skip to main content

Garmhac Dev Insealbhaithe ina Uachtarán ar Oireachtais 2025

Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2025, Éamon Ó Cuív, ag searmanas speisialta i dTeach an Ardmhéara, Sráid Dhásain, BÁC 2, Dé Máirt, 28 Eanáir 2025.

Téann ceangal Uí Chuív le hOireachtas na Gaeilge siar tríd na glúnta. D'fhóin sé ar Choistí agus ar Fhochoistí de chuid Oireachtas na Gaeilge ag tús na 1970óidí, ag leanúint ar aghaidh le traidisiún a shinsir, muintir Uí Chuív agus de Valera, a raibh dlúthbhaint araon acu leis an Oireachtas ó thús an chéid seo caite, iad féin ag fónamh ar choistí éagsúla, ag glacadh páirt in imeachtaí an Oireachtais agus ag bailiú duaiseanna litríochta go tréan.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Is mar Theachta Dála agus mar abhcóide ar son chearta sibhialta, chearta teanga agus chearta daonna is mó aithne ar Ó Cuív. Baile Átha Cliathach ó dhúchas agus céimí de chuid Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, chuaigh sé leis an bpolaitíocht tar éis dó bogadh go Dúiche Sheoigheach i nGaeltacht Chonamara, an áit ar thóg sé féin agus a chéile, Áine Ní Choincheanainn, iníon agus triúr mac.

"Tá scéal pearsanta Éamon Uí Chuív fite fuaite le scéal an Oireachtais, scéal na Gaeilge agus, go deimhin, le stair na hÉireann", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. "Tá a rian fágtha aige ar an reachtaíocht agus ar na polasaithe Rialtais is suntasaí agus is tábhachtaí ó thaobh chosaint chearta phobail éagsúla faoi mhíbhuntáiste le linn a chuid blianta sa Dáil agus sa Seanad. Gníomhaí paiseanta agus fíor-phointeáilte é ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta; ar son an chultúir agus na n-ealaíon; agus ar son chearta an duine i ngach uile réimse den saol. Táimid ag tnúth le hoibriú leis i gcaitheamh na bliana agus guím gach uile rath ar a thréimhse Uachtaránachta ar an Oireachtas."

Chaith Éamon Ó Cuív tréimhsí ina Aire in Ranna Stáit éagsúla, ina measc, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta agus an Roinn Coimirce Sóisialaí. Bhí sé ina leascheannaire ar Fhianna Fáil sa tréimhse 2011-2012. Aithnítear go speisialta a thiomantas d’fhorbairt phobal na tuaithe agus na n-oileán, do lucht na hiascaireachta agus feirmeoirí beaga agus do phobail i dTuaisceart Éireann ar an dá thaobh den deighilt pholaitiúil d’fhonn síocháin agus athmhuintearas a chothú.

Tar éis tríocha dó bliain a chaitheamh mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar agus trí bliana roimhe sin ina Sheanadóir, chinn Ó Cuív éirí as an bpolaitíocht nuair a tháinig deireadh leis an Rialtas deireanach in 2024. Chuir sé tús lena théarma oifige tráthnóna nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin air.

Oireachtas na Gaeilge 2025

Eagraíonn an tOireachtas príomhfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, go bliantúil a chuimsíonn comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sna taibhealaíona Gaeilge mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsaíochta, spóirt agus dioscúrsa. Is í seo an fhéile ealaíne náisiúnta Gaeilge is sine agus is mó tinreamh sa tír.

Beidh féile na bliana seo ar siúl i mBéal Feirste, ó 29 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2025.