skip to main content

Mná na Mara: Éachtaí, Nuálaíocht, agus Oidhreacht Mhuirí

Eolaí Mara i mbun taighde ar bhord loinge san fharraige.
Eolaí Mara i mbun taighde ar bhord loinge san fharraige.

Agus Bandia agus Naomh Bríde á cheiliúradh le déanaí is mithid cuimhneamh ar na laochra agus gaiscigh mná atá thart orainn inniu féin. Cuí go maith, tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil an ceiliúradh 'Mná na Mara' sa Ghaillimh in ómós cuid acu.

Tiocfaidh príomhghuthanna earnáil mhuirí na hÉireann le chéile ag an ócáid seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar rannchuidiú na mban leis an tionscal muirí, nascanna a chothú agus inspioráid a thabhairt don chéad ghlúin eile de cheannairí.

Údarás na Gaeltachta is hosting 'Mná na Mara' on February 13th, 2025 at the Connemara Coast Hotel, County Galway. Key voices from Ireland's maritime sector will come together at this event to celebrate women's contribution to the marine industry, foster connections, and inspire the next generation of leaders.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le duine de na laochra ban seo, Clíona Mhic Giolla Chuda, Bainisteoir Meitheal Trá na Rinne agus duine atá ag treabhadh ghort an chladaigh i mbun feirmeoireachta oisrigh le blianta fada.

Cén saghas scileanna atá ag teastáil feirm oisrí a chothú?

"Tá réimse leathan scileanna de dhíth chun aon ghnó a thosnú gan dabht, ach is dócha gurb é an teacht aniar (resilience) an ceann is tábhachtaí acu."

"Táim ag gabhail de fheirmeoireach oisrí le breis is 30 bliain anois agus ní haon bhréag a rá go bhfuilimid go léir fós ag foghlaim agus ag forbairt scileanna nua gach uile bliain."

Clíona Mhic Giolla Chuda.

"Tá scileanna gnó agus margaíochta i gceist - is í an Fhrainc an cuistiméir is mó faoi láthair ach thar na blianta táimid tar éis díol leis an tSín, Hong Kong, Malaysia agus go leor tíortha eile."

"Tá scileanna feirmeoireachta le foghlaim - is ainmhí beo iad oisrí, a bhíonn fós beo agus iad á gcuir chun siúil dtí na margaí. Cad iad na cúinsí a chuireann isteach orthu, nó a thacaíonn leo? Cad é an t-am is fearr den mbliain chun oisrí óga a thabhairt i leith ó na gorlanna sa bhFrainc agus míle is a haon rud eile."

"Ansin tá rialacha ag baint le ceadúnaisí agus an páipéarachas a bhaineann le táirge a dhíol thar lear, deontaisí agus go leor scileanna oifige agus cuntaisíochta eile."

"Ach sin go léir ráite, má tá suim ag aoinne dul ag feirmeoireacht oisrí, ní ceart a bheith buartha faoi na scileanna seo go léir a fhorbairt - tarlaíonn sé go nádúrtha thar tréimhse ama, ach do aigne a bheith oscailte agus fonn foghlamtha a bheith ort i gcónaí."

Conas a ndéanfá cur síos ar an ghaol atá agat leis an bhfarraige?

"Sin ceist deacair le freagairt. Bhí grá agam i gcónaí riamh don bhfarraige agus do tháirge na farraige."

"Nuair a fhásann tú aníos cois farraige is dócha nach dtuigeann tú i gceart cé chomh doimhin is atá an ghaol sin. Glacann tú leis an bhfarraige mar chuid nádúrtha den saol, ach má bhogann tú intíre is ansin a bhraithfidh tú uait an fharraige!"

Amuigh ar an dtráigh - ó chlé: Michael Burke, páirtnéir sa ghnó le Clíona, Mike Burke Jnr, í féin agus Kian Louet, oisreoir ó Chairlinn, Co. Lú.

"Is breá liom cónaí cois farraige, glór na dtonn, obair leis an bhfarraige, boladh na farraige, na héanlaithe farraige a thagann agus a imíonn le casadh na séasúir, na taoidí atá ag síor athrú i dtiún le cúrsa na gealaí - is dócha go bhfuil an fharraige sa bhfuil agam!

"Nuair a fuaireas seans ar cheadúnas agus mo fheirm oisrí féin a bhunu i 1993 ghlac mé leis an seans sin go fonnmhar."

3 chomlacht Éireannach, muid féin san áireamh, ag seastán Bord Bia ag an SEG (Seafood Export Global) i mBarcelona i 2022.

"Tá mé sáite ann ó shoin, roinnt blianta ag feidhmiú im' aonair, cé go bhfuaireas an chabhair ó oisreoirí eile, agus ansin mar chuid de Bia Mara (Déise) Teorannta ó 1998 ar aghaidh."

"Táim le blianta fada ag feidhmiú mar bhainisteoir i Mheitheal Trá na Rinne Teo. chomh maith, comhlacht a bunaíodh chun serbhísí oifige, treallamh grádála 7rl., seirbhísí margaíochta agus díolacháin a sholáthair do oisreoirí chuan Dhún Garbháin."

Ar dhuine eile de na laochra mná seo tá Avril Ní Shearcaigh, atá chun tosaigh ar fhorbairt fuinneamh pobail mar Bhainisteoir ar Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann Teoranta, nó an Aran Islands Energy Co-Op, ó 2018 i leith.

Céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe í le B.A. sa Chumarsáid, tiománann sí nuálaíochtaí chun réitigh fuinnimh inathnuaite a fhorbairt do phobal Oileáin Árann.

Avril Ní Shearcaigh.

Mar sin ceanglaíonn a saineolas chumarsáide lena taithí bainistíochta ar fhuinneamh inathnuaite pobal-bhunaithe, a léiríonn an nasc riachtanach idir rannpháirtíochta áitiúil agus forbairt inmharthanna i bpobail oileánda na hÉireann.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Avril Ní Shearcaigh ag caint ar Iris Aniar RTÉ Raidió na Gaeltachta anuraidh.

Beidh go leor eile páirteach ag an ócáid, Mairéad Ní Cheóinín san áireamh, a tógadh i gConamara, áit ar fhoghlaim sí go leor fé thriadisiúin na seoltóireachta agus ag a raibh baint baint ag muintir a h-athair, Seán M.O’Ceóinín, leis na bád mhóra a sheol idir Fíodhnais, Carna agus Gaillimh agus ina dhiaidh sin a bhí ag plé le cúrsaí iascaireachta i gConamara agus Cuan na Gaillimhe.

Chaith Mairéad blianta na meánscoilíochta ag Scoil Phobal Mhic Dara agus 'chuile samhradh bhúodh sí ag gealta na mbád Mhóra, lá Mhic Dara í Carna, Cloch na Ron, Cinn Mhara agus féilte bliantúla sna hOilean agus Cuigeal go rialta. Idir an an Ardteist agus an Ollscoil, fuair sí deis páirt a ghlacadh mar dhuine de chriú an Asgard II sa rás cáiliúil Cutty Sark i San Malo.

An Asgard II i 1983, nuair a bhí sé fós in úsáid le mairnéalaigh a thraenáil.

Roghnaigh Mairéad céim i gcúrsaí Tráchtála agus Loingseoireachta in Ollscoil Cardiff. Tar eis céim a bhaint amach, thosnaigh sí ag obair i Londain in oifig an Port Authority of New York & New Jersey.

Lean sí uirthi i gcúrsaí ghnótha, margaíochta, meáin cumarsáide agus polasaithe a bhain le earnáil tráchtála na mara.

Bhí sí ag obair in Éirinn san Irish Maritime Development Office, i Londain do cheann de na chomhlachtaí árachais mara is sine as domhain agus do charthanacht sean-bhunaithe idirnáisiúnta, an Marine Society Sea Cadets, comhlacht a spreagann daoine óga chun eolas a chur ar sheoltóireacht agus tabhairt faoi an mhairnéalacht mar slí bheatha.

Chaith Mairéad tréimhse leis an nuachtán is cáiliúla sa domhain atá dirithe ar chursai eacnamaíochta, dlí agus longseoireachta, "Tradewinds", í mbun cúrsaí fógraíochta.

Mairéad Ní Cheóinín.

Faoi láthair tá Mairéad mar bhall neamhspleach ar Bhord Calafort Átha Cliath. Roimhe sin, bhí sí ag obair mar saineolaí í bpolasaithe agus dlí an International Maritime Organization do thoscaireacht náisiúnta san IMO i Londain. Tá suim ag Mairéad í gcúrsaí cultúrtha agus ceapadh í mar bhall de TG4, dualgas a mhar 10 mbliain.

Mná na Mara

Roinnfidh an príomhchainteoir, Marie Gleeson, Nav Mar Leadership, léargais óna gairm bheatha shuntasach a chuimsíonn seirbhís chabhlaigh, fuinneamh in-athnuaite, agus comhairleacht mhuirí.

Díreoidh an fóram ar thrí sheisiún painéil dhinimiciúla: Ceannaireacht agus Forbairt Ghairme san Earnáil Mhuirí; Oideachas agus Taighde: Ag Múnlú Todhchaí na dTionscal Muirí; agus Pobail agus Cultúr Cois Cósta: Oidhreacht Mhuirí agus Nuálaíocht sa Ghaeltacht.

I measc na gcainteoirí mór le rá beidh Laura Brien, Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin, Mara; Caroline Bocquel, Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin, Bord Iascaigh Mhara;, an Dr Orla Flynn, Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Evelyn O'Toole, Complete Laboratory Solutions, agus pearsana eile ón tionscal, ón saol acadúil agus ó phobail chósta.

Pléifear téamaí tábhachtacha lena n-áirítear bainistíocht inbhuanaithe aigéin, fiontraíocht gheilleagair ghoirm, agus comhtháthú eolais mhuirí thraidisiúnta le cleachtais nua-aimseartha.

Mná na Mara, 13ú Feabhra 2025, 9r.n. - 3i.n., Óstán Chósta Chonamara, Gaillimh

CLÁRAIGH ANSEO: Mná na Mara