
Is cinnte go bhfuilimid ag maireachtáil i ré órga scannánaíochta in Éirinn faoi láthair agus an oiread sin bainte amach ag scannánóirí agus aisteoirí Éireannacha le blianta beaga anuas.
An scannán is déanaí atá ag iarraidh teacht sna sála ar leithéidí 'An Cailín Ciúin', 'Banshees of Inisherin' agus 'KNEECAP', is é an scéinséir nua, 'Bring Them Down'.

[Pic: Patrick Redmond]
Feiceann muid an t-aisteoir Éireannach Barry Keoghan (Saltburn, Banshees of Inisherin) agus an Meiriceánach Christopher Abbott (Poor Things, Possessor) sna príomh róil sa scannán seo atá suite in Iarthar na hÉireann agus a leanann scéal achrainn idir dhá theaghlach feirmeoireachta.
Cé nach luaitear go díreach cén ceantar atá i gceist sa scannán, tugtar leideanna anseo agus ansiúd go bhféadfadh Conamara nó tuaithe Mhaigh Eo a bheith i gceist agus níl dabht ach go n-imríonn iargúltacht agus fiántas an tsuímh tionchar mór ar an bplota.
Is minic a fheiceann muid meon na hiargúltachta ag dul i bhfeidhm ar chinntí agus ar iompar na gcarachtar, mar ab ionann iad a bheith scoite amach ón saol mór, agus iad a bheith scoite amach ó ghnáth rialacha an tsaoil.
Tá luas aisteach sa scannán seo, nach bhfeilfidh do lucht an lagmhisnigh. Tumann an scríbhneoir agus stiúrthóir Christopher Andrews muid díreach isteach san aicsean ón tús, agus léiriú á fháil ag an lucht féachana ar chor cinniúnach i scéal Mikey (Abbott) agus é ina fhear óg, a mbeidh impleachtaí fad saoil aige air.

Ní thagann moill ar bith ar an scéal ón bpointe sin amach ach an oiread, nuair a bhogtar ar aghaidh chuig na blianta ina dhiaidh sin, tráth a bhfeiceann muid Mikey ag tabhairt aire dá athair (Colm Meaney) atá ag dul in aois, agus ag faire i ndiaidh an tréada caorach. Saol ciúin, uaigneach, tuaithe a bhíonn aige is cosúil, go dtí an lá a gcuirtear in iúl dó gur básaíodh dhá reithe dá chuid ar thalamh na gcomharsan - bréag a chuirfidh tús le sraith imeachtaí tubaisteacha a fhágfaidh dhá theaghlach an scéil in ísle brí, agus a chuirfidh an lucht féachana ar chorr na cathaoireach.
Tá an foréigean agus an fhearúlacht nimhe fite fuaite trí Bring Them Down ó thús go deireadh, iad á léiriú go láidir agus go gránna i radharcanna a chuirfeadh casadh sa bholg in amanna - go háirithe i dtús an scannáin nuair nach eol don lucht féachana an méid a chuir tús leis an bhforéigean sa chéad lá.

Más aisteach a sciobtha agus a théann cúrsaí in olcas mar a fheiceann muid an scéal ó dhearcadh Mikey ar dtús, déantar ciall den uafás de réir a chéile mar a fhaightear an dara léargas ar imeachtaí ó dhearcadh Jack (Keoghan).
Pléitear leis an bhfearúlacht nimhe go cleasach i scéalta na bhfear. Bíonn sí ag croílár gach cinneadh sa scéal mar a bheadh galar gránna á chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin; gan ar chumas na bhfear a gcuid mothúchán a phróiseáil ná a phlé agus iad ag dul i muinín an fhoréigin dá bharr.
Cainteoirí dúchais iad roinnt de na carachtair sa scéal agus is fiú suntas a thabhairt do dhea-úsáid na Gaeilge sa scannán. Tá moladh ag dul don Mheiriceánach Christopher Abbott ach go háirithe, a láimhseáil an teanga go cumasach tríd an scannán ina ról siúd agus moladh mór ag dul do chomhairleoirí teanga an scannáin, Peadar Cox agus Diarmuid de Faoite, dá bharr.

Scíth níor lig mé feadh 105 nóiméad an scannáin, agus toisc mé a bheith i ngreim chomh mór ag an uafás lena linn, ní fhéadfainn a rá go macánta gur bhain mé taitneamh as.
Mar sin féin, níl dabht ach gur saothar cumasach é Bring Them Down a thugann léiriú ilghnéitheach don lucht féachana ar mheabhairshláinte na bhfear, ar an tionchar ar féidir leis an easpa cumarsáide a imirt ar shaol na ndaoine, agus ar an tábhacht a bhaineann le dea-chaidreamh a chothú leis na comharsana.
Más ar thóir síochána atá tú, fan amach ón scannán seo. Ach má tá ábhar machnaimh uait, is cinnte nach gclisfidh Bring Them Down ort.
Beidh Bring Them Down sna pictiúrlanna ón 7 Feabhra 2025.